An difríocht idir athruithe ar: "Béaloideas na hÉireann"

Jump to navigation Jump to search
}}
==Sainmhíniú==
Is féidir béaloidis a shainiú mar an traidisiúnta creidimh, nósanna, agus scéalta deden phobal, a rith trí na glúine de bhriathar béil <ref>Stevenson, A. (ed.) (2010) ‘Oxford English Dictionary’, Oxford Dictionary of English. 3rd edn. Oxford University Press.</ref>. Deirtear gur lipéad réasúnta nua-aimseartha é an focal béaloideas a úsáideadh chun cur síos a dhéanamh ar chorp ábhair ag am nuair a bhagair sé go rachadh sé as feidhm <ref>Markey, A. (2006) ‘The Discovery of Irish Folklore’, New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, 10(4), pp. 21–43. Available at: <nowiki>http://www.jstor.org/stable/20558106</nowiki> (Accessed: 25 January 2021).</ref>. Bíonn traidisiún láidir béaloidis ag neart pobal tuaithe ar fud an domhain, Éire san áireamh. De ghnáth, baineann an béaloideas le heachtraí stairiúla a tharla sa gceantar máguaird, m.sh. bá tragóideach iascairí, nó le heachtraí daoine cáiliúla ón stair, m.sh. [[Gráinne Mhaol]]. Caitheamh aimsire a bhíodh sa mbéaloideas roimh ré na litearthachta fairsinge, is minic a insíodh a scéalta timpeall tine tráthnóna nó oíche mar gurbh é an príomhchineál siamsaíochta é fadó. Is fíor a rá na seanscéalta, tá scéalta agus creidimh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, is minic ag athrú agus leaganacha nua á chur leis. É sin ráite, tá suim réasúnta mór fós in ealaín insinte scéil sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil formhór an phobail dulta i dtuilleamaí na teilifíse agus na meán cumarsáide eile le haghaidh a gcuid nuachta agus a gcuid seanchais. Déantar traidisiún an bhéaloidis a cheiliúradh fós inniu i scannáin, leabhair agus cláir teilifíse.
 
==Stair==
 
Ní féidir a shéanadh bhfuil béaloideas mar thraidisiún in éirinn leis na cianta.Téann an téarma Gaeilge ‘béaloideas’ siar go dtí an seachtú haois déag, ach níor úsáideadh é mar aistriúchán don téarma Béarla go dtí 1927. <ref>Markey, A. (2006) ‘The Discovery of Irish Folklore’, New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, 10(4), pp. 21–43. Available at: <nowiki>http://www.jstor.org/stable/20558106</nowiki> (Accessed: 25 January 2021).</ref> Cuireadh tús le staidéir ar bhéaloideas na hÉireann mar thoradh ar mheath na teanga Éireannach agus athbheochan an 19ú agus tús an 20ú haois. <ref>Mag Fhloinn, B. (2008) ‘The Irish Folklore Commission 1935-1970: History, Ideology, Methodology’, Béaloideas. Edited by M. Briody, 76, pp. 283–287. Available at: <nowiki>http://www.jstor.org/stable/20520963</nowiki> (Accessed: 25 January 2021).</ref> Deirtear gur tháinig béaloideas na hÉireann ó chomh luath leis na Ceiltigh timpeall 1000 BC. Cé nach raibh mórán scríbhneoireachta ann ón tréimhse seo seachas ogham, ba shochaí béil é an traidisiún ceilteach a chuir a chreidimh ar aghaidh trí bhéal<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.claddaghdesign.com/history/rish-mythology-guide/|teideal=A Quick Guide To Irish Mythology {{!}} Claddagh Design|údar=Claddagh Design|language=en-US|dátarochtana=2021-01-28}}</ref>. Is inniu go bhfuilimid buíoch as an mbailiúchán seo mar chuimhneachán ar an am atá thart agus ar chultúr na tíre. Lean an traidisiún ar aghaidh tríd na blianta agus is rud é a bhfuilimid an-bhródúil aisti mar náisiún. Leanann cuid mhaith acu na creidimh agus insíonn siad na scéalta. Is gné é a chuimsítear i gcuraclaim scoile sa tír seo. Is minic a dhéanaimid ceiliúradh ar thraidisiún na ndaoine gan fiú a bhaint amach, sampla de seo ná Oíche Shamhna.
 
==Coimisiún Béaloidis na hÉireann ==

Roghchlár nascleanúna