An difríocht idir athruithe ar: "Cumann Peile na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 11: Líne 11:
|foirmiú= 1921
|foirmiú= 1921
|suíomh= https://www.fai.ie/ireland}}
|suíomh= https://www.fai.ie/ireland}}
[[Íomhá:FAI green door.jpg|deas|200px|thumb|Iar-ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]].]]
Is é '''Cumann Peile na hÉireann''' (''Football Association of Ireland'' as Béarla nó '''FAI''') an eagraíocht a rialaíonn [[sacar|peile]] i [[Poblacht na hÉireann|bPoblacht na hÉireann]]. Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]] agus na clubanna sacair i [[Saorstát Éireann]] i [[1921]]. Ba é [[John Delaney]] [[príomhoifigeach feidhmiúcháin]] an Chumann Peile na hÉireann ó [[2004]] go [[2019]].<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.extratime.ie/newsdesk/articles/3849/|teideal=Delaney signs on|dátarochtana=2010-07-13|foilsitheoir=Extratime.ie}} {{en}}</ref>
Is é '''Cumann Peile na hÉireann''' (''Football Association of Ireland'' as Béarla nó '''FAI''') an eagraíocht a rialaíonn [[sacar|peile]] i [[Poblacht na hÉireann|bPoblacht na hÉireann]]. Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]] agus na clubanna sacair i [[Saorstát Éireann]] i [[1921]]. Ba é [[John Delaney]] [[príomhoifigeach feidhmiúcháin]] an Chumann Peile na hÉireann ó [[2004]] go [[2019]].<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.extratime.ie/newsdesk/articles/3849/|teideal=Delaney signs on|dátarochtana=2010-07-13|foilsitheoir=Extratime.ie}} {{en}}</ref>



Leagan ó 17:46, 23 Márta 2021

Teimpléad:Bosca Sonraí Eagraíochta Is é Cumann Peile na hÉireann (Football Association of Ireland as Béarla nó FAI) an eagraíocht a rialaíonn peile i bPoblacht na hÉireann. Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i mBéal Feirste agus na clubanna sacair i Saorstát Éireann i 1921. Ba é John Delaney príomhoifigeach feidhmiúcháin an Chumann Peile na hÉireann ó 2004 go 2019.[1]

Sacar

peil (nó sacar) ar cheann de na spóirt is sine ar domhan.[2] Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile.[2]cúl báire amháin ann.[2] De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe.[3] Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche.[2] Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche.[2] Tá réiteoir amháin beirt agus maor líne i ngach cluiche.[2] Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag.[2] De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.[2]

Scóráil

Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil.[2] Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne.[2] Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile.[2] De bharr seo faigheann siad trí phointe.[4] Má thagann deireadh leis an gcluiche agus scóráil an dá fhoireann an líon céanna cúil, faigheann an dá fhoireann pointe amháin.[4] Mura bhfuil aon cúil scóráilte sa chluiche ní fhaigheann siad aon phointí.[4]

Stair an Chumainn

Bunú an Chumainn Peile na hÉireann

Imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann agus bainistíodh peil i mBéal Feirste fadó.[5] Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1880.[5] Bunaíodh an Cumann Peile Bhaile Átha Cliatha sa bhliain 1883.[5] Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh Cumann Peile Laighean sa bhliain 1892.[5]

Ní raibh clubanna atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann sásta leis an mbainistíocht mar cheap siad go raibh an bhainistíocht i bhfabhar imreoirí ó thuaisceart na hÉireann.[5] Ag an am seo bhí náisiúnachas Éireannach tábhachtach agus tharla Éirí Amach na Cásca.[5] Mar thoradh thosaigh clubanna i ndeisceart na hÉireann ag éileamh níos mó ó chumann peile na hÉireann. Bhí díomá le feiceáil nuair a d’fhág trí chlub léig na hÉireann.[5] D'fhág club peile Bóithéimeach (Béarla: Bohemians), club peile St James Gate agus club peile Shíol Bhroin (Béarla: Shelbourne)[6] an tsraithchomórtas na hÉireann.[5] Ach d’imir siad i gcomórtais coirn.[5] D'imir foireann Shíol Bhroin i gcoinne fhoireann Bhéal Feirste i gcoirn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1921.[5] Cluiche cothrom a bhí ann agus shocraigh IFA go ndéanfaí an cluiche a athimirt i mBéal Feirste arís.[5] Dhiúltaigh an fhoireann Shíol Bhroin imirt i mBéal Feirste toisc go raibh siad ag iarraidh an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath.[5] Shocraigh siad gan an cluiche a imirt arís agus chili siad an cluiche.[5] Tharla cruinniú ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mheitheamh 1921 toisc nach raibh Cumann Peile Laighean agus Cumann Peile Mumhan sásta eis an mbainistíocht i mBéal Feirste lena gcinneadh faoin an cluiche a imirt arís i mBéal Feirst.[5] Ag an gcruinniú seo scar clubanna i mBéal Feirste agus clubanna sa phoblacht toisc nach raibh siad in ann ceart a bhaint dá chéile agus bunaíodh Cumann Peile na hÉireann. Tá na sé chontae is fiche de phoblacht na hÉireann faoi údarás Cumann Peile na hÉireann. [5] Bunaíodh an eagraíocht seo chun cluiche peile in Éirinn a fheabhsú, a fhorbairt agus a spreagadh.[7] Cosnaíonn an eagraíocht seo na baill agus an cluiche peile ó mhí-úsáid.[7]

