An difríocht idir athruithe ar: "An Chreimil"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
No edit summary
Líne 16: Líne 16:


== Tagairtí ==
== Tagairtí ==
{{reflist}}
{{reflist}}{{síol}}
[[Catagóir:Foirgnimh agus struchtúir i Moscó]]

[[Catagóir:Foirgnimh na Rúise]]
[[Catagóir:Moscó]]
{{síol}}

Leagan ó 12:50, 1 Feabhra 2021

Is í an Chreimil an daingean istigh i Moscó, ina bhfuil cónaí ar Uachtarán na Rúise. Is éard is bunús leis an bhfocal sin ná Кремль ("Kreml'") na Rúisise, a chiallaíonn "dúnfort", go háirithe dúnfort i gcroílár na cathrach. Bíonn "creimileanna", nó dúnfoirt den chineál seo, i seanchathracha Rúiseacha eile freisin, ach is í an Chreimil i Moscó an ceann a aithníonn na daoine lasmuigh den Rúis.

Stair

Luadh an Chreimil i Moscó an chéad uair riamh i gcáipéis ón mbliain 1331. Roimhe sin, bhain na scríbhneoirí úsáid as an bhfocal grad - focal ón tSean-Slaivis Eaglasta a chiallaíonn "cathair", cosúil le "gorod" na Rúisise. Bhí dúnfort de chineál éigin ansin sa dóú haois déag, ar a laghad.

Tá a fhios againn gur dhaingnigh agus gur fhairsingigh an Prionsa Yuri Dolgorukiy (nó "Seoirse Lámhfhada") an grad go mór sa bhliain 1156. D'ionsaigh na Mongólaigh Moscó sa bhliain 1237, agus chuir siad an dúnfort trí thine.

San am sin, bhí na Rúisigh i dtuilleamaí adhmaid le tithe a thógáil, agus mar sin, bhí sé furasta an Chreimil a dhó.

hAtógadh an Chreimil in athuair sa bhliain 1339, as dair.

An Chreimil

Ba é Ivan Kalita ("Eoin an Spliúcháin"), prionsa Mhoscó, a thóg na chéad fhoirgnimh chloiche sa Chreimil sna 1320idí agus sna 1330idí.

Tagairtí