An difríocht idir athruithe ar: "An Cheathrú Rua"
No edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}} |
|||
{{ie baile infobox| |
|||
ainm_an_bhaile = An Cheathrú Rua| |
|||
íomhá_an_chírín= | |
|||
ainm_an_chontae=Contae na Gaillimhe| |
|||
cóor_thuaidh= 53.2656| |
|||
cóor_thiar = 9.5836| |
|||
ardú = 1m| |
|||
sfx_cóor = left: 63px; top: 60px| |
|||
eangach = L943250| |
|||
daonra = 680| |
|||
daonáireamh = 2011| |
|||
}} |
|||
[[Sráidbhaile]] mór is ea '''an Cheathrú Rua''' (''Carraroe'' as [[An Béarla|Béarla]] go traidisiúnta) atá suite i g[[Contae na Gaillimhe]], [[Éire]]. Tá sí i lár [[An Ghaeltacht|Ghaeltacht]] [[Conamara|Chonamara]] agus i gcroílár [[Slí an Atlantaigh Fhiáin|Shlí an Atlantaigh Fhiáin]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.ancheathrurua.ie/|teideal=Baile / Home|language=en|work=ancheathrurua|dátarochtana=2020-07-25}}</ref> |
[[Sráidbhaile]] mór is ea '''an Cheathrú Rua''' (''Carraroe'' as [[An Béarla|Béarla]] go traidisiúnta) atá suite i g[[Contae na Gaillimhe]], [[Éire]]. Tá sí i lár [[An Ghaeltacht|Ghaeltacht]] [[Conamara|Chonamara]] agus i gcroílár [[Slí an Atlantaigh Fhiáin|Shlí an Atlantaigh Fhiáin]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.ancheathrurua.ie/|teideal=Baile / Home|language=en|work=ancheathrurua|dátarochtana=2020-07-25}}</ref> |
Leagan ó 17:49, 31 Deireadh Fómhair 2020
An Cheathrú Rua | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 1 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1165719 |
Sráidbhaile mór is ea an Cheathrú Rua (Carraroe as Béarla go traidisiúnta) atá suite i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sí i lár Ghaeltacht Chonamara agus i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin.[1]
An sráidbhaile
Bhí thart 2,472 duine ina gcónaí i gceantar na Ceathrún Rua sa bhliain 2017.[2]
Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, agus dá thairbhe sin tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Ní fada an lá ó nach raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, ach tá go leor tógáil ar siúl san cheantar le gairid. Tá go leor tithíochta príobháidí agus eastáit tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas.
Turasóireacht
Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar húicéirí na Gaillimhe (Púcáin) agus ar Thrá an Dóilín (ceann de na trí cinn i gContae na Gaillimhe amháin a bhfuil Bratach Gorm bainte aici).
Tagann roinnt turasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus Gaeilge a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta.
Is ar an gCeathrú Rua atá Coláiste Chiaráin suite, agus na mílte scoláire óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus rásaí curach ar an mbaile freisin.
Gaeilge
Is í an Ghaeilge (Canúint Chonnachta go sainiúil) príomhtheanga labhartha na Ceathrún Rua, agus tá sí ar na háiteanna is láidre Gaeilge i nGaeltacht Chonnacht agus in Éirinn na laethanta seo.
Labhraíonn 65.1% den phobal an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, de réir fhigiúirí Údaráis na Gaeltachta.
Áras Mháirtín Uí Chadhain
Tá Áras Mháirtín Uí Chadhain ar cheann de na hionaid Ghaeltachta atá ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, lonnaithe ar an gCeathrú Rua.[3] Déantar freastal ar mhic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha san Ionad, agus cuirtear raon leathan cúrsaí ar fáil ag gach leibhéal.
Stair
Bhí an nuachtán náisiúnta Foinse bunaithe anseo (1996-2013).
Tagairtí
- ↑ "Baile / Home" (en). ancheathrurua. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ "Gaillimh | An Ghaeilge & An Ghaeltacht" (ga-IE). Údarás na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ Áras Mháirtín Uí Chadhain. "An Cheathrú Rua - NUI Galway". www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.