Albany, Nua-Eabhrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAlbany, Nua-Eabhrac
Albany (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósSéamas II agus VII Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 42°39′N 73°46′W / 42.65°N 73.77°W / 42.65; -73.77
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
County of New York (en) AistrighContae Albany, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán99,224 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,746.48 hab./km²
Líon na dteaghlach41,614 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighCapital District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCapital District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla56.813795 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce2.4971 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Hudson Cuir in eagar ar Wikidata
Airde115 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1686
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Albany, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar WikidataKathy Sheehan (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist12201–12212, 12214, 12220, 12222–12232, 12201, 12203, 12206, 12208, 12212, 12224, 12228 agus 12232 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód518 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinalbanyny.gov Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: AlbanyCityHall Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathair Stát Nua-Eabhrac i SAM is ea Albany, suite 150 míle slí (240 km) ó thuaidh de Chathair Nua-Eabhrac ar an mbruach thiar den Abhainn Hudson. Bhí 93,539 duine ina gcónaí in Albany sa bhliain 2008 de réir meastachán Bhiúro an Daonáirimh, a mheas freisin (2009) go raibh 857,592 duine ina gcónaí sa cheantar uirbeach ar fad. Ceantar an Phríomhbhaile ("Capital District") a thugtar ar Albany in éineacht le roinnt cathracha atá ina aice, dála Troy agus Schenectady.

Chuir na chéad Eorpaigh fúthu san áit a bhfuil Albany anois sa bhliain 1614, sular bunaíodh Nua-Amstardam (Cathair Nua-Eabhrac inniu). Tá Albany ar na bailte is sine de chuid lonnaíochtaí na 13 coilíneacht i Meireacá. Na hOllannaigh a bhunaigh Albany mar ionad trádála leis na hIndiaigh Mheireacánacha, ag cur Dúnfort Nassau ar bun sa bhliain chéanna úd agus Dúnfort Oráiste sa bhliain 1624. Spreag trádáil na bhfionnadh fás daonra timpeall Dúnfort Oráiste; Beverwijck a tugadh ar an tsráidbhaile seo. Nuair a ghabh na Briotanaigh an baile sa bhliain 1664, bhaist siad as an nua é in onóir Diúc Albany (Séamas III, Rí na nAlbanach ní ba dhéanaí). As "Albain" a tháinig an t-ainm "Albany".

Bunaíodh Albany san áit ina bhfuil sí mar níorbh fhéidir seoladh i mbád ar an Hudson mórán níos faide ná sin isteach sa tír. Thugadh na hIndiaigh a gcuid seithí ainmhithe go hAlbany agus cuireadh na seithí ar bord longa ansin don turas fada go dtí an Eoraip. D’éirigh suíomh Albany ní ba thábhachtaí go fóill de réir mar a tógadh canálacha agus iarnróid a cheangail an chathair le háiteanna níos faide anonn in aghaidh an lae. Le hoscailt an Chanáil Erie, bhí feirmeoirí i Meániarthar Mheiriceá ábalta a gcuid cruithneachta a chur, bealach Albany, chuig margaí i gCathair Nua-Eabhrac agus in áiteanna eile in oirthuaisceart na tíre. Cuireadh beoir, adhmad, foilseacháin, agus earraí iarainn chuig an saol mór tríd Albany chomh maith.

Bronnadh cairt chathrach ar Albany sa bhliain 1686 agus rinneadh príomhchathair an stáit di sa bhliain 1797. San fhichiú haois, osclaíodh ceann de na chéad aerfoirt ar domhan in Albany. Tháinig athrach mór ar chuma na cathrach sna 1960idí i ndiaidh tógáil an Empire State Plaza agus campas de chuid SUNY, Ollscoil Stát Nua-Eabhrac. Ba faoi stiúradh an Ghobharnóir Nelson Rockefeller a tharla an chuid ba mhó den fhorbairt seo. Bhunaigh William Kennedy, scríbhneoir, a chuid ficsin ar shaol mhuintir Albany.