An difríocht idir athruithe ar: "Na Gealáin Thuaidh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2: Líne 2:
[[Íomhá:Polarlicht 2.jpg|thumb|''Aurora Borealis'', [[Alasca|Alaska]].]]
[[Íomhá:Polarlicht 2.jpg|thumb|''Aurora Borealis'', [[Alasca|Alaska]].]]


Is éard atá i gceist leis an g'''Caor Aduaidh''', na '''Saighneáin''' nó ''aurora borealis'' ná solais a fheictear thuas sa spéir faoi thionchar na gcáithníní faoi lucht leictreach a bhuaileann réimse maighnéadach an [[An Domhan|Domhain]]. Cuid den [[Grianghaoth|ghrianghaoth]] iad na cáithníní seo. Sna réigiúin pholacha is mó a fheictear iad, ach uaireanta is féidir iad a fheiceáil in [[Éire|Éirinn]] féin.
Is torthaí ar imbhuailtí idir [[Cáithnín fo-adamhach|cáithníní]] gáis inár n-[[atmaisféar]] agus cáithníní luchtaithe atá eisteilgthe ó atmaisféar na [[An Ghrian|gréine]] iad '''na''' '''Saighneáin,''' nó sa [[An leathsféar thuaidh|leathsféar thuaidh]], '''na Gealáin Thuaidh''', '''an''' '''Chaor Aduaidh''' nó ‘'''Aurora borealis'''’ .<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.met.ie/ga/education/the-northern-lights|teideal=Na Gealáin Thuaidh - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann|language=en|work=www.met.ie|dátarochtana=2020-09-20}}</ref> Is iad[[Solas|solais]] a fheictear thuas sa spéir faoi thionchar na g[[Cáithnín fo-adamhach|cáithnín]]í faoi [[lucht leictreach]] a bhuaileann réimse [[Maighnéadaihidridinimic|maighnéadach]] an [[An Domhan|domhain]]. Cuid den [[Grianghaoth|ghrianghaoth]] iad na cáithníní seo.


Tá réimse maighnéadach níos laige ag na [[An Pol Thuaidh|poil]], agus mar gheall ar sin tagann cuid de na cáithníní sin isteach in [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar an domhain]] agus imbhuaileann siad le cáithníní gáis. Bíonn [[solas]] mar thoradh ar na himbhuailtí agus is ar sin a thugaimid na Gealáin Thuaidh.
Le fírinne, ní thagraíonn na téarmaí ''aurora borealis'' agus ''an Chaor Aduaidh'' ach do na saighneáin a fheictear timpeall ar an bPol Thuaidh. Na cinn a fheictear i réigiún polach na h[[Antartaice]], tugtar ''aurora australis'' nó ''an Chaor Aneas'' orthu.


== Réalteolaíocht ==
Is é an míniú eolaíoch ná go bhfágann cáithníní na grianghaoithe adaimh ocsaigine agus nítrigine flosctha, is é sin, luchtaithe le fuinneamh a fhágann [[leictreon|leictreoin]] ar leibhéil níos airde ná áit a mbíonn siad agus an t-adamh sa bhunstaid. Nuair a thuirlingeoidh na leictreoin ar ais ón bhfloscadh, scaoilfidh siad an [[fuinneamh]] flosctha mar chandam [[solas|solais]] ([[fótón]]).


== Fisic ==
{{síol}}
Tá an domhan mar a bheadh [[Maighnéad|barramhaighnéad]], pol amháin gar don [[An Pol Thuaidh|Mhol Thuaidh]] is an pol eile gar don [[An Pol Theas|Mhol Theas]].<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Hussey, Matt|date=2011|url=|title=Fréamh an Eolais|journal=|volume=Coiscéim|issue=}}</ref> Tá réimse [[Maighnéadaihidridinimic|maighnéadach]] mórthimpeall an domhain, mar sin, a oibríonn ar mhaighnéid eile (rud is bun le héifeacht an [[Compás|chompáis]] mhaighnéadaigh) agus [[Cáithnín fo-adamhach|cáithníní]] a bhfuil [[lucht leictreach]] orthu, a ghluaiseann sa réimse sin.


Astaíonn an ghrian sruth cáithníní luchtaithe i ngach treo an t-am ar fad, a dtugtar an [[Grianghaoth|ghrianghaoth]] air. Gabhann réimse maighnéadach an domhain cuid de na cáithníní seo a thagann an treo, agus sraonann iad isteach i [[scamall]] ollmhór ar thaobh dorcha an domhain os cionn an [[Ianaisféar|ianaisféir]].

