An difríocht idir athruithe ar: "Cúnamh Éireann (gníomhaireacht stáit forbartha idirnáisiúnta)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Ag cruthú leathanach.
(No difference)

Leagan ó 19:43, 17 Samhain 2020

Clár cúnaimh Rialtais na hÉireann le haghaidh forbairt thar lear is ea Cúnamh ÉireannIrish Aid as Béarla. Tá an clár á bhainistiú ag Rannóg an Chomhair um Fhorbairt de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Tá a gcuid oibre bunaithe ar an bPáipéar Bán ar Chúnamh Éireann, ina gcuirtear an comhrac in aghaidh an ocrais agus na bochtaineachta ar fud an domhain ag croílár bheartas eachtrach na hÉireann.    

Is é an aidhm atá lena chuid clár cúnaimh an bhochtaineacht agus an t‑ocras a laghdú, go háirithe san Afraic fho-Shahárach san áit is mó gátar.  Trí thacú le forbairt fhadtéarmach agus cabhair dhaonnúil a sholáthar in os cionn ochtó tír thar ceann mhuintir na hÉireann, tá Cúnamh Éireann ag iarraidh cabhrú chun todhchaí níos fearr a thógáil do chuid de na pobail is boichte ar domhan. Cé go dtacaíonn Cúnamh Éireann le hobair i líon mór tíortha ar fud an domhain forbraíochta, is ar an Afraic fho-Shahárach is mó atá siad dírithe- go háirithe An Aetóip, An Mhaláiv, An Chéinia, Mósaimbíc, Siarra Leon, An Tansáin, Uganda, Vítneam agus An tSaimbia.[1] 

Oibríonn Cúnamh Éireann le bpairtnéirí ins na dtíortha ina n-oibríonn siad, pairtneirí ar nós EUAID agus na Náisiúin Aontaithe.

Is tacadóirí iad Cúnamh Éireann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ag na Náisiúin Aontaithe a bhaint amach agus in 2019 d'fhoilsigh siad beartas nua le aghaidh stiúradh a gcuid obair de sna mblianta atá amach romhainn darb ainm Domhan Níos FearrA Better World as Béarla.[2]


Tagairtí


Féach freisin