Aigéad nítreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAigéad nítreach

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach62.995643 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólsubstaint phléascach agus aigéad láidir
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachHNO₃
SMILES canónta
Model 2D
[N+](=O)(O)[O-]
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.5 g/cm³ (a 77 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhéifeacht athraonta1.397 Cuir in eagar ar Wikidata
PKa−1.64 Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach2.17 D
Pointe leáite−42 °C
−41.6 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe83 °C (a 760 Torr)
83 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach2.17 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe−174.1 kJ/mol
Eantalpacht mólarach de ghalú39.1 kJ/mol
Galbhrú48 mmHg (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Meánteorainn nochta ualaithe ama5 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Short-term exposure limit (en) Aistrigh10 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte64.5 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é an t-aigéad nítreach a úsáidtear go fairsing forleathan sa tsaotharlann agus sna gléasraí tionsclaíochta ceimiceacha. Substaint dhainséarach atá ann a dhéanann dochar d'fhíocháin an choirp agus a fhágann cneácha doimhne ina diaidh.

Leacht gan dath é an t-aigéad nítreach glan, agus é 1.52 g/cm3 ar dlús. Is é an fiuchphointe atá aige ná 83 °C. Tá sé de chlaonadh san aigéad glan dianscaoileadh (titim as a chéile) go huisce agus ocsaídí nítrigine, go háirithe má fhágtar faoi thionchar an tsolais nó má théitear go fiuchphointe é. De ghnáth, tagann dath buí san aigéad nítreach glan de réir a chéile agus é ag déanamh dé-ocsaíd nítrigine faoi thionchar an tsolais. Bíonn ocsaídí nítrigine ag éirí as an aigéad glan freisin, agus sin é an tuige go dtugtar "múchaigéad nítreach" air uaireanta. Mar sin, bíonn sé níos praiticiúla go minic an t-aigéad nítreach a choinneáil ar stóras mar mheascán aiseotrópach uisce a bhfuil 68 % aigéad nítreach ann. Tugtar aigéad nítreach tiubhaithe ar an aiseotróp seo.

Is féidir aigéad nítreach agus uisce a mheascadh i ngach coibhneas, agus bíonn salainn an aigéid seo - na níotráití - iontach sothuaslagtha san uisce chomh maith. Mar shampla, bíonn na salainn airgid dothuaslagtha san uisce go minic, ach tá an níotráit airgid iontach sothuaslagtha. Ocsaídeoirí láidre iad na níotráití chomh maith leis an aigéad féin, agus mar sin, is féidir ábhar pléasctha (púdar gunna) a dhéanamh trí níotráit, sulfar agus carbón a mheilt agus a mheascadh. Maidir leis an níotráit amóiniam NH4NO3, is ábhar tábhachtach leasacháin (leasú talún) é, ach san am chéanna, is féidir úsáid a bhaint as mar ábhar pléasctha freisin.

Tugtar sailpítir ar na níotráití chomh maith, go háirithe na cinn a úsáidtear mar leasacháin san fheirmeoireacht, ar nós sailpítear na Sile (nó sailpítear Pheiriú), arb ionann é agus an níotráit sóidiam; an sailpítear sa chiall chúng, nó an níotráit photaisiam, agus sailpítear na hIorua, is é sin, an níotráit chailciam.