Is é an míniú eolaíoch ná go bhfágann cáithníní na grianghaoithe [[Adamh|adaimh]] [[Ocsaigin|ocsaigine]] agus [[Nítrigin|nítrigine]] flosctha, is é sin, luchtaithe le [[fuinneamh]] a fhágann [[leictreon|leictreoin]] ar leibhéil níos airde ná áit a mbíonn siad agus an t-adamh sa bhunstaid. Nuair a thuirlingeoidh na leictreoin ar ais ón bhfloscadh, scaoilfidh siad an [[fuinneamh]] flosctha mar chandam [[solas|solais]] ([[fótón]]).

Tagann an scamall seo le bheith éagobhsaí agus tarlaíonn cuaranfaí fíochmhara ann. Scaoileann na [[Spéirling|cuaranfaí]] seo na cáithníní luchtaithe faoi ard[[Luas (fisic)|luas]] i dtreo an domhain agus ianaíonn siad adaimh gáis san ianaisféar, rud a chruthaíonn na Saighneáin (Aurora Borealis) is na Gealáin Theas (Aurora Australis) a fheictear ag na domhanleithid arda ó thuaidh is ó dheas faoi seach.

== An seó soilse ==
Athróidh dath na nGealán Thuaidh mar gheall ar na cineálacha cáithníní gáis atá ag imbhualadh.

* Bíonn [[Glas|dath glas]]-[[Buí|bhuí]] ar mhóilíní [[ocsaigin]] ag thart ar 100 [[ciliméadar]] os cionn an [[Domhan|domhain]].
* Feictear aurora [[dearg]] nuair atá móilíní ocsaigin ag leibhéal ard i gceist.
* Cuireann [[Gorm|dath gorm]] agus [[corcra]] in iúl go bhfuil móilíní nítrigin i láthair.

== Áiteanna ==
Sna réigiúin pholacha is mó a fheictear iad, ach uaireanta is féidir iad a fheiceáil in [[Éire|Éirinn]] féin.

Le fírinne, ní thagraíonn na téarmaí ''aurora borealis'' agus ''an Chaor Aduaidh'' ach do na saighneáin a fheictear timpeall ar an b[[An Pol Thuaidh|Pol Thuaidh]]. Na cinn a fheictear i réigiún polach na h[[Antartaice]], tugtar ''aurora australis'' nó ''an Chaor Aneas'' orthu.

=== In Éirinn ===
Is i gcuideanna de [[Cósta|chósta]] an [[Iarthar|iarthair]] agus an [[Tuaisceart|tuaiscirt]] is fearr a bheadh seans leis an taispeántas a fheiceáil, [[contae Dhún na nGall]] go hairithe. Is i láithreacha nach bhfuil ach fíor-bheagán [[truailliú]] aeir is fearr le breathnú ar na Gealáin Thuaidh.

Tá roinnt seirbhísí réamhaisnéise ann do na Gealáin Thuaidh tagann seirbhís amháin mar sin ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Chuir sé seo réamhaisnéis tríocha nóiméad ar fáil don Aurora.

=== Réamhaisnéisí ===
Tá roinnt seirbhísí réamhaisnéise ann do na Gealáin Thuaidhː

* Sna Stáit Aontaithe, ta seirbhís ann ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Cuireann sé seo réamhaisnéisí tríocha nóiméad amach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.swpc.noaa.gov/products/aurora-30-minute-forecast|teideal=Aurora - 30 minute forecast {{!}} NOAA / NWS Space Weather Prediction Center|language=en|work=www.swpc.noaa.gov|dátarochtana=2020-09-20}}</ref>
* San [[An Fhionlainn|Fhionlainn]], tugann an Lárionad Meitéareolaíochta agus Aeráide réamhaisnéisí amach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://en.ilmatieteenlaitos.fi/northern-lights|teideal=Northern lights - Finnish Meteorological Institute|work=en.ilmatieteenlaitos.fi|dátarochtana=2020-09-20}}</ref>

== Eachtraí ==
Bíonn gnéithe raidió ag baint leis na gealáin.

Sa bhliain 1989 bhí an [[An Ghrian|ghrian]] an-ghníomhach, ag astú i bhfad níos mó cáithníní fuinniúla luchtaithe: tharla [[stoirm]] anchumasach gheomaighnéadach os cionn [[Cathair Québec|Chathair Québec]] i g[[Ceanada]] a rinne scrios ar chórais [[Teileachumarsáid|teileachumarsáide]] is [[Trasfhoirmeoir|trasfhoirmeoirí]] cumhachta an réigiúin

== Tagairtí ==
{{reflist}}
[[Catagóir:An tArtach]]
[[Catagóir:An tArtach]]
[[Catagóir:Réaltfhisic]]
[[Catagóir:Meitéareolaíocht]]
[[Catagóir:Tíreolaíocht]]
[[Catagóir:Antartaice]]

Leagan ó 15:54, 20 Meán Fómhair 2020

Aurora Borealis, Alaska.

