An difríocht idir athruithe ar: "Gaimbia"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
m Bhog TGcoa an leathanach An Ghaimbia go Gaimbia
(No difference)

Leagan ó 19:33, 31 Eanáir 2021

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre

Is tír í Poblacht na Gaimbia atá suite san Afraic Thiar. Is é Banjul an phríomhchathair. Fuair sí neamhspleáchas ó Impireacht na Breataine sa bhliain 1965.

Polaitíocht

Roimh an coup d'État i Iúil 1994, b'é an Ghaimbia ceann de na tíortha daonlathacha ilpháirtí is sine san Afraic. Ritheadh toghchán gach 5 bliana ó fuair sí neamhspleáchas ón Bhreatain. Ó aimsir an coup go dtí Iúil 2001, bhí cosc ar pholaiteoirí as páirtí an Iar-Uachtaráin Jawara agus oifigigh shinsearacha eile a rith i dtoghcháin.

I ndiaidh an coup d'état, bhí toghchán don uachtaránacht i Meán Fómhair, 1996 agus bhuaigh an Coirnéal Yahya Jammeh an rás. Ghlac ceithre pháirtí freasúra páirt i dtoghchán uachtaránachta ar 18 Deireadh Fómhair, 2001 agus bhuaigh Jammeh arís. Choimeád an APRC a dtromlach sa Chomhthionól Náisiúnta san olltoghchán in Eanáir 2002.

Tagairtí

Naisc sheachtracha