An difríocht idir athruithe ar: "Cumann Peile na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 30: Líne 30:


=== Bunú an Chumainn Peile na hÉireann ===
=== Bunú an Chumainn Peile na hÉireann ===
[[Íomhá:Republic of Ireland Football Team.jpg|mion|Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann]]
Imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann agus bainistíodh peil i m[[Béal Feirste]] fadó.<ref name=":32">{{Lua idirlín|url=https://www.fai.ie/domestic/news/fai-history-the-early-years|teideal=FAI History: The Early Years {{!}} Football Association of Ireland|work=www.fai.ie|dátarochtana=2021-03-16}}</ref> Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Sacair na h[[Éire|Éireann]] (Béarla: IFA) sa bhliain 1880.<ref name=":32" /> Bunaíodh an Cumann Peile [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliatha]] sa bhliain 1883.<ref name=":32" /> Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh Cumann Peile [[Cúige Laighean|Laighean]] sa bhliain 1892.<ref name=":32" />
Imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann agus bainistíodh peil i m[[Béal Feirste]] fadó.<ref name=":32">{{Lua idirlín|url=https://www.fai.ie/domestic/news/fai-history-the-early-years|teideal=FAI History: The Early Years {{!}} Football Association of Ireland|work=www.fai.ie|dátarochtana=2021-03-16}}</ref> Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Sacair na h[[Éire|Éireann]] (Béarla: IFA) sa bhliain 1880.<ref name=":32" /> Bunaíodh an Cumann Peile [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliatha]] sa bhliain 1883.<ref name=":32" /> Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh Cumann Peile [[Cúige Laighean|Laighean]] sa bhliain 1892.<ref name=":32" />



Leagan ó 20:46, 23 Márta 2021

Teimpléad:Bosca Sonraí Eagraíochta Is é Cumann Peile na hÉireann (Football Association of Ireland as Béarla nó FAI) an eagraíocht a rialaíonn peile i bPoblacht na hÉireann. Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i mBéal Feirste agus na clubanna sacair i Saorstát Éireann i 1921. Ba é John Delaney príomhoifigeach feidhmiúcháin an Chumann Peile na hÉireann ó 2004 go 2019.[1]

Sacar

peil (nó sacar) ar cheann de na spóirt is sine ar domhan.[2] Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile.[2]cúl báire amháin ann.[2] De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe.[3] Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche.[2] Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche.[2] Tá réiteoir amháin beirt agus maor líne i ngach cluiche.[2] Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag.[2] De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.[2]

Scóráil

Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil.[2] Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne.[2] Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile.[2] De bharr seo faigheann siad trí phointe.[4] Má thagann deireadh leis an gcluiche agus scóráil an dá fhoireann an líon céanna cúil, faigheann an dá fhoireann pointe amháin.[4] Mura bhfuil aon cúil scóráilte sa chluiche ní fhaigheann siad aon phointí.[4]

Rialacha peile

  • Cic pionóis - Tugtar pionós nuair a tharlaíonn imirt fhealltach nó liathróid láimhe taobh istigh den bhosca.[5]
  • Cic cúinne - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an fhoireann atá ag cosaintan liathróid thar an líne chúil.[5] Faigheann an fhoireann eile seans scór ó chiceáil na liathróide ó choirnéal na páirce.[5]
  • Cic amach - Thosaíonn an cúl báire an liathróid ó líontán an chúl báire.[5]
  • Caitheamh isteach - Nuair a thosaíonn foireann an liathróid thar teorainn, faigheann an fhoireann eile an liathróid a chaitheamh isteach.[5]

Stair an Chumainn

Bunú an Chumainn Peile na hÉireann

Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann

Imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann agus bainistíodh peil i mBéal Feirste fadó.[6] Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) sa bhliain 1880.[6] Bunaíodh an Cumann Peile Bhaile Átha Cliatha sa bhliain 1883.[6] Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh Cumann Peile Laighean sa bhliain 1892.[6]

