An difríocht idir athruithe ar: "Cumann Peile na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 41: Líne 41:
Tógadh [[Staid Aviva]] sa bhliain 2010.<ref name=":4">{{Lua idirlín|url=https://www.ocallaghancollection.com/cities/things-to-do-in-dublin/aviva-stadium/|teideal=The Aviva Stadium Dublin|language=en|work=O'Callaghan Collection|dátarochtana=2021-03-18}}</ref> Is staid [[Idirnáisiúntas Sóisialach|idirnáisiúnta]] spóirt é.<ref name=":4" />Tá áit sa staid do 51,700 duine.<ref name=":4" /> Imríonn foireann peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.<ref name=":4" /> Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.<ref name=":4" /> Imríodh an chéad cluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.<ref name=":5">{{Lua idirlín|url=http://www.soccer-ireland.com/football-grounds/aviva-stadium.htm|teideal=Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches|work=www.soccer-ireland.com|dátarochtana=2021-03-18}}</ref> D'imir an fhoireann [[Manchester United|Manchain Aontaithe]] i gcoinne foireann [[Sraith UEFA na Seaimpíní 2017/2018|sraithe]].<ref name=":5" /> Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de [[An Lúnasa|Lúnasa]] sa bhliain [[2010]].<ref name=":5" /> D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann i gcoinne [[An Airgintín]]. <ref name=":5" />
Tógadh [[Staid Aviva]] sa bhliain 2010.<ref name=":4">{{Lua idirlín|url=https://www.ocallaghancollection.com/cities/things-to-do-in-dublin/aviva-stadium/|teideal=The Aviva Stadium Dublin|language=en|work=O'Callaghan Collection|dátarochtana=2021-03-18}}</ref> Is staid [[Idirnáisiúntas Sóisialach|idirnáisiúnta]] spóirt é.<ref name=":4" />Tá áit sa staid do 51,700 duine.<ref name=":4" /> Imríonn foireann peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.<ref name=":4" /> Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.<ref name=":4" /> Imríodh an chéad cluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.<ref name=":5">{{Lua idirlín|url=http://www.soccer-ireland.com/football-grounds/aviva-stadium.htm|teideal=Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches|work=www.soccer-ireland.com|dátarochtana=2021-03-18}}</ref> D'imir an fhoireann [[Manchester United|Manchain Aontaithe]] i gcoinne foireann [[Sraith UEFA na Seaimpíní 2017/2018|sraithe]].<ref name=":5" /> Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de [[An Lúnasa|Lúnasa]] sa bhliain [[2010]].<ref name=":5" /> D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann i gcoinne [[An Airgintín]]. <ref name=":5" />


== Foireann Poblacht na hÉireann ==
== Foireann Sacair Poblacht na hÉireann ==
== Comórtais ==
== Comórtais ==



Leagan ó 16:43, 18 Márta 2021

Teimpléad:Bosca Sonraí Eagraíochta

Iar-ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Is é Cumann Peile na hÉireann (Football Association of Ireland as Béarla nó FAI) an eagraíocht a rialaíonn peile i bPoblacht na hÉireann. Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i mBéal Feirste agus na clubanna sacair i Saorstát Éireann i 1921. Is é John Delaney príomhoifigeach feidhmiúcháin an Chumann Peile na hÉireann ó 2004.[1]

Cluiche peile

Príomhalt: Sacar

peil ar cheann de na spóirt is sine ar domhan.[2] Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile.[2]cúl báire amháin ann.[2] De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe.[3] Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche.[2] Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche.[2] Tá réiteoir amháin beirt agus maor líne i ngach cluiche.[2] Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag. De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.[2]

Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil.[2] Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne.[2] Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile.[2]

Stair an Chumainn

Bunú an Chumainn

Imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann agus bainistíodh peil i mBéal Feirste fadó.[4] Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1880.[4] Bunaíodh an Cumann Peile Bhaile Átha Cliatha sa bhliain 1883.[4] Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh Cumann Peile Laighean sa bhliain 1892.[4]

