An difríocht idir athruithe ar: "Cathussach mac Eterscélai"
... ag aistriú clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
Aistrithe |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
{{Glanadh-mar|ag aistriú go Gaeilge}} |
|||
[[Ríthe na Mumhan|Rí na Mumhan]] d'[[Eoghanacht Áine]] '''Cathasach mac Eidirscéil''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Cathussach mac Eterscélai''') (bás c. 769). [[Eterscél mac Máele Umai|Eidirscéal mac Maoil Umha]] (bás 721), iar-rí, ba ea a athair.<ref>Byrne, Tábla 13</ref> Bhí a mhuintir suite in oirdheisceart [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], ag [[Cnoc Áine]] gar de mhainistir [[Imleach|Imligh]] i g[[Contae Thiobraid Árann]]. |
[[Ríthe na Mumhan|Rí na Mumhan]] d'[[Eoghanacht Áine]] '''Cathasach mac Eidirscéil''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Cathussach mac Eterscélai''') (bás c. 769). [[Eterscél mac Máele Umai|Eidirscéal mac Maoil Umha]] (bás 721), iar-rí, ba ea a athair.<ref>Byrne, Tábla 13</ref> Bhí a mhuintir suite in oirdheisceart [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], ag [[Cnoc Áine]] gar de mhainistir [[Imleach|Imligh]] i g[[Contae Thiobraid Árann]]. |
||
Leagan ó 22:11, 26 Deireadh Fómhair 2020
Rí na Mumhan d'Eoghanacht Áine Cathasach mac Eidirscéil (Sean-Ghaeilge Cathussach mac Eterscélai) (bás c. 769). Eidirscéal mac Maoil Umha (bás 721), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí a mhuintir suite in oirdheisceart Chontae Luimnigh, ag Cnoc Áine gar de mhainistir Imligh i gContae Thiobraid Árann.
Sna seachtú agus ochtú haoiseanna, dáileadh ríogacht na Mumhan i measc na rítheaghlach de chiorcal istigh na nEoghanacht.
Ní thuairiscítear nó a réimeas nó a thásc sna hannála Éireann. Dar le Sioncronachtaí Laud, tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht Cathal mac Finghin (bás 742) d'Eoghanacht Ghleanndamhnach sa bhliain 742, agus bhí sé i réim le 27 bliain.
Ní dhéantar tagairt do Chathasach agus eachtraí a tharla le linn a réimis á thaifeadadh. Sa cheantar Chlíu (oirthear Chontae Luimnigh agus cuid de Chontae Thiobraid Árann), tharla cath sa bhliain 744 inar maraíodh Chonchúr, rí Uí Fiodhghinte as Luimnigh.[2] Cé go raibh muintir Cathasaigh ina gcónaí ar theorainn Chliú, ní fios ar throid seisean sa chath, nó b'fhéidir miondreamanna an cheantair ag cúr i gcoinne smachtú Uí Fiodhghinte. Sa Tuadhmhumhain i gContae an Chláir, scrios na Déise an Chorca Mrua sa bhliain 744, agus tharla cath idir Uí Fiodhghinte in éadan na Corca Mrua agus na Corca Baiscinn sa bhliain 763.[3] Ba é folús cumhachta a fágadh de bharr meath Uí Fiachrach Aidhne na gConnacht a bhí faoi bhun coimhlint pholaitiúil an cheantair.
Sa bhliain 747, tharla Cath Charn Ailche idir fir na Mumhan, inar maraíodh Cairbre mac Con Díonaisc, ball d'Eoghanacht Locha Léin leath-neamhspleách.[4] Tharla Cath Cheann Fabrat (gar de Chnoc Suí Finn, Contae Luimnigh), arís idir fir na Mumhan, sa bhliain 757, inar maraíodh Bobdgal, uachtarán Mhungairit (mainistir gar de Chathair Luimnigh).[5] Ní fios cé a bhuaigh, agus is deacair é mar thoradh coimhlint cumhachta na linne seo a thuiscint. Tá a fhios againn áfach, gur briseadh monaplacht an chiorcail istigh ag an gcéad comharbacht eile accession, nuair a tháinig Maol Dúin mac Aodha i réim.
Foinsí
- Annála Uladh
- Sioncronachtaí Laud
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9