Tharla cruinniú ar siúl i halla Theach Laighean i mBaile Átha Cliath. Ag an gcruinniú seo bunaíodh sraith na hÉireann.[5] Ba iad an fhoireann St James Gate an chéad fhoireann a bhuaigh an comórtas seo.[5] Ar dtús bhí go leor deacrachtaí ag an eagraíocht tiosc nár grúpa peile aitheanta iad in Éirinn agus mar thoradh air sin ní raibh siad in ann imirt i gcluichí idirnáisiúnta.[5] Sa bhliain 1923 chuir fifa fáilte roimh chumann peile na hÉireann mar bhaill oifigiúla.[5] Sa bhliain 1926 thosaigh Éire ag glacadh páirte i gcluichí agus i gcomórtais idirnáisiúnta. D’imir Éire an Iodáil dá gcéad chluiche idirnáisiúnta.[5] Tharla an cluiche seo i gcathair san Iodáil agus chaill Éire an cluiche seo.[5] Toisc go raibh dhá chumann peile in Éirinn bhí go leor mearbhaill ann maidir le cluichí idirnáisiúnta.[5] Bhí conspóid ann mar chreid an IFA i mBéal Feirste nach bhféadfadh an FAI ach imreoirí as poblacht na hÉireann a roghnú le himirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[5] Ach phioc an IFA imreoirí ó phoblacht na hÉireann agus tuaisceart na hÉireann chun imirt ina gcluichí idirnáisiúnt.[5] Mar thoradh air sin d’imir go leor imreoirí i gcluichí idirnáisiúnta d’fhoireann IFA agus d’fhoireann FAI araon.[5]

Imríodh an chéad chluiche baile in Éirinn i mí Aibreán sa bhliain 1927.[5] Bhí suas le 20,000 ag an gcluiche i staid Bóthar Lansdún.[5] D’imir Éire i gcoinne an Bheilg agus bhuaigh siad a gcéad chluiche sa bhliain 1928.[5]

Comhairle agus bord Chumann Peile na hÉireann

I measc chomhlachtaí comhairleacha Chumann Peile na hÉireann tá:

  • Comhairle Chumann Peile na hÉireann.[8] - Tagann an páirtí le chéile chun uachtarán nua agus baill nua coiste a thoghadh. Déanann siad na cinntí laethúla, na cinntí stiúrthóra agus na cinntí tábhachtacha.[8]
  • An Coiste Chumann Peile na hÉireann.[8]
  • An Fhoireann Riaracháin Chumann Peile na hÉireann.[8]
  • An Bord Bainistíochta.[8] Is é Gerry McAnaney Uachtarán an Chumainn agus is é Paul Cooke Iar-Uachtarán an chumainn.[8] Tá siad ar an mbord bainistíochta. [8]

An bord stiúrthóirí bainistíochta:

  • Robert Watt. [8]
  • Roy Barrett.[8]
  • Liz Joyce.[8]
  • Catherine Guy.[8]

Comhaltaí tofa den bhord eatramhach

  • Is iad Dick Shakespeare agus Martin Hegarty baill tofa agus tá siad i gceannas ar chomórtais Náisiúnta na hÉireann.[8]
  • Is í Ursula Scully an ball tofa den tsraith buachaillí scoile agus cailíní scoile. [8]
  • Is é Joe O'Brien an ball tofa.[8] Tá sé i gceannas ar ghrúpaí eile a bhfuil baint acu le Cumann Peile na hÉireann.[8]
  • Is iad Dave Moran agus John Finnegan ball tofa atá i gceannas ar pheil do dhaoine fásta amaitéaracha.[8]

An bhainistíocht shinsearach

Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann

Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann

Tá an lógó 'Ireland' scríofa ar an suaitheantas. [10] Tá dathanna an chlub (glas, bán agus oráiste) agus liathróid le feiceáil ar an suaitheantas freisin.[10] Cuireadh an seamróg san áireamh i sean suaitheantais Chumann Peile na hÉireann. [11]

Ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann

Bhí an seancheanncheathrú lonnaithe ag 80 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[12] D'aistrigh an eagraíocht seo a cheanncheathrú sa bhliain 2007.[12] Tá an cheanncheathrú nua lonnaithe san ionad spóirt náisiúnta i mBaile an Aba. [12]

Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann

Bunaíodh Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann sa bhliain 2015.[13] Tá sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt.[13] Tá cúig pháirc peile agus páirc uile-aimsire amháin ann.[13]

