Aeraidinimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é rud is aeraidinimic ann: eolaíocht i dtaobh na bhfrithfhórsaí dinimicúla a bhíonn idir réad na gluaisne agus an t-aer mórthimpeall air sin. Is é rud is mó a bhíonn i dtreis ag lucht aeraidinimice: gluaisne feithiclí iompartha; iarracht ar laghdú ar na frithfhórsaí a chuireann leis an gcomhéifeacht cúltarraingthe; agus laghdú ar an méid breosla a bhíonn siad a chaitheamh. Maidir le hárthaí ag gluaiseacht ar an uisce de, is í an hídridinimic a thugtar ar an eolaíocht choibhéiseach an uair sin.