An difríocht idir athruithe ar: "Páirc an Fhionnuisce"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
+múnla
mNo edit summary
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Deer by papal cross.jpg|300px|thumb|[[Fia]]nna in aice le Cros an Phápa, i bPáirc an Fhionnuisce]]
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}} [[Íomhá:Deer by papal cross.jpg|300px|thumb|[[Fia]]nna in aice le Cros an Phápa, i bPáirc an Fhionnuisce]]
Is [[páirc]] phoiblí mhór in iarthuaisceart [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] in [[Éire|Éirinn]] í '''Páirc an Fhionnuisce'''.
Is [[páirc]] phoiblí mhór in iarthuaisceart [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] in [[Éire|Éirinn]] í '''Páirc an Fhionnuisce'''.



Leagan ó 12:54, 4 Deireadh Fómhair 2020

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPáirc an Fhionnuisce

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°21′21″N 6°19′47″W / 53.355789°N 6.329792°W / 53.355789; -6.329792
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla707 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1166557
Suíomh gréasáinphoenixpark.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Fianna in aice le Cros an Phápa, i bPáirc an Fhionnuisce

Is páirc phoiblí mhór in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn í Páirc an Fhionnuisce.

Tá sí ar cheann de na páirceanna poiblí cathrach is mó san Eoraip.[1]Áras an Uachtaráin (áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann), Deerfield (áit chónaithe oifigiúil Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá), Zú Bhaile Átha Cliath, agus Ceanncheathrú an Gharda Síochána go léir laistigh den pháirc.

Tá achar 712 heicteár sa pháirc, le go leor gort, coillte agus lochán inti. Tá balla seachtrach atá 11 ciliméadar ar fhad ina thimpeall.

Radhairc na Páirce

Áras an Uachtaráin

Is é Áras an Uachtaráin áit chónaithe oifigiúil d'Uachtarán na hÉireann.

Caisleáin an Ásaigh

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán an Ásaigh

Is é Caisleán an Ásaigh an foirgneamh is sine sa pháirc. Tá sé in aice Ionad Cuairteoirí na Páirce, agus tá bialann ann[2].

Cros an Phápa

Tógadh cros bán ollmhór do chuairt an Phápa sa bhliain 1979. D'fhreastal thart ar mhilliún duine ar Aifreann ag an am.

Zú Átha Cliath

Osclaíodh an Zú sa bhliain 1831[3]. Anois tá suíomh an Zú thart ar 60 acra[4].

Dún na hArmlainne

Tógadh Dún na hArmlainne sa bhliain 1735 in áit an "Phoenix Lodge"[5].

Ceanncheathrú an Garda Síochána

Tá ceanncheathrú na nGardaí suite i bPáirc an Fhionnuisce

Ospidéal Muire

Tá ospidéal do sheanóirí lonnaithe sa pháirc.

Áit chónaithe Ambasadóir Mheirceá

Spórt sa pháirc

Is iomaí áiseanna spóirt sa pháirc. Imríonn Na Gaeil Óga CLG cuid dá gcluichí baile ann agus déanann go leor foirne dá gcuid traenáil ann.

Naisc sheachtracha

Tagairtí