Is torthaí ar imbhuailtí idir cáithníní gáis inár n-atmaisféar agus cáithníní luchtaithe atá eisteilgthe ó atmaisféar na gréine iad na Saighneáin, nó sa leathsféar thuaidh, na Gealáin Thuaidh, an Chaor Aduaidh nó ‘Aurora borealis’ .[1] Is iad ná solais a fheictear thuas sa spéir faoi thionchar na gcáithníní faoi lucht leictreach a bhuaileann réimse maighnéadach an domhain. Cuid den ghrianghaoth iad na cáithníní seo.

Tá réimse maighnéadach níos laige ag na poil, agus mar gheall ar sin tagann cuid de na cáithníní sin isteach in atmaisféar an domhain agus imbhuaileann siad le cáithníní gáis. Bíonn solas mar thoradh ar na himbhuailtí agus is ar sin a thugaimid na Gealáin Thuaidh.

Réalteolaíocht

Fisic

Tá an domhan mar a bheadh barramhaighnéad, pol amháin gar don Mhol Thuaidh is an pol eile gar don Mhol Theas.[2] Tá réimse maighnéadach mórthimpeall an domhain, mar sin, a oibríonn ar mhaighnéid eile (rud is bun le héifeacht an chompáis mhaighnéadaigh) agus cáithníní a bhfuil lucht leictreach orthu, a ghluaiseann sa réimse sin.

Astaíonn an ghrian sruth cáithníní luchtaithe i ngach treo an t-am ar fad, a dtugtar an ghrianghaoth air. Gabhann réimse maighnéadach an domhain cuid de na cáithníní seo a thagann an treo, agus sraonann iad isteach i scamall ollmhór ar thaobh dorcha an domhain os cionn an ianaisféir.

Is é an míniú eolaíoch ná go bhfágann cáithníní na grianghaoithe adaimh ocsaigine agus nítrigine flosctha, is é sin, luchtaithe le fuinneamh a fhágann leictreoin ar leibhéil níos airde ná áit a mbíonn siad agus an t-adamh sa bhunstaid. Nuair a thuirlingeoidh na leictreoin ar ais ón bhfloscadh, scaoilfidh siad an fuinneamh flosctha mar chandam solais (fótón).

Tagann an scamall seo le bheith éagobhsaí agus tarlaíonn cuaranfaí fíochmhara ann. Scaoileann na cuaranfaí seo na cáithníní luchtaithe faoi ardluas i dtreo an domhain agus ianaíonn siad adaimh gáis san ianaisféar, rud a chruthaíonn na Saighneáin (Aurora Borealis) is na Gealáin Theas (Aurora Australis) a fheictear ag na domhanleithid arda ó thuaidh is ó dheas faoi seach.

An seó soilse

Athróidh dath na nGealán Thuaidh mar gheall ar na cineálacha cáithníní gáis atá ag imbhualadh.

Áiteanna

Sna réigiúin pholacha is mó a fheictear iad, ach uaireanta is féidir iad a fheiceáil in Éirinn féin.

Le fírinne, ní thagraíonn na téarmaí aurora borealis agus an Chaor Aduaidh ach do na saighneáin a fheictear timpeall ar an bPol Thuaidh. Na cinn a fheictear i réigiún polach na hAntartaice, tugtar aurora australisan Chaor Aneas orthu.

In Éirinn

Is i gcuideanna de chósta an iarthair agus an tuaiscirt is fearr a bheadh seans leis an taispeántas a fheiceáil, contae Dhún na nGall go hairithe. Is i láithreacha nach bhfuil ach fíor-bheagán truailliú aeir is fearr le breathnú ar na Gealáin Thuaidh.

Tá roinnt seirbhísí réamhaisnéise ann do na Gealáin Thuaidh tagann seirbhís amháin mar sin ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Chuir sé seo réamhaisnéis tríocha nóiméad ar fáil don Aurora.

Réamhaisnéisí

Tá roinnt seirbhísí réamhaisnéise ann do na Gealáin Thuaidhː

  • Sna Stáit Aontaithe, ta seirbhís ann ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Cuireann sé seo réamhaisnéisí tríocha nóiméad amach.[3]
  • San Fhionlainn, tugann an Lárionad Meitéareolaíochta agus Aeráide réamhaisnéisí amach.[4]

Eachtraí

Bíonn gnéithe raidió ag baint leis na gealáin.

Sa bhliain 1989 bhí an ghrian an-ghníomhach, ag astú i bhfad níos mó cáithníní fuinniúla luchtaithe: tharla stoirm anchumasach gheomaighnéadach os cionn Chathair Québec i gCeanada a rinne scrios ar chórais teileachumarsáide is trasfhoirmeoirí cumhachta an réigiúin

Tagairtí

  1. "Na Gealáin Thuaidh - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann" (en). www.met.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. "Aurora - 30 minute forecast | NOAA / NWS Space Weather Prediction Center" (en). www.swpc.noaa.gov. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  4. "Northern lights - Finnish Meteorological Institute". en.ilmatieteenlaitos.fi. Dáta rochtana: 2020-09-20.