Alfa-mheath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alfa-mheath

Is éard atá i gceist leis an alfa-mheath ná próiseas meata radaighníomhaigh nádúrtha ina ndianscaoileann núicléas ina núicléas níos éadroime is ina alfa-cháithnín, a astaítear. Fórsa núicléach láidir taobh thiar de. Sampla is ea luaidhe-210 (219Pb), a mheathann le leathré 21 bhliain trí alfa-mheath.[1]

Is ionann an t-alfa-cháithnín agus núicléas an iseatóip is coitianta dá bhfuil ag an héiliam, is é sin, héiliam a ceathair nó 4He. Tagann an t-alfa-mheath go tipiciúil ar núiclídí atá trom nó réasúnta trom. Is é beirilliam a hocht an eisceacht mhór, nó is dual dó sórt scoilteadh nó eamhnú a dhéanamh ionas go bhfaightear dhá alfa-cháithnín.

Is dual don alfa-cháithnín fuinneamh réasúnta íseal a bheith aige agus é ag imeacht as an núicléas. Le firinne bíonn an t-alfa-fhuinneamh chomh híseal is nach leor é, de réir na fisice clasaicí, an fórsa núicléach a chealú. Mar sin féin fágann an t-alfa-cháithnín an núicléas. Is gnách tollánú a thabhairt ar an bpróiseas seo: shílfeá go bhfuil an núicléas timpeallaithe ag balla (an fórsa núicléach) agus an t-alfa-cháithnín ag gearradh tolláin tríd. Ní féidir an tollánú a mhíniú gan dul i dtuilleamaí na teoirice candamaí. Is éard a deir an teoiric chandamach gur féidir an damhna a fheiceáil mar thonn (déachas na toinne is an cháithnín). Níl mórán tábhachta leis an tuiscint ar leibhéal na réad mór, ach ar mhion-mhicrileibhéal na gcáithníní cosúil leis an alfa-cháithnín, is féidir glacadh leis an gcáithnín mar thonn, agus ansin, tá dóchúlacht áirithe ann go rachaidh an tonn seo trí bhalla an fhuinnimh phoitéinsiúil. Nuair a bheidh an balla taobh thiar den cháithnín, cuirfidh an fórsa éarthach leictreach luas faoin alfa-cháithnín (éarann an núicléas agus an t-alfa-cháithnín a chéile, ó tá lucht leictreach deimhneach ag an mbeirt acu mar núicléis, agus éarann na luchtanna leictreacha den chineál chéanna a chéile).

Chomh híseal is a bhíonn na halfa-fhuinnimh, ní bhíonn mórán dainséir sna núiclídí alfa-ghníomhacha don duine a fhad is a fhanann siad taobh amuigh den bheothach, nó is leor duilleog pháipéir féin leis an alfa-radaíocht a stopadh. Ábhar ailse atá iontu taobh istigh den cholainn, áfach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Alfa-mheath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 31.