Ní raibh clubanna atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann sásta leis an mbainistíocht mar cheap siad go raibh an bhainistíocht i bhfabhar imreoirí ó thuaisceart na hÉireann.[6] Ag an am seo bhí náisiúnachas Éireannach tábhachtach agus tharla Éirí Amach na Cásca.[6] Mar thoradh thosaigh clubanna i ndeisceart na hÉireann ag éileamh níos mó ó chumann peile na hÉireann. Bhí díomá le feiceáil nuair a d’fhág trí chlub léig na hÉireann.[6] D'fhág club peile Bóithéimeach (Béarla: Bohemians), club peile St James Gate agus club peile Shíol Bhroin (Béarla: Shelbourne)[7] an tsraithchomórtas na hÉireann.[6] Ach d’imir siad i gcomórtais coirn.[6] D'imir foireann Shíol Bhroin i gcoinne fhoireann Bhéal Feirste i gcoirn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1921.[6] Cluiche cothrom a bhí ann agus shocraigh IFA go ndéanfaí an cluiche a athimirt i mBéal Feirste arís.[6] Dhiúltaigh an fhoireann Shíol Bhroin imirt i mBéal Feirste toisc go raibh siad ag iarraidh an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath.[6] Shocraigh siad gan an cluiche a imirt arís agus chili siad an cluiche.[6] Tharla cruinniú ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mheitheamh 1921 toisc nach raibh Cumann Peile Laighean agus Cumann Peile Mumhan sásta eis an mbainistíocht i mBéal Feirste lena gcinneadh faoin an cluiche a imirt arís i mBéal Feirst.[6] Ag an gcruinniú seo scar clubanna i mBéal Feirste agus clubanna sa phoblacht toisc nach raibh siad in ann ceart a bhaint dá chéile agus bunaíodh Cumann Peile na hÉireann. Tá na sé chontae is fiche de phoblacht na hÉireann faoi údarás Cumann Peile na hÉireann. [6] Bunaíodh an eagraíocht seo chun cluiche peile in Éirinn a fheabhsú, a fhorbairt agus a spreagadh.[8] Cosnaíonn an eagraíocht seo na baill agus an cluiche peile ó mhí-úsáid.[8]

Tharla cruinniú ar siúl i halla Theach Laighean i mBaile Átha Cliath. Ag an gcruinniú seo bunaíodh sraith na hÉireann.[6] Ba iad an fhoireann St James Gate an chéad fhoireann a bhuaigh an comórtas seo.[6] Ar dtús bhí go leor deacrachtaí ag an eagraíocht tiosc nár grúpa peile aitheanta iad in Éirinn agus mar thoradh air sin ní raibh siad in ann imirt i gcluichí idirnáisiúnta.[6] Sa bhliain 1923 chuir fifa fáilte roimh chumann peile na hÉireann mar bhaill oifigiúla.[6] Sa bhliain 1926 thosaigh Éire ag glacadh páirte i gcluichí agus i gcomórtais idirnáisiúnta. D’imir Éire an Iodáil dá gcéad chluiche idirnáisiúnta.[6] Tharla an cluiche seo i gcathair san Iodáil agus chaill Éire an cluiche seo.[6] Toisc go raibh dhá chumann peile in Éirinn bhí go leor mearbhaill ann maidir le cluichí idirnáisiúnta.[6] Bhí conspóid ann mar chreid Cumann Sacair na hÉireann nach bhféadfadh Cumann Peile na hÉireann ach imreoirí as poblacht na hÉireann a roghnú le himirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[6] Ach phioc Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) imreoirí ó phoblacht na hÉireann agus tuaisceart na hÉireann chun imirt ina gcluichí idirnáisiúnt.[6] Mar thoradh air sin d’imir go leor imreoirí i gcluichí idirnáisiúnta d’fhoireann IFA agus d’fhoireann FAI araon.[6]

Imríodh an chéad chluiche baile in Éirinn i mí Aibreán sa bhliain 1927.[6] Bhí suas le 20,000 ag an gcluiche i staid Bóthar Lansdún.[6] D’imir Éire i gcoinne an Bheilg agus bhuaigh siad a gcéad chluiche sa bhliain 1928.[6]