Ní raibh clubanna atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann sásta leis an mbainistíocht mar cheap siad go raibh an bhainistíocht i bhfabhar imreoirí ó thuaisceart na hÉireann.[4] Ag an am seo bhí náisiúnachas Éireannach tábhachtach agus tharla Éirí Amach na Cásca.[4] Mar thoradh thosaigh clubanna i ndeisceart na hÉireann ag éileamh níos mó ó chumann peile na hÉireann. Bhí díomá le feiceáil nuair a d’fhág trí chlub léig na hÉireann.[4] D'fhág club peile Bóithéimeach, club peile St James Gate agus club peile Shíol Bhroin [5] an tsraithchomórtas na hÉireann.[4] Ach d’imir siad i gcomórtais coirn.[4] D'imir foireann Shíol Bhroin i gcoinne fhoireann Bhéal Feirste i gcoirn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1921.[4] Cluiche cothrom a bhí ann agus shocraigh IFA go ndéanfaí an cluiche a athimirt i mBéal Feirste arís.[4] Dhiúltaigh an fhoireann Shíol Bhroin imirt i mBéal Feirste toisc go raibh siad ag iarraidh an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath.[4] Shocraigh siad gan an cluiche a imirt arís agus chili siad an cluiche.[4] Tharla cruinniú ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mheitheamh 1921 toisc nach raibh Cumann Peile Laighean agus Cumann Peile Mumhan sásta eis an mbainistíocht i mBéal Feirste lena gcinneadh faoin an cluiche a imirt arís i mBéal Feirst.[4] Ag an gcruinniú seo scar clubanna i mBéal Feirste agus clubanna sa phoblacht toisc nach raibh siad in ann ceart a bhaint dá chéile agus bunaíodh Cumann Peile na hÉireann. Tá na sé chontae is fiche de phoblacht na hÉireann faoi údarás Cumann Peile na hÉireann. [4]

Staid pheile

Páirc Cnocán Uí Dhálaigh

D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh [6] ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhlian 1924.[7] Bhuaigh siad an cluiche. D’imir an fhoireann Poblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair.[7] Thosaigh an fhoireann Pobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh ró-bheag.[7] Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhlian 1990.[7]

Staid Bóthar Lansdún

Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872.[8] Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath.[8] Bhí áit sa staid do 49,000 duine.[9] Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900.[8] D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann i gcoinne Sasana.[8] Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid.[9]Ba é an tinreamh peile ba mhó. [9] Leagadh an staid sa bhlian 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit. [9]

Páirc an Chrócaigh

D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil.[10]Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhlian 2007.[10] D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa. [10]

Staid Aviva

Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[11] Is staid idirnáisiúnta spóirt é.[11]Tá áit sa staid do 51,700 duine.[11] Imríonn foireann peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.[11] Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.[11] Imríodh an chéad cluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.[12] D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe.[12] Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010.[12] D'imir an fhoireann Poblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín. [12]

Foireann Sacair Poblacht na hÉireann

Comórtais

Comórtais Idirnáisiúnta

  • Craobhchomórtais na hEorpa - Is comórtas idirnáisiúnta peile é. Imríonn baill d’Aontas na gCumann Peile Eorpach nó UEFA sa chomórtas seo.[13] Bhí Craobhchomórtais na hEorpa ar siúl den chéad uair sa bhliain 1960.[13] Tosaíonn cáiliú don chomórtas seo dhá bhliain sula mbeidh an cluiche ceannais ar siúl. [13]
  • Corn Sacair an Domhain - Is é an comórtais is mó a bhfuil tóir air sa domhan iomlán.[14] Bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl den chéad air sa bhliain 1930.[14]Bhunaigh an Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair an comortais seo.[14] Tarlaíonn sé gach ceithre bliana. Imríonn tríocha a dó foireann sa chomórtas seo. [14] Díbríodh Éire sna babhtaí ceathrú ceannais ach bhain Éire go furasta.[15]

Lógó agus siombailí

Tagairtí

  1. "Delaney signs on". Extratime.ie. Dáta rochtana: 2010-07-13. (en)
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 "Football Rules: How To Play Football/Soccer | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  3. Megan Garcia. "Positions in Soccer and Their Roles" (en). HowTheyPlay - Sports. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 4.11 4.12 4.13 4.14 "FAI History: The Early Years | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  5. "Lána Shíol Bhroin/Shelbourne Lane" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-17.
  6. "Cnocán Uí Dhálaigh/Dalymount" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 "Dalymount Park : Dalyer : Republic of Ireland's First Football Ground : Home of Irish Soccer : Ireland's Record at Dalymount". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 "Lansdowne Road: From old to new". Dublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  10. 10.0 10.1 10.2 "First Floodlit & Rugby Game, 125th Year anniversary - Croke Park". crokepark.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  11. 11.0 11.1 11.2 11.3 11.4 "The Aviva Stadium Dublin" (en). O'Callaghan Collection. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  13. 13.0 13.1 13.2 "European Championship | History, Winners, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 "World Cup | History & Winners" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  15. "Ireland At The World Cup - DoDublin Bus Tours" (en). dodublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.

Ailt gaolmhara

Naisc sheachtracha