An difríocht idir athruithe ar: "Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe"
Ag athrú grianghraif. |
mNo edit summary |
||
Líne 6: | Líne 6: | ||
Roimh na spriocanna seo a bheith i bhfeidhm ag na NA bhí na [[Spriocanna Forbartha na Mílaoise]] (Millennium Development Goals) i bhfeidhm idir 2000 agus 2015. |
Roimh na spriocanna seo a bheith i bhfeidhm ag na NA bhí na [[Spriocanna Forbartha na Mílaoise]] (Millennium Development Goals) i bhfeidhm idir 2000 agus 2015. |
||
Tá a lán eagraíochtaí eile a oibríonn leis na Náisiúin Aontaithe timpeall na cruinne an-dáirire faoi na spriocanna seo a bhaint amach. Tá comhcheangal in Éirinn darb ainm [[Coalition 2030]] atá mar ngréasán do heagraíochtaí, grúpaí agus gníomhairí in Éirinn bainteach leis na spriocanna seo. Cuireann eagraíochaí leithéídí [[Cúnamh Éireann]]<ref>https://www.irishaid.ie/ie/maidir-linne/beartas-na-heireann-um-fhorbairt-idirnaisunta/maidirleisanmbeartasnua/|teideal= Domhan Níos Fearr / A Better World- Cúnamh Éireann</ref> (Irish Aid) agus [[Dóchas]]<ref>https://dochas.ie/sites/default/files/Gach-eolas-a-theastaigh-uait-maidir-leis-na-%E2%80%9CSpriocanna-Forbartha-Inbhuanaithe%E2%80%9D-ach-go-raibh-fait%C3%ADos-ort-a-iarraidh.pdf|teideal=Gach eolas a theastaigh uait maidir leis na “Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe” ach go raibh faitíos ort a iarraidh- Dóchas </ref> tábhachtach mhór ar chur i bhfeidhm na spriocanna freisin agus bíonn eagraíochtaí agus gníomhairí áirithe timpeall na cruinne i gcónaí ag iarraidh aird a tharraingt ar na spriocanna ó thaobh an leibhéal rialtas de sna tíortha a gceapfar nach bhfuil aird ar leith ar na spriocanna. |
Tá a lán eagraíochtaí eile a oibríonn leis na Náisiúin Aontaithe timpeall na cruinne an-dáirire faoi na spriocanna seo a bhaint amach. Tá comhcheangal in Éirinn darb ainm [[Coalition 2030]] atá mar ngréasán do heagraíochtaí, grúpaí agus gníomhairí in Éirinn bainteach leis na spriocanna seo. Cuireann eagraíochaí leithéídí [[Cúnamh Éireann]]<ref>https://www.irishaid.ie/ie/maidir-linne/beartas-na-heireann-um-fhorbairt-idirnaisunta/maidirleisanmbeartasnua/|teideal= Domhan Níos Fearr / A Better World- Cúnamh Éireann</ref> (Irish Aid) agus [[Dóchas]]<ref>https://dochas.ie/sites/default/files/Gach-eolas-a-theastaigh-uait-maidir-leis-na-%E2%80%9CSpriocanna-Forbartha-Inbhuanaithe%E2%80%9D-ach-go-raibh-fait%C3%ADos-ort-a-iarraidh.pdf|teideal= Gach eolas a theastaigh uait maidir leis na “Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe” ach go raibh faitíos ort a iarraidh- Dóchas </ref> tábhachtach mhór ar chur i bhfeidhm na spriocanna freisin agus bíonn eagraíochtaí agus gníomhairí áirithe timpeall na cruinne i gcónaí ag iarraidh aird a tharraingt ar na spriocanna ó thaobh an leibhéal rialtas de sna tíortha a gceapfar nach bhfuil aird ar leith ar na spriocanna. |
||
Leagan ó 15:41, 17 Samhain 2020
Is bailiúcháin de 17 mór spriocanna ag na Náisiúin Aontaithe iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nó Spriocanna Forbartha (English'- Sustainable Development Goals nó Global Goals). Tháinig na spriocanna i bhfeidhm in 2015 agus beidh siad i bhfeidhm suas go dtí 2030.