Comhairle agus bord Chumann Peile na hÉireann

I measc chomhlachtaí comhairleacha Chumann Peile na hÉireann tá:

  • Comhairle Chumann Peile na hÉireann.[9] - Tagann an páirtí le chéile chun uachtarán nua agus baill nua coiste a thoghadh. Déanann siad na cinntí laethúla, na cinntí stiúrthóra agus na cinntí tábhachtacha.[9]
  • An Coiste Chumann Peile na hÉireann.[9]
  • An Fhoireann Riaracháin Chumann Peile na hÉireann.[9]
  • An Bord Bainistíochta.[9] Is é Gerry McAnaney Uachtarán an Chumainn agus is é Paul Cooke Iar-Uachtarán an chumainn.[9] Tá siad ar an mbord bainistíochta. [9]

An bord stiúrthóirí bainistíochta:

  • Robert Watt.[9]
  • Roy Barrett.[9]
  • Liz Joyce.[9]
  • Catherine Guy.[9]

Comhaltaí tofa den bhord eatramhach

  • Tá Dick Shakespeare agus Martin Hegarty ar an mbord eatramach agus tá siad i gceannas ar chomórtais Náisiúnta na hÉireann.[9]
  • Tá Ursula Scully ar an mbord eatramhach agus tá sí i gceannas ar shraith buachaillí scoile agus cailíní scoile. [9]
  • Tá Joe O'Brien ar an mbord eatramhach agus tá sé i gceannas ar ghrúpaí eile a bhfuil baint acu le Cumann Peile na hÉireann.[9]
  • Tá Dave Moran agus John Finnegan ar an mbord eatramhach agus tá siad i gceannas ar pheil do dhaoine fásta amaitéaracha.[9]

An bhainistíocht shinsearach

Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann

Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann
Staid Aviva

Tá an lógó 'Ireland' scríofa ar an suaitheantas. [11] Tá dathanna an chlub (glas, bán agus oráiste) agus liathróid le feiceáil ar an suaitheantas freisin.[11] Cuireadh an seamróg san áireamh i sean suaitheantais Chumann Peile na hÉireann. [12]

Ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann

Bhí an seancheanncheathrú lonnaithe ag 80 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[13] D'aistrigh an eagraíocht seo a cheanncheathrú sa bhliain 2007.[13] Tá an cheanncheathrú nua lonnaithe san ionad spóirt náisiúnta i mBaile an Aba.[13]

Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann

Bunaíodh Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann sa bhliain 2015.[14] Tá sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt.[14] Tá cúig pháirc peile agus páirc uile-aimsire amháin ann.[14]

Staid pheile

Páirc Cnocán Uí Dhálaigh

D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh [15] ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhlian 1924.[16] Bhuaigh siad an cluiche. D’imir an fhoireann Poblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair.[16] Thosaigh an fhoireann Pobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh ró-bheag.[16] Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhlian 1990.[16]

Staid Bóthar Lansdún

Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872.[17] Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath.[17] Bhí áit sa staid do 49,000 duine.[18] Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900.[17] D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann i gcoinne Sasana.[17] Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid.[18] Ba é an tinreamh peile ba mhó. [18] Leagadh an staid sa bhlian 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit. [18]

Páirc an Chrócaigh

D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil.[19]Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhlian 2007.[19] D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa. [19]

Staid Aviva

Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[20] Is staid idirnáisiúnta spóirt é.[20]Tá áit sa staid do 51,700 duine.[20] Imríonn foireann peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.[20] Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.[20] Imríodh an chéad cluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe.[21] Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín. [21]

Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann

Geansaí Peile FAI

Is é Seamus Coleman captaen na foirne. [22] Tá seacht n-imreoir is fiche ag fhoireann Sacair Phoblacht na hÉireann. [23]

