An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Pobalbhreitheanna: Cur cothrom le dáta
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Pobalbhreitheanna: Cur cothrom le dáta
Líne 10: Líne 10:


==Pobalbhreitheanna==
==Pobalbhreitheanna==
Ó tharla [[Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019|Olltogchán na Ríochta Aontaithe 2019]], is idir 2% agus 6% d'fhreagarthóirí thart na [[An Bhreatain|Breataine Móire]] ar fad a deir i bpobalbhreitheanna go vótálfaidís ar son an Pháirtí Glas (Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige nó Páirtí Glas na hAlban) dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.electionpolling.co.uk/polls/general-election|teideal=2022 General Election Polls - Election Polling|work=www.electionpolling.co.uk|dátarochtana=2019-02-23}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=http://ukpollingreport.co.uk/voting-intention-2|teideal=UK Polling Report|work=ukpollingreport.co.uk|dátarochtana=2018-10-20}}</ref>
Ó tharla [[Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019|Olltogchán na Ríochta Aontaithe 2019]], is idir 2% agus 8% d'fhreagarthóirí sa [[An Bhreatain|Bhreatain Mhór]] ar fad a deir i bpobalbhreitheanna go vótálfaidís ar son an Pháirtí Glas (Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige nó Páirtí Glas na hAlban) dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.electionpolling.co.uk/polls/general-election|teideal=2022 General Election Polls - Election Polling|work=www.electionpolling.co.uk|dátarochtana=2019-02-23}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=http://ukpollingreport.co.uk/voting-intention-2|teideal=UK Polling Report|work=ukpollingreport.co.uk|dátarochtana=2018-10-20}}</ref>


[[Íomhá:UK opinion polls.svg|mion|Meán gluaisteach 28-lá ag taispeáint torthaí na bpobalbhreitheanna. In nglas atá an Páirtí Glas.]]
[[Íomhá:UK opinion polls.svg|mion|Meán gluaisteach 28-lá ag taispeáint torthaí na bpobalbhreitheanna. In nglas atá an Páirtí Glas.]]

Leagan ó 23:03, 15 Márta 2021

Molly Scott Cato ag déanamh feachtais in Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2017

Páirtí polaitíochta glas agus den eite chlé is ea Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige (Breatnais: Plaid Werdd Cymru a Lloegr; Béarla: Green Party of England and Wales).[1] Tá sé ceanncheathraithe i Londain, agus ó Mheán Fómhair 2018, is iad Siân Berry agus Jonathan Bartley comh-cheannairí an pháirtí. Tá feisire parlaiminte amháin, iar-cheannaire Caroline Lucas, ag an bpáirtí i dTeach na dTeachtaí; ionadaí amháin i dTeach na dTiarnaí; agus triúr feisire i bParlaimint na hEorpa. Tá roinnt mhaith comhairleoirí aige i rialtas áitiúil an dá thír agus beirt ionadaí i dTionól Londan.

Aontaíonn idé-eolaíocht an pháirtí an timpeallachtachas agus polasaithe eacnamaíochta den eite chlé, agus béim go mbeadh seirbhísí poiblí maoinithe go maith agus faoi smacht áitiúil, le cáineadh níos airde le híoc as seo. Tacaíonn an páirtí freisin leis an ionadaíocht chionmhar, agus tá amharc 'fórasach' aige ar na polasaithe sóisialta nós na saoirsí sibhialta, ceartaí na n-ainmhithe, ceartaí LADTA+, agus athchóiriú polasaithe ar na drugaí.

Bunaíodh Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige sa bhliain 1990 in éineacht le Páirtí Glas na hAlban agus an Comhaontas Glas i dTuaisceart Éireann trí 'Pháirtí Glas na Ríochta Aontaithe', an eagraíocht a bhí i láthair roimhe sin, a roinneadh isteach sna heagraíochtaí seo.

Ar cheist bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach, chuaigh an páirtí isteach in Olltoghchán 2015 ag moladh go mbeadh reifreann ar an mballraíocht; reifreann ina ndearna siad feachtas ar son fanacht san Aontas. D'éirigh leis an lucht ar son imeachta, áfach, agus i rith an phróisis Bhreatimeachta i ndiaidh an reifrinn, thacaigh an páirtí le 'Vóta don Phobal' (People's Vote) ar an margadh Breatimeachta, ina ndéanfaidís feachtas ar son fanacht san Aontas arís dá dtarlódh sé.

Siân Berry agus Jonathan Bartley, ceannairí an pháirtí

Pobalbhreitheanna

Ó tharla Olltogchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 2% agus 8% d'fhreagarthóirí sa Bhreatain Mhór ar fad a deir i bpobalbhreitheanna go vótálfaidís ar son an Pháirtí Glas (Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige nó Páirtí Glas na hAlban) dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[2][3]

Meán gluaisteach 28-lá ag taispeáint torthaí na bpobalbhreitheanna. In nglas atá an Páirtí Glas.

Féach freisin

Tagairtí

  1. The Independent - Election 2015: The Green Party want to give disgruntled left-wing voters a new voice Author - Morris, Nigel. The Independent [online]. Date retrieved 5 March 2015. Date published 3 September 2014.
  2. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  3. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Dáta rochtana: 2018-10-20.