Staid pheile

Páirc Cnocán Uí Dhálaigh

D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh [14] ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhlian 1924.[15] Bhuaigh siad an cluiche. D’imir an fhoireann Poblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair.[15] Thosaigh an fhoireann Pobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh ró-bheag.[15] Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhlian 1990.[15]

Staid Bóthar Lansdún

Staid Aviva

Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872.[16] Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath.[16] Bhí áit sa staid do 49,000 duine.[17] Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900.[16] D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann i gcoinne Sasana.[16] Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid.[17] Ba é an tinreamh peile ba mhó. [17] Leagadh an staid sa bhlian 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit. [17]

Páirc an Chrócaigh

D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil.[18]Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhlian 2007.[18] D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa. [18]

Staid Aviva

Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[19] Is staid idirnáisiúnta spóirt é.[19]Tá áit sa staid do 51,700 duine.[19] Imríonn foireann peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.[19] Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.[19] Imríodh an chéad cluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.[20] D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe.[20] Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010.[20] D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín. [20]

Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann

Geansaí Peile FAI

Is é Seamus Coleman captaen na foirne. [21] Tá seacht n-imreoir is fiche ag fhoireann Sacair Phoblacht na hÉireann. [22]

Comórtais

Comórtais idirnáisiúnta

  • Craobhchomórtais na hEorpa - Is comórtas idirnáisiúnta peile é. Imríonn baill d’Aontas na gCumann Peile Eorpach nó UEFA sa chomórtas seo.[23] Bhí Craobhchomórtais na hEorpa ar siúl den chéad uair sa bhliain 1960.[23] Tosaíonn cáiliú don chomórtas seo dhá bhliain sula mbeidh an cluiche ceannais ar siúl. [23]
  • Corn Sacair an Domhain - Is é an comórtais is mó a bhfuil tóir air sa domhan iomlán.[24] Bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl den chéad air sa bhliain 1930.[24] Bhunaigh an Comórtas Idirnáisiúnta Sacair an comortais seo.[24] Tarlaíonn sé gach ceithre bliana. Imríonn tríocha a dó foireann sa chomórtas seo. [24] Díbríodh Éire sna babhtaí ceathrú ceannais ach bhain Éire go furasta.[25]

Comórtais peile sinsir

Comórtas idirmheánach

  • Corn idirmheánach FAI. [31]
  • Corn idirmheánach FAI na mban.[32]

Tagairtí

  1. "Delaney signs on". Extratime.ie. Dáta rochtana: 2010-07-13. (en)
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 "Football Rules: How To Play Football/Soccer | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  3. Megan Garcia. "Positions in Soccer and Their Roles" (en). HowTheyPlay - Sports. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  4. 4.0 4.1 4.2 Ben. "A Goal in Soccer: What It Is, the Rules, and It’s Worth" (en-us). Your Soccer Home. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  5. 5.00 5.01 5.02 5.03 5.04 5.05 5.06 5.07 5.08 5.09 5.10 5.11 5.12 5.13 5.14 5.15 5.16 5.17 5.18 5.19 5.20 5.21 5.22 5.23 5.24 5.25 5.26 5.27 "FAI History: The Early Years | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  6. "Lána Shíol Bhroin/Shelbourne Lane" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-17.
  7. 7.0 7.1 "Benefacts". search.benefacts.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  8. 8.00 8.01 8.02 8.03 8.04 8.05 8.06 8.07 8.08 8.09 8.10 8.11 8.12 8.13 8.14 8.15 "FAI Board and Council | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 9.4 9.5 9.6 9.7 9.8 "Senior Leadership Team | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  10. 10.0 10.1 "The top 10 classic football crests that need to make a comeback" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  11. "Football Association of Ireland" (en). Logopedia. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  12. 12.0 12.1 12.2 "FAI Headquarters | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  13. 13.0 13.1 13.2 "FAI National Training Centre | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  14. "Cnocán Uí Dhálaigh/Dalymount" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 "Dalymount Park : Dalyer : Republic of Ireland's First Football Ground : Home of Irish Soccer : Ireland's Record at Dalymount". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 "Lansdowne Road: From old to new". Dublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  17. 17.0 17.1 17.2 17.3 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  18. 18.0 18.1 18.2 "First Floodlit & Rugby Game, 125th Year anniversary - Croke Park". crokepark.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  19. 19.0 19.1 19.2 19.3 19.4 "The Aviva Stadium Dublin" (en). O'Callaghan Collection. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  21. "Seamus Coleman | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  22. "Players | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  23. 23.0 23.1 23.2 "European Championship | History, Winners, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 "World Cup | History & Winners" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  25. "Ireland At The World Cup - DoDublin Bus Tours" (en). dodublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  26. "SSE AIRTRICITY LEAGUE INFORMATION". Dáta rochtana: 2021-03-19.
  27. 27.0 27.1 "Extra.ie FAI Senior Cup | Football Association of Ireland" (en). www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  28. "Womens National League - Women's National League". wnl.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  29. "EA SPORTS Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  30. "FAI Women's Senior Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  31. "FAI Intermediate Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  32. "FAI Intermediate Cup (Wmns) | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.

Naisc sheachtracha