An difríocht idir athruithe ar: "ETA"
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
[[Íomhá:ETA BASQUE.png|mion]] |
[[Íomhá:ETA BASQUE.png|mion]] |
||
Is eagraíocht armtha mhídhleathach é '''Euskadi ta Askatasuna''' (as [[Gaeilge]], ''Tír na mBascach agus Saoirse''), a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar '''ETA'''. |
|||
D'úsáid an ballraíocht modhanna [[Foréigean|foréigin]] cosúil le [[dúnmharú]], [[fuadach]], sracadh agus foréigean sráide chun a chuspóirí a ghnóthú - bunadh stát [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleách]] don mhuintir Bhascach i dtuaisceart na [[An Spáinn|Spáinne]] agus iar-dheisceart na [[an Fhrainc|Fraince]]. |
D'úsáid an ballraíocht modhanna [[Foréigean|foréigin]] cosúil le [[dúnmharú]], [[fuadach]], sracadh agus foréigean sráide chun a chuspóirí a ghnóthú - bunadh stát [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleách]] don mhuintir Bhascach i dtuaisceart na [[An Spáinn|Spáinne]] agus iar-dheisceart na [[an Fhrainc|Fraince]]. |
||
Líne 7: | Líne 7: | ||
[[Íomhá:ETA Pasajes 2003 06 28.jpg|mion|Múrphictiúr ar son ETA , 2003]] |
[[Íomhá:ETA Pasajes 2003 06 28.jpg|mion|Múrphictiúr ar son ETA , 2003]] |
||
Tá [[nuachtán]] ann "Gara" ([https://www.naiz.eus/hemeroteca/gara www.gara.net]), atá ceangailte go dlúth le [[Batasuna]] (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) |
Tá [[nuachtán]] ann "Gara" ([https://www.naiz.eus/hemeroteca/gara www.gara.net]), atá ceangailte go dlúth le [[Batasuna]] (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) |
||
[[Íomhá:ArmaTiroPumEtaMilikiliklik26 8.jpg|mion|Day of the Basque Soldier at Aritxulegi, Oiartzun, Gipuzkoa (2008)]] |
|||
== Stair == |
== Stair == |
Leagan ó 18:27, 20 Nollaig 2020
Is eagraíocht armtha mhídhleathach é Euskadi ta Askatasuna (as Gaeilge, Tír na mBascach agus Saoirse), a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar ETA.
D'úsáid an ballraíocht modhanna foréigin cosúil le dúnmharú, fuadach, sracadh agus foréigean sráide chun a chuspóirí a ghnóthú - bunadh stát neamhspleách don mhuintir Bhascach i dtuaisceart na Spáinne agus iar-dheisceart na Fraince.
Idir 1960 – 2010, fuair timpeall 1114 bás in iomlán, agus b'fhéidir 486 sna fhorsaí slándála nó sa rialtas. san áireamh sin.[1]
Tá nuachtán ann "Gara" (www.gara.net), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA)
Stair
Dhírigh ETA a gcuid buamaí de ghnáth ar phóilíní agus ar bhaill den Guardia Civil (macasamhail an Gharda Síochána in Éirinn).
1973
Ar an 20 Nollaig 1973, feallmharaíodh Luis Carrero Blanco, faisisteach, agus príomh-aire na Spáinne. Chuir ETA buama ollmhór faoin mbóthar, 80 cileagram dinimíte a bhí ann.[2] D'imigh an réimeas faisisteach le sruth ina dhiaidh a bháis. Bhí Francisco Franco féin ag dul in aois ag an am.
2004
Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta 2004, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Mártaː Buamáil na dtraenacha i Maidrid.[3]
Ar an lá céanna, d’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht. Fiú ghlac 1530 Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gurb é ETA a bhí freagrach as an sléacht.[4][5]
Ach oíche roimh an olltoghchán, ghlac rialtas an Partido Popular (ar an eite dheis) leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin. Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an Partido Popular agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”. Bhí bua ollmhór ag an Partido Socialista san olltoghchán an lá dár gcionn.
2004-2005
Ritheadh bille thar a bheith conspóideach a dtugtar "Plean Ibarretxe" air (is é José Luis Ibarretxe lehendakari, nó Príomh-Aire, na mBascach) sa pharlaimint réigiúnach Bhascach ag deireadh mhí na Nollag 2004. Ba é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.[6]
2006
D'fhógair ETA sos cogaidh ar an 24 Márta 2006, tar éis 817 duine a mharú le linn a bhfeachtais. Ach ghlac ETA le pléascadh buama in aerfort Mhaidrid, Barajas, ar an 30 Nollaig 2006 inar maraíodh beirt, tar éis don rialtas Spáinneach buaileadh leo go rúnda le linn na míosa sin.
20110-2011
Tháinig sos cogaidh buan i bhfeidm.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ "Basque conflict" (as en) (2020-11-26). Wikipedia.
- ↑ "Assassination of Luis Carrero Blanco" (as en) (2020-12-12). Wikipedia.
- ↑ Carmen Rodríguez (2004). "Iarracht an Partido Popular dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-20.
- ↑ "United Nations Security Council Resolution 1530" (as en) (2020-01-31). Wikipedia.
- ↑ trepo.tuni.fi. ""Political responses to terrorism" lch 147". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Carmen Rodríguez (2005). "Is beag seans atá ann go n-éireoidh le Plean Ibarretxe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-20.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |