Aire rialtais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aire Rialtais)
Aire, Georgia 

Is aire rialtais é polaiteoir, de ghnáth, atá i mbun Ranna Stáit.[1]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar tagairt i mBunreacht na hÉireann do ról na n-airí agus leagtar amach na freagrachtaí mar chuid den Rialtas. Déantar tagairt in Airteagal 28.12 d'Airí mar “i mbun” Ranna Stáit[2]ː

Is de réir dlí a rialófar na nithe seo a leanas .i. Ranna Stáit a chomheagrú agus gnó a roinnt orthu, comhaltaí den Rialtas a cheapadh chun bheith ina nAirí i mbun na Ranna sin, na feidhmeanna a bhaineas le hoifig chomhalta den Rialtas a chomhlíonadh le linn an comhalta sin a bheith tamall as láthair nó ar míthreoir, agus tuarastal comhaltaí an Rialtais.[3]

Déantar foráil in Airteagal 28.4.2 gur go léir le chéile a bheidh an Rialtas freagrach as na Ranna Stáit a “riartar” ag comhaltaí an Rialtais.

I gcomhúdarás a thiocfaidh an Rialtas le chéile agus a ghníomhóid, agus táid go léir le chéile freagrach sna Ranna Stáit a riartar ag comhaltaí an Rialtais.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  2. "An Taoiseach" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  3. electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2020-09-27.