Roimh na spriocanna seo a bheith i bhfeidhm ag na NA bhí na Spriocanna Forbartha na Mílaoise (Millennium Development Goals) i bhfeidhm idir 2000 agus 2015.
Tá a lán eagraíochtaí eile a oibríonn leis na Náisiúin Aontaithe timpeall na cruinne an-dáirire faoi na spriocanna seo a bhaint amach. Tá comhcheangal in Éirinn darb ainm Coalition 2030 atá mar ngréasán do heagraíochtaí, grúpaí agus gníomhairí in Éirinn bainteach leis na spriocanna seo. Cuireann eagraíochaí leithéídí Cúnamh Éireann[1] (Irish Aid) agus Dóchas[2] tábhachtach mhór ar chur i bhfeidhm na spriocanna freisin agus bíonn eagraíochtaí agus gníomhairí áirithe timpeall na cruinne i gcónaí ag iarraidh aird a tharraingt ar na spriocanna ó thaobh an leibhéal rialtas de sna tíortha a gceapfar nach bhfuil aird ar leith ar na spriocanna.
Is iad na spriocanna ná:
- Sprioc 1 – Deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta gach áit.
- Sprioc 2 – Deireadh a chur le hocras; slándáil bia chomh maith le cothú níos
fearr a bhaint amach; agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn.
- Sprioc 3 - Maireachtáil fholláin a dheimhniú agus folláine a chur chun cinn do
chách ag gach aois.
- Sprioc 4 – Oideachas d’ardchaighdeán atá cuimsitheach agus cothrom a
dheimhniú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách.
- Sprioc 5 – Comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní a
chumasú.
- Sprioc 6 – Fáil ar uisce agus bainistiú inbhuanaithe ar uisce agus ar
shláintíocht a dheimhniú do chách.
- Sprioc 7 – Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus
nua-aimseartha a dheimhniú do chách.
- Sprioc 8 – Fás geilleagrach marthanach, cuimsitheach, inbhuanaithe,
lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn.
- Sprioc 9 - Bonneagar marthanach a thógáil; tionsclaíocht chuimsitheach,
inbhuanaithe a chur chun cinn; agus nuálaíocht a chothú.
- Sprioc 10 – Neamhionannas laistigh agus idir thíortha a mhaolú.
- Sprioc 11 – Cathracha agus lonnaíochtaí daonna a dhéanamh cuimsitheach,
sábháilte, marthanach agus inbhuanaithe.
- Sprioc 12 – Patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgeachta a dheimhniú.
- Sprioc 13 – Gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus
a thionchar.
- Sprioc 14 – Na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní mara a chaomhnú agus
a úsaid ar son forbartha inbhuanaithe.
- Sprioc 15 – Éiceachórais talún a chosaint agus a athshlánú agus a n-úsáid
inbhuanaithe a chur chun cinn; foraoisí a bhainistiú ar mhodh inbhuanaithe; dul i ngleic le fairsingiú fásaigh; díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú agus deireadh a chur le cailliúint bithéagsúlachta.
- Sprioc 16 – Sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn ar mhaithe le
forbairt inbhuanaithe; rochtain ar cheart a sholáthar do chách; agus institiúidí atá éifeachtach, cuntasach agus cuimsitheach a thógáil ag gach leibhéal.
- Sprioc 17 – Na modhanna feidhmithe a neartú agus an chomhpháirtíocht
dhomhanda um fhorbairt inbhuanaithe a athbheochan.
Tagairtí
- ↑ https://www.irishaid.ie/ie/maidir-linne/beartas-na-heireann-um-fhorbairt-idirnaisunta/maidirleisanmbeartasnua/%7Cteideal= Domhan Níos Fearr / A Better World- Cúnamh Éireann
- ↑ https://dochas.ie/sites/default/files/Gach-eolas-a-theastaigh-uait-maidir-leis-na-%E2%80%9CSpriocanna-Forbartha-Inbhuanaithe%E2%80%9D-ach-go-raibh-fait%C3%ADos-ort-a-iarraidh.pdf%7Cteideal= Gach eolas a theastaigh uait maidir leis na “Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe” ach go raibh faitíos ort a iarraidh- Dóchas