An difríocht idir athruithe ar: "Áed Bennán mac Crimthainn"
Typos clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
WD |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
{{WD Bosca Sonraí Duine}} |
|||
Rí na [[Iarmumu|hIarmhumhan]], agus b'fhéidir [[Rí na Mumhan]], den [[Eoghanacht Locha Léin]] ba ea '''Aodh Beannáin Mac Criomhthainn''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Áed Bennán mac Crimthainn''') (bás 618).<ref>dátaí per ''The Chronology of the Irish Annals'' le Daniel P. McCarthy</ref> Ba gharmhac [[Dauí Iarlaithe mac Maithni|Dauí Iarlaithe mhic Mhaithne]] é, é siúd féin ina rí na Mumhan.<ref>Francis J.Byrne, ''Irish Kings and High-Kings'', Tábla 15</ref> |
Rí na [[Iarmumu|hIarmhumhan]], agus b'fhéidir [[Rí na Mumhan]], den [[Eoghanacht Locha Léin]] ba ea '''Aodh Beannáin Mac Criomhthainn''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Áed Bennán mac Crimthainn''') (bás 618).<ref>dátaí per ''The Chronology of the Irish Annals'' le Daniel P. McCarthy</ref> Ba gharmhac [[Dauí Iarlaithe mac Maithni|Dauí Iarlaithe mhic Mhaithne]] é, é siúd féin ina rí na Mumhan.<ref>Francis J.Byrne, ''Irish Kings and High-Kings'', Tábla 15</ref> |
||
Leagan ó 21:13, 25 Deireadh Fómhair 2020
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 haois ↔ 6 haois |
Bás | 618 |
Rí na Mumhan | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Mór Mhumhan, Maol Dúin mac Aodha Beannáin |
Rí na hIarmhumhan, agus b'fhéidir Rí na Mumhan, den Eoghanacht Locha Léin ba ea Aodh Beannáin Mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Áed Bennán mac Crimthainn) (bás 618).[1] Ba gharmhac Dauí Iarlaithe mhic Mhaithne é, é siúd féin ina rí na Mumhan.[2]
Níl na hannála ar aon intinn, agus Aodh is Finghin mac Aodha Dhuibh (bás 618) den ghéag Caisil á phlé acu. I nAnnála Tiarnaigh, insítear gur Rí na Mumhan é Aodh, i gcoróin roimh Fhinghin.[3] I nAnnála Uladh agus Annála Inis Faithlinn, ní thugtar teideal dó ina thásc.[4] I nAnnála na gCeithre Máistrí, níl sé ach rí na hIarmhumhan, ach insítear a leanas faoi:[5]
Aodh Bendan A sciath an tan fo-crotha |
Aodh Beannáin, A sciath an tan[11] a croitheadh, |
De réir an seanscéil Mór Muman & Aided Cuanach mac Ailchine, bhí a iníon Mór (bás 636) pósta le Finghin agus níos dearanaí lena chomharba Cathal mac Aodha (bás 627).[12] Sa chéad ghlúin eile, ba chúis achrainn idir na hEoghanachta Locha Léin agus Gleanndamhnach í iníon eile dá chuid, Ruithchern.[13] Is dócha go gcuireann an cogadh seo in iúl cumhacht na ngéag seo, i gcomparáid le dreamanna eile amhail is an Chorca Laidhe, Corca Dhuibhne agus Ciarraí as Iarmhumhain; agus an Chorca Mruad agus Corca Bhaiscinn as Tuamhumhain.[14]
Ba iad Maol Dúin mac Aodha Bheannáin (bás 661) agus Cummíne a mhic a bhfuil aithne againn orthu.
Foinsí
- CELT: Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
Tagairtí
- ↑ dátaí per The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 15
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 618.3
- ↑ Annála Uladh, AU 619.3; Annála Inis Faithlinn, AI 620.2
- ↑ Annals na gCeithre Máistrí, M614.3
- ↑ díanad, copula, ar eDIL
- ↑ cían, fada, ar eDIL
- ↑ búachaill, cosantóir, ar eDIL
- ↑ bibdu (c), bíobha, namhad, ar eDIL.ie
- ↑ fo-botha, scanraithe, ar eDIL
- ↑ tan, nuair, ar teanglann.ie
- ↑ Byrne, lch. 205
- ↑ Wiley, Dan M., Cycles of the Kings
- ↑ Byrne, lch. 207