An difríocht idir athruithe ar: "An Cabhán"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Cata., defsort +
mNo edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}}
{{Úsáidíeile|baile an Chabháin|Contae an Chabháin}}

{{ie baile infobox|
ainm_an_bhaile = Cabhán|
íomhá_an_chírín = |
ainm_an_chontae = Contae an Chabháin|
cóor_thuaidh = 53.991019|
cóor_thiar = 7.360067|
ardú = 113 m |
sfx_cóor = left: 89px; top: 69px|
eangach = H419041 |
daonra_bhaile = 10,914 |
daonra_thuathúil = 4,796 |
daonáireamh = 2016 |
}}
Is é '''an Cabhán''', ar bhrí leis ná lug, príomhbhaile [[Contae an Chabháin|Chontae an Chabháin]] in [[Éire|Éirinn]]. Tá an baile gar don teorann idir [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] agus [[Tuaisceart Éireann]]. Ceanglaíonn an bóthar N3 an baile le [[Baile Átha Cliath]].
Is é '''an Cabhán''', ar bhrí leis ná lug, príomhbhaile [[Contae an Chabháin|Chontae an Chabháin]] in [[Éire|Éirinn]]. Tá an baile gar don teorann idir [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] agus [[Tuaisceart Éireann]]. Ceanglaíonn an bóthar N3 an baile le [[Baile Átha Cliath]].



Leagan ó 15:25, 18 Deireadh Fómhair 2020

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Cabhán

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°59′28″N 7°21′36″W / 53.991019°N 7.360067°W / 53.991019; -7.360067
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae an Chabháin Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Achar dromchla3.74 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde113 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1165586
Suíomh gréasáincavanudc.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an Cabhán, ar bhrí leis ná lug, príomhbhaile Chontae an Chabháin in Éirinn. Tá an baile gar don teorann idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Ceanglaíonn an bóthar N3 an baile le Baile Átha Cliath.

Stair

Ardeaglais Phádraig agus Fhelim, an Cábhán

Thóg clann Uí Raghallaigh, ainm a mhaireann sa dúiche, caisleán sa bhaile go déanach sa 13ú haois. Tógadh mainistir Proinsiasach sa bhaile timpeall an ama chéanna. Sa 15ú haois, chuir an taoiseach áitiúil, Eoin Ua Raghaillligh, margadh ar bun, a tharraing ceannaithe as Baile Átha Cliath agus as Droichead Átha. Thug Rí Séamus I cáirt don bhaile i 1610. Go luath sa 19ú haois, thóg muintir Farnham, tiarnaí talún áitiúla, sráid nua leathan ar a bhfuil a n-ainm i gcónaí. Tógadh tithe breátha, foirgnimh poiblí ar nós teach na cúirte 1825, agus eaglaisí ar an sráid.

Go déanach sa 19ú haois, ba cheangal tábhachtach idir línte traenach láir na tíre agus an iarthair agus an Northern Railway an Cabhán. Tá ardeaglais an Chill Mhóir trí mhíle siar ón mbaile. Sa 12ú haois a tógadh doras na h-eaglaise. Tá Farnham House siar aduaidh as baile an Chabháin ar na tithe is mó sa chontae. Tógadh mórthimpeall 1810 é, agus ba é Francis Johnston, ailtire as Baile Átha Cliath, a dhear é. Dhíol muintir Farnham é le gairid, agus táthar á iompú ina theach ósta agus ceantar scíth.

Gnó agus trácht

D´éirigh go maith leis an mbaile le fada maidir le gnónna áitiúla. Imeasc na ngnónna áitiúla, tá an comhlucht Kingspan (insliú foirgníochta), Quinn Group a chuir Séan Quinn ar bun, Lakeland Dairies agus Liffey Meats. D´éirigh leis an mbaile go leor gnónna seachtracha a tharraingt isteach, freisin, agus tá gnónna ar an mbaile ag Wellman International, Abbott Laboratories agus Pauwels Trafo. Ceapadh mar "development hub" an baile faoin "National Spatial Strategy" i 2004.

Bonneagar

Tá tuairim is 30,000 duine ag maireachtáil laistigh de theorann 10 míle den bhaile, agus mar sin tá an bonneagar iompair an-tábhachtach. Tá an baile suite bhóithre tábhachtacha de ghrád N, go Baile Átha Cliath agus go Béal Feirste. De réir an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000 – 2006 táthar le feabhsú mór a chur ar an mbóthar N3, le carrbhealach dúbailte le tógáil ó Cheanannas Mór go Baile Átha Cliath agus bóithre de chaighdeán ard as Ceanannas Mór go dtí an Cabhán. Easpa mór amháin atá ar an mbaile ná nach bhfuil seirbhís traenach ar bith chun an bhaile.

Naisc sheachtracha

Tagairtí