An difríocht idir athruithe ar: "Spriocanna Forbartha na Mílaoise"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Ag cruthú leathanach.
(No difference)

Leagan ó 02:19, 18 Samhain 2020

Beartas de chuid na Náisiúin Aontaithe a bhí na Spriocanna Forbartha na Mílaoise idir 2000 agus 2015


Tháinig na Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFM) i bhfeidhm ag na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 2000 agus bhí siad i bhfeidhm suas go dtí 2015. Spriocanna a bhí le haghaidh tíortha bochta timpeall na cruinne. Ocht gcuspóir agus sprioc arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta chun bochtaineacht dhomhanda a laghdú a bhí ann. Thug 189 tír gealltanas go mbainfear na SFM amach faoi 2015.


Sroicheadh roinnt de na spriocanna agus níor sroicheadh roinnt eile. Tháinig na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfeidhm tar éis na SFM in 2015 agus baineann na spriocanna reatha le mbeagnach gach tír timpeall na cruinne in áit na SFM a bhí dírithe i dtíortha bochtha.


'Siad na spriocanna a bhí ann leis na SFM ná:


  • SFM 1: Fíor-ocras agus bochtaineacht a dhíothú
  • SFM 2: Oideachas bunscoile uilíoch a bhaint amach
  • SFM 3: Comhionannas inscne a chur chun cinn agus mná a chumhachtú
  • SFM 4: Mortlaíocht leanaí a laghdú
  • SFM 5: Feabhas a chur ar shláinte máithreacha
  • SFM 6: Comhrac in aghaidh VEID/SEIF, maláire agus galar eile
  • SFM 7: Inbhuanaitheacht an chomhshaoil a chinntiú
  • SFM 8: Comhpháirtíocht dhomhanda a fhorbairt le haghaidh forbraíochta


Naisc Sheactracha


Féach freisin