An difríocht idir athruithe ar: "Simón Bolívar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Ag baint Simon_Bolivar.jpg amach, scrios JuTa é ón Chómhaoin mar: No source specified since 5 October 2020
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Simon Bolivar.jpg|thumb|Simón Bolívar|310x310px]]Bhí '''Simón Bolívar''' (nó '''Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar y Palacios'''), [[24 Iúil]] [[1783]] - [[17 Nollaig]] [[1830]], ina cheannaire [[réabhlóid]]<nowiki/>each. Bhí ról lárnach ag Bolívar sa [[polaitíocht|pholaitíocht]] i Meiriceá Theas sa [[19ú haois]], go háirithe i [[Veiniséala]], [[Eacuadór]], [[an Bholaiv]], [[Panama]] agus [[An Cholóim]].
Bhí '''Simón Bolívar''' (nó '''Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar y Palacios'''), [[24 Iúil]] [[1783]] - [[17 Nollaig]] [[1830]], ina cheannaire [[réabhlóid]]<nowiki/>each. Bhí ról lárnach ag Bolívar sa [[polaitíocht|pholaitíocht]] i Meiriceá Theas sa [[19ú haois]], go háirithe i [[Veiniséala]], [[Eacuadór]], [[an Bholaiv]], [[Panama]] agus [[An Cholóim]].


==Luathshaol==
==Luathshaol==

Leagan ó 00:10, 20 Deireadh Fómhair 2020

Bhí Simón Bolívar (nó Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar y Palacios), 24 Iúil 1783 - 17 Nollaig 1830, ina cheannaire réabhlóideach. Bhí ról lárnach ag Bolívar sa pholaitíocht i Meiriceá Theas sa 19ú haois, go háirithe i Veiniséala, Eacuadór, an Bholaiv, Panama agus An Cholóim.

Luathshaol

Rugadh Bolívar i gCaracas, Veiniséala ar an 24 Iúil 1783. Phós sé in 1802 ach fuair a bhean bás laistigh de bhliain agus níor phós sé arís. Bhain sé le teaghlach uasal a tháinig ar dtús as Tír na mBascach, agus rinne siad a saibhreas as mianaigh óir agus copair i Veiniséala ó 1632 i leith. Bhí Bolívar ábalta an saibhreas sin a úsáid chun na cogaí réabhlóideacha i Meiriceá Theas a mhaoiniú.

Fuair Bolívar a chuid oideachais sa bhaile tar éis dá thuismitheoirí bás a fháil, agus bhí an-tionchar ag duine dá mhúinteoirí, Simón Rodriguez, ar an fhear óg.

Chuaigh Bolívar chun na Spáinne i 1799 chun bailchríoch a chur ar a chuid oideachais. Ba ann a casadh a bhean, Maria Tereza, air. Chaith sé tamall ag obair do Napoléon Bonaparte.

Simón Bolívar, 1800

El Libertador

D'fhill Bolívar ar Veiniséala i 1807. Bhí sé páirteach sa troid in aghaidh Napoléon nuair a rinneadh rí na Spáinne de Joseph Bonaparte. D'fhógair an 'junta' i gCaracas a neamhspleáchas i 1810. Cuireadh Bolívar go Sasana ar mhisean taidhleoireachta.

I 1813 bhí Bolívar i gceannas ar ionradh míleata ar Veiniséala. Ghabh sé Mérida ar an 23 Bealtaine 1813, agus fógraíodh gurb é an Fuascailteoir (El Libertador) é. Lean cogadh a mhair sé bliana go dtí gur éirigh le Bolívar tír fheidearálach neamhspleách a chruthú darbh ainm Gran Colombia.

Lean an troid in aghaidh na Spáinne ar feadh na mblianta eile. Saoradh Peiriú in 1824.

Ar an 6 Lúnasa 1825 cuireadh Poblacht na Bolaive ar bun in ómós do Bolívar, agus scríobh sé bunreacht don tír nua.

Simón Bolívar, 1812

Theastaigh ó Bolívar tír mhór fheidearálach a bhunú a bheadh cosúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá ach bhí an oiread sin easaontais ann gur fhógair sé é féin ina dheachtóir ar Gran Colombia i 1828. Lean an t-achrann ar aghaidh áfach. D'éirigh sé as oifig ar an 27 Aibreán 1830.

Fuair Bolívar bás den eitinn ar an 17 Nollaig 1830.

Tagairtí