An difríocht idir athruithe ar: "Sergei Prokofiev"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
→‎Luathshaol: Lydian=Lidiach
clib: Mobile edit Mobile web edit
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 41: Líne 41:
Bhí Prokofiev an-tinn ar feadh ocht mbliain roimh a bhás.
Bhí Prokofiev an-tinn ar feadh ocht mbliain roimh a bhás.


Fuair Prokofiev bás ag aois 61 ar an 5 Márta 1953, an lá cheanna le [[Josef Stalin]]. Ag an am sin bhí sé ina gcónaí in aice le Red Square, agus ní raibh siad ábalta a choirp a bhogadh ar feadh trí lá mar bhí na slua chomh mór sin lasmuigh dá theach. Dúradh gur tharla [[Rith fola ceirbreach|rith fola]] ar a inchinn. Anois níl muid ró-chinnte céard a bhí ina thrúig bháis.
Fuair Prokofiev bás ag aois 61 ar an 5 Márta 1953, an lá céanna le [[Josef Stalin]]. Ag an am sin bhí sé ina chónaí in aice le Red Square, agus ní raibh siad ábalta a choirp a bhogadh ar feadh trí lá mar bhí an slua chomh mór sin lasmuigh dá theach. Dúradh gur tharla [[Rith fola ceirbreach|rith fola]] ar a inchinn. Anois níl muid róchinnte céard a bhí ina thrúig bháis.


== Tagairtí ==
== Tagairtí ==

Leagan ó 10:49, 20 Meán Fómhair 2020

Teimpléad:Bosca sonraí aisteoir

Rugadh Sergei Prokofiev sa Rúis ar an 23 Aibreán 1891. Thosaigh sé ag cumadóireacht ceol ag tús an 20ú haois, agus anois glactar gurb é duine de na cumadóirí ba thábhachtaí ón am sin. Scríobh sé píosaí ar nós Петя и волк (Gaeilge, "Peadar agus an mac tíre") agus The Love of Three Oranges. Fuair sé bás ar an 5 Márta 1953; bhí sé 61 bliain d'aois.

Prokofiev, 9 mbliain d'aois, agus an ceoldráma'The Giant'

Luathshaol

Rugadh Prokofiev i Sontsovka san Úcráin. Fuair sé inspioráid óna mháthair nuair a sheinn sí an pianó sna hoícheanta – de ghnáth Chopin agus Beethoven – agus dá bharr scríobh sé a chéad phíosa ceoil ag aois a cúig, Indian Gallop, bhí sé sa mhód Lidiach, mar ní raibh fonn air na nótaí dubha a úsáid. Ag aois 7 d’fhoghlaim sé conas ficheall a imirt. Bhí grá aige don fhicheall ar feadh a shaol ar fad. Ag aois 9 bhí sé ag cumadh a chéad cheolchoirm, The Giant, chomh maith le overture agus roinnt píosaí eile.

Serguei Prokofiev le Rostropovich

Sa bhliain 1902, bhuail máthair Prokofiev le Sergei Taneyev, stiúrthóir don Moscow Conservatory. Dúirt sé go raibh air ranganna a fháil ó Alexander Goldenweiser. Níor tharla sé seo, ach faoi dheireadh chaith sé an samhradh le Reinhold Glière. Ag deireadh an tsamhraidh bhí Prokofiev tar éis siansa a scríobh.  

Na blianta tar éis é seo thosaigh Prokofiev ag úsáid stíleanna aite ina cheol, m.sh. díshondas agus am chomhartha ait. Scríobh sé roinnt píosaí beaga don phianó ag an am sin ar a ghlaoch sé "ditties". Tar éis tamaill, bhog sé chuig St Petersburg. Bhí Nikolai Rimsky-Korsakov mar cheann de na múinteoirí.

I 1910, fuair athair Prokofiev bás agus stop sé ag fáil airgid uaidh.

Teaghlach Prokofiev

Ceol

Sa bhliain 1914, bhí buachan gan dua ag Prokofiev i gcomórtas pianó. Chuaigh sé chuