An difríocht idir athruithe ar: "Die Verwandlung (An Claochlú)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Kafka Verwandlung 016.jpg|mion]]
Is [[úrscéal]] le [[Franz Kafka]] í '''Die Verwandlung (An Claochlú)''' a foilsíodh den chéad uair sa bhliain [[1915]]. Ceaptar gurb í ceann de na húrscéalta is fiúntaí dár scríobhadh sa [[20ú haois]]. Déantar staidéar uirthi go forleathan in ollscoileanna.
Is [[úrscéal]] le [[Franz Kafka]] í '''Die Verwandlung (An Claochlú)''' a foilsíodh den chéad uair sa bhliain [[1915]]. Ceaptar gurb í ceann de na húrscéalta is fiúntaí dár scríobhadh sa [[20ú haois]]. Déantar staidéar uirthi go forleathan in ollscoileanna.



Leagan ó 19:12, 22 Meán Fómhair 2020

Is úrscéal le Franz Kafka í Die Verwandlung (An Claochlú) a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1915. Ceaptar gurb í ceann de na húrscéalta is fiúntaí dár scríobhadh sa 20ú haois. Déantar staidéar uirthi go forleathan in ollscoileanna.

An Scéal

Tosaíonn an scéal le díoltóir taistealach, Gregor Samsa, agus ag dúiseacht dó ar maidin chinniúnach, is léir dó go bhfuil sé aistrithe ina chiaróg ghránna thar oíche. De réir dealraimh, níl Gregor in ann é féin a chuir in iúl mar ba ghnách ach tá tuiscint agus mothúcháin fágtha aige. De réir mar a thiteann sé amach cuirtear ar an eolas muid go bhfuil Gregor freagrach as ioncam ar fad an teaghlaigh a shaothrú. Is iad baill an teaghlaigh ná a thuismitheoirí agus a dheirfiúr. Tá fiacha ag a athair don chomhlacht ina bhfuil Gregor fostaithe sa chaoi go bhfuil ar Gregor obair leis gan faoiseamh.

Díreach tar éis chlaochlaithe tá Gregor thar a bheith buartha faoina cuid oibre agus é faoi chomaoin ag an bhfostór. Ar dtús caitheann an teaghlach go maith leis agus go háirithe a dheirfiúr. Le himeacht ama éiríonn eatarthu agus faoi dheireadh goineann an t-athair an chiaróg le húll a chaitheann sé leis. Sa ghéarchéim airgeadais a leanann faigheann chuile bhall den teaghlach obair fhiúntach.

Ach de réir dealraimh tá rudaí ag dul in olcas do Ghregor agus séanann sé rud ar bith a ithe de bharr ísle brí agus na gona a d'fhulaing sé ón úll. Ag pointe suntasach san úrscéal, deir an deirfiúr nach féidir leo glacadh le Gregor mar bhall den theaghlach níos mó. Téann rudaí in olcas do Ghregor agus faigheann sé bás i ndeireadh thír thall.

Díreach tar éis bás Ghregor, fágann an triúr eile an teach le chéile den chéad uair ó tharla an claochlú agus braitheann siad nach bhfuil rudaí chomh dona sin leo. Agus na tuismitheoirí ag breathnú ar a n-iníon, mothaíonn siad go bhfuil sí go breá sláintiúil dathúil agus é in am di pósadh.

Naisc sheachtracha

Tagairtí