Comórtais

Comórtais idirnáisiúnta

  • Craobhchomórtais na hEorpa - Is comórtas idirnáisiúnta peile é. Imríonn baill d’Aontas na gCumann Peile Eorpach nó UEFA sa chomórtas seo.[24] Bhí Craobhchomórtais na hEorpa ar siúl den chéad uair sa bhliain 1960.[24] Tosaíonn cáiliú don chomórtas seo dhá bhliain sula mbeidh an cluiche ceannais ar siúl. [24]
  • Corn Sacair an Domhain - Is é an comórtais is mó a bhfuil tóir air sa domhan iomlán.[25] Bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl den chéad air sa bhliain 1930.[25] Bhunaigh an Comórtas Idirnáisiúnta Sacair an comortais seo.[25] Tarlaíonn sé gach ceithre bliana. Imríonn tríocha a dó foireann sa chomórtas seo. [25] Díbríodh Éire sna babhtaí ceathrú ceannais ach bhain Éire go furasta.[26]

Comórtais peile sinsir

Comórtas idirmheánach

  • Corn idirmheánach FAI. [32]
  • Corn idirmheánach FAI na mban.[33]

Tagairtí

  1. "Delaney signs on". Extratime.ie. Dáta rochtana: 2010-07-13. (en)
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 "Football Rules: How To Play Football/Soccer | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  3. Megan Garcia. "Positions in Soccer and Their Roles" (en). HowTheyPlay - Sports. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  4. 4.0 4.1 4.2 Ben. "A Goal in Soccer: What It Is, the Rules, and It’s Worth" (en-us). Your Soccer Home. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 "Soccer: Rules and Regulations". www.ducksters.com. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  6. 6.00 6.01 6.02 6.03 6.04 6.05 6.06 6.07 6.08 6.09 6.10 6.11 6.12 6.13 6.14 6.15 6.16 6.17 6.18 6.19 6.20 6.21 6.22 6.23 6.24 6.25 6.26 6.27 "FAI History: The Early Years | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  7. "Lána Shíol Bhroin/Shelbourne Lane" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-17.
  8. 8.0 8.1 "Benefacts". search.benefacts.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  9. 9.00 9.01 9.02 9.03 9.04 9.05 9.06 9.07 9.08 9.09 9.10 9.11 9.12 9.13 9.14 "FAI Board and Council | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 10.5 10.6 10.7 10.8 "Senior Leadership Team | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  11. 11.0 11.1 "The top 10 classic football crests that need to make a comeback" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  12. "Football Association of Ireland" (en). Logopedia. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  13. 13.0 13.1 13.2 "FAI Headquarters | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  14. 14.0 14.1 14.2 "FAI National Training Centre | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  15. "Cnocán Uí Dhálaigh/Dalymount" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 "Dalymount Park : Dalyer : Republic of Ireland's First Football Ground : Home of Irish Soccer : Ireland's Record at Dalymount". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  17. 17.0 17.1 17.2 17.3 "Lansdowne Road: From old to new". Dublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  18. 18.0 18.1 18.2 18.3 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  19. 19.0 19.1 19.2 "First Floodlit & Rugby Game, 125th Year anniversary - Croke Park". crokepark.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 20.4 "The Aviva Stadium Dublin" (en). O'Callaghan Collection. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  21. 21.0 21.1 21.2 21.3 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  22. "Seamus Coleman | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  23. "Players | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  24. 24.0 24.1 24.2 "European Championship | History, Winners, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  25. 25.0 25.1 25.2 25.3 "World Cup | History & Winners" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  26. "Ireland At The World Cup - DoDublin Bus Tours" (en). dodublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  27. "SSE AIRTRICITY LEAGUE INFORMATION". Dáta rochtana: 2021-03-19.
  28. 28.0 28.1 "Extra.ie FAI Senior Cup | Football Association of Ireland" (en). www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  29. "Womens National League - Women's National League". wnl.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  30. "EA SPORTS Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  31. "FAI Women's Senior Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  32. "FAI Intermediate Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  33. "FAI Intermediate Cup (Wmns) | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.

Naisc sheachtracha