An difríocht idir athruithe ar: "Charles Michel"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Uasdatú maidir le Uachtaranacht na Comhairle Eorpaí
mNo edit summary
Líne 25: Líne 25:


== Uachtarán na Comhairle Eorpaí ==
== Uachtarán na Comhairle Eorpaí ==
Thogh ceannairí an Aontais Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019. Chuaigh sé i mbun oifige an 1 Nollaig 2019.
Thogh ceannairí an Aontais Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019. Chuaigh sé i mbun oifige an 1 Nollaig 2019.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.consilium.europa.eu/ga/european-council/president/biography/|teideal=Beathaisnéis Charles Michel|language=ga|work=www.consilium.europa.eu|dátarochtana=2021-02-05}}</ref>


== A Shaol Pearsanta ==
== A Shaol Pearsanta ==

Leagan ó 17:05, 5 Feabhra 2021

Charles Michel, Príomh-Aire na Beilge

Charles J. Y. Gh. Michel (fraincis: [ʃaʁl mi.ʃɛl]; 21 Nollaig 1975 a rugadh é) Is polaiteoir Beilgeach de bhunús na Vallúine é, a fheidhmíonn mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí faoi lathair (ón 1 Nollaig 2019 i leith). Príomh-Aire na Beilge ab ea é ar feadh 5 bliana roimhe sin.

Mac Louis Michel é, polaiteoir suntasach eile sa Bheilg. Ceannaire an pháirtí liobrálaigh Mouvement Réformateur (MR) ab ea é ó mhí Feabhra 2011 go dtí gur roghnaíodh mar Príomh-Aire é ar an 11 Deireadh Fómhair 2014. Is Michel an Príomh-Aire is óige a bhí ag an mBeilg le breis is 150 bhliain.  

Tus a Ghairme

Rugadh Michel i Namur na Vallúine. Dhírigh sé a aird ar chúrsaí polaitíochta den chéad uair ag aois 16 bhliana déag nuair a chláraigh sé leis na Liobrálaigh Óige de Jodoigne (Jeunes Réformateurs Libéraux de Jodoigne); bhí a athair tófa mar mhéara Jodoigne ó 1983 ar aghaidh. I 1994, agus é 18 mbliana déag, togadh mar chomhairleoir proibhinse i mBrabant na Vallúine é.

Sular glaoíodh chun barra na Bruiséile é, bhain sé céim amach sa dlí ó Shaor-Ollscoil na Bruiséile agus ó Ollscoil Amstardam.[1]

Labhraíonn sé Ollainis liofa óir go ndearna sé stadéir in Amstardam, agus labhraíonn sé Fraincis mar mhatháirtheanga. 

A Ghairm Pholaitiúil

Toghadh Michel do Theach na nIonadaithe don chéad uair i 1999, ach athtogadh é gach bliain ina dhiaidh. Is ionadaí do Bhrabant na Vallúíne é, áit a fhaigheann na liobrálaigh, Mouvement Réformateur, an-chuid tacaíocht uaithi.

I 2000, roghnaíodh mar Aire Gnóthaí Baile é sa Rialtas Vallúnach. Ag aois 25 bhliana, eisean a bhí ar an Aire ab óige i stair na Beilge.

Ar leibhéal áitiúil, toghadh ina chomhairleoir cathrach é i Wavre i 2000. Sa bhliain 2006, roghnaíodh é mar mhéara na cathrach.

I Nollaig 2007, roghnaíodh Michel mar Aire Comhoibriú um Fhorbairt na Beilge mar chuid den Rialtas Verhofstadt III, agus ina dhiaidh, roghnaíodh mar bhall den Rialtas Leterme I,  de rialtas Van Rompuy I, agus de Rialtas Leterme II é.

I 2009, d'adhmhaigh Michel gur scannlaighl raitis an Phápa Beinidict XVI, a dhearbhaigh go raibh coiscíní ina chúis scaipeadh SEIF, ag rá go raibh an raitis ón Phápa "uafásach, scannalach agus rascánta, fiú."

Michel an chéad Príomh-Aire a bhfuil Fraincis mar mháthairtheanga aige a toghadh díreach i ndiaidh Príomh-Aire eile le Fraincis ó dhúchais aige le beagnach 50 bliain. Tharla sé don chéad uair sa Bheilg nuair a tháinig Pierre Harmel i gcomharbacht ar Paul Vanden Boeynants. 

Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Thogh ceannairí an Aontais Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019. Chuaigh sé i mbun oifige an 1 Nollaig 2019.[2]

A Shaol Pearsanta

Imríonn Charles Michel leadóg agus scuais mar chaitheamh aimsire, agus liostaíonn sé croquettes aux crevettes (cróicéad le séaclaí, sneaic choitianta sa Bheilg) mar an bia is fearr leis.[3]

Onóracha

Tagairtí

  1. http://premier.fgov.be/en/biography
  2. "Beathaisnéis Charles Michel" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  3. https://www.linkedin.com/in/charles-michel-314a4547
  4. arrêtés royaux du 21 mai 2014