Crith talún Háítí (2010)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún Háítí
Íomhá
Map
 18°27′05″N 72°26′43″W / 18.45139°N 72.44519°W / 18.45139; -72.44519
CineálCrith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana12 Eanáir 2010 (16:53, 21:53. UTC−05:00) Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama30 s Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhArrondissement Port-au-Prince, Háítí Cuir in eagar ar Wikidata
TírHáítí Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint)7.15 Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Richter)7 Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach10 km Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ± 230,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe250,000 Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla crith talún i Léogâne, Háítí ar an 12 Eanáir 2010. Fuair b'fhéidir 45,000-170,000 duine bás[1][2] (220-350k de réir an Rialtais ag an am). Ní raibh an crith talún ach 7.0 ar scála Richter áfach. Rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar agus do gheilleagar na tíre dá bharr.[3]

Médecins Sans Frontières ag bailiú airgid do Háítí i mBÁC 2010

Ráiteas finné[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Erzulia Danus sochar as clár Concern agus tacaíocht ó Chúnamh Éireann.

Deir Erzulia[4]:

Maraíodh an tÉireannach Andrew Grene in Haiti sa bhliain 2010
Cúnamh ó GOAL, 2010

“Bhíomar inár gcónaí in Port-au-Prince nuair a bhuail an crith talún – bhí m’earraí á ndíol agam san aonach ar an 12 Eanáir agus bhrath mé na creathanna. Bhí mé den tuairim nach leanfadh sé ach tráth, ach thosaigh na creathanna ag éirí níos déine is níosdéine. Ar díol agam bhíodh ola,sicín agus rís, ach tá sin go léir caillte agam anois. Níor thit mo theach go hiomlán, ach tá sé dainséarach filleadh air, agus mar sin ní féidir linn cónaí ann a thuilleadh. Tar éis an chreatha talún,cosúil leis an iliomad teaghlach eile, bhuaileamar bóthar ag triall ar Primature áit a bhfuil spás oscailte. D’fhanamar ansin go dtí 19 Aibreán agus fuaireamar an deis teacht anseo agus puball a fháil. Téann m’fhear céile amach ag lorg oibre. Uaireanta faigheann sé obair agus tuilleann sé roinnt airgid, ach ní bhíonn ár ndóthain airgid againn riamh".

Cúnamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Haiti Disaster Collection, sráid Dame, BÁC 2010

Thug Éire an-chuid tacaíochta do Háítí ó tharla an crith talún[5], Le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, bhí gníomhaireachtaí ag obair leosan ar imigh crith talún Háítí i bhfeidhm orthu ionas go mbeidís in ann uisce, fothain agus sláintíocht a sholáthar, agus tacú le tionscadail chun cuidiú leis na grúpaí is leochailí, leanaí san áireamh[6].

Cúnamh ó GOAL, 2010 in Canape Vert

Bhí carthanachtaí Éireannacha ag tabhairt tacaíochta ag an am, chun cabhrú leis na daoine tar éis na tubaiste nádúrtha seo. Is é a chonaic siad ar dtús ná cíor thuathail. Bhí €23.9 milliún san iomlán tugtha ag Éire chun cistiú daonnúil agus ciste forbartha don fhadtréimhse a chur ar fáil do Háítí. Chomh maith leis sin, cuireadh naoi nduine dhéag ón gCór Mearfhreagartha atá a riar ag Cúnamh Éireann chuig Háítí chun cabhair a thabhairt i réimsí amhail loighistic, innealtóireacht agus uisce agus sláintíocht.

Inniu tá Scéim Scoláireachta ainmnithe in onóir Andrew Grene, an t-oibrí Éireannach de chuid na Náisiúin Aontaithe a bhásaigh i mí Eanáir 2010 (scéim chun tacú le mic léinn PhD a bhíonn i mbun staidéir ar thaighde ar réiteach coinbhleachta agus cothú na síochána).[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Casualties of the 2010 Haiti earthquake" (as en) (2021-09-17). Wikipedia. 
  2. "Report challenges Haiti earthquake death toll" (en-GB). BBC News (2011-06-01). Dáta rochtana: 2021-07-08.
  3. Nuacht RTÉ (2021-07-07). "Uachtarán Háítí Jovenel Moïse feallmharaithe ina áras cónaithe" (as ga). 
  4. dfa.ie. "Scéal Erzulia". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2019-01-12.
  5. dfa.ie (2016). "Cistiú daonnúil breise €1.5 milliún fógartha ag an Aire Flanagan agus Aire McHugh i gcomhair Háíti". Dáta rochtana: 2019.
  6. DFA (2011). "Cúnamh Éireann". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2019-01-12.
  7. "Réiteach Coinbhleachta - Department of Foreign Affairs and Trade". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2019-01-12.