Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Aerfort Bhaile Átha Cliath
  • IATA: DUB
  • OACI: EIDW

Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Dublin Airport
(ga) Aerfort Bhaile Átha Cliath
Ainmnithe in ómósBaile Átha Cliath
Sonraí
CineálAerfort idirnáisiúnta, aerfort agus aeradróm tráchta tráchtála
Foirgníocht1940 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1940 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Airde os cionn na farraige242 ft
Rúidbhealach
Ábhar foirgníochta
10/282,637 m45 masfalt
16/342,072 m61 masfalt
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinFine Gall, Éire
Map
 53°25′17″N 6°16′12″W / 53.4214°N 6.27°W / 53.4214; -6.27
Le cuidDublin Airport South Gates (en) Aistrigh
Dublin Airport Terminal 1 (en) Aistrigh
Dublin Airport Pier 1 (en) Aistrigh
Dublin Airport Pier 3 (en) Aistrigh
Dublin Airport Terminal 2 (en) Aistrigh
Dublin Airport Pier 2 (en) Aistrigh
Dublin Airport Pier 4 (en) Aistrigh
Dublin Airport Gates 332-335 (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
ÚinéirRialtais na hÉireann
OibreoirÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
Facebook: dublinairport Twitter: DublinAirport Instagram: dublinairport Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Aerfort Bhaile Átha Cliath an t-aerfort is mó in Éirinn. Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Dublin Airport Authority nó an DAA) i bhfeighil ar an aerfort.

Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite 10km ó thuaidh ó Chathair Bhaile Átha Cliath i mBaile Chóilín, Fine Gall, agus 71m os cionn leibhéal na farraige.

I 2018, chuaigh níos mó ná 31.5 milliún paisinéirí tríd an aerfort, rud a fhágann gurb é an 13ú haerfort is gnóthaí san Eoraip. Is é Aerfort Baile Átha Cliath an ceanncheathrú le Aer Lingus, Ryanair, ASL Éireannach, agus CityJet.[1]

Aerfort Bhaile Átha Cliath
Aer Lingus DC-3, c. 1950
Airbus A320 de chuid Aer Lingus ag tuirlingt san aerfort
Airbus A320 de chuid Aer Lingus
Eitleáin Boeing 737-800 de chuid Ryanair

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1990idí, moladh tríú críochfort a thógáil ag an aerfort. Sa bhliain 2024, bhí an t-Údarás ag feitheamh ar bhreith ón gComhairle Contae faoin bplean a bhí curtha isteach acu.[2]

Le taobh an aerfoirt tá an talamh atá beartaithe don bhonneagar ar an margadh gan díol le fada. Thairg Údarás an Aerfoirt €75 milliún ar an suíomh 260 acra sa bhliain 2023, ach bhí na húinéirí - muintir McEvaddy - ag lorg a thrí oiread. Bhí plean leis an gcríochfort a thógáil curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae Fhine Gall in 2024 ag Des agus Ulick McEvaddy. Ach tá an t-Údarás ag díriú ar a bplean féin.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1939: Thosaigh breathnadóireachtaí sionoptacha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath[3].
  • 19 Eanáir 1940: D'oscail go hoifigiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath ag 9:00am. Rinneadh an chéad eitilt tráchtála don chéad uair riamh ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go Learpholl (Aer Lingus Lockheed 14).
  • 1941: D'oscail an Teirminéil nua, ar a dtugtar anois an OCTB (Old Central Terminal Building nó an Sean-Lároifig Theirminéil). Is foirgneamh liostaithe é seo. Ba é Desmond Fitzgerald, deartháir an Iar-Thaoisigh Garret Fitzgerald, a dhear é.
  • 1942 Bhog an Oifig Meitéareolaíochta óna sheancheathrú, áit a raibh aonad ospidéil de chuid an RAF le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, go dtí Lároifig an Teirminéil nua. Tá an Oifig Meitéareolaíochta ann go fóill.
  • 1943: Faoi dheireadh 1943, bhí an oifig réamhaisnéise ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag soláthar seirbhíse le heitiltí thras-chainéil agus bhain sé an freagracht as na seirbhíse don Aerchór agus d’Óglaigh na hÉireann ó Fhaing (Foynes).
  • 19 Samhain 2010. D'oscail an dara críochfort. D'oscail an taoiseach, Brian Cowen, é.
  • 24 Lúnasa 2022: Osclaíodh rúidbhealach nua ar taobh thuaidh an aerfoirt. Athraíodh ainm an rúidbhealaigh 10/28 go 10R/28L agus tugadh an t-ainm 10L/28R ar an gceann nua. Tá fad 3,100 méadar ar an rúidbhealach seo, níos faide ná na cinn eile.

Aerlínte agus cinn scríbe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir eitilt ó Bhaile Átha Cliath chuig an chuid is mó de phríomhaerfoirt na hEorpa, chomh maith le príomhaerfoirt Mheiriceá Thuaidh agus an Mheánoirthir.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. André Orban (2024-01-09). "CityJet marks 30 years: from Dublin-London Inception to a Pan-European aviation force" (en-GB). Aviation24.be. Dáta rochtana: 2024-04-06.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-04-04). "An-imní go háitiúil faoin 3ú críochfort ag Aerfort BÁC" (as ga-IE). 
  3. "met.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-03-08. Dáta rochtana: 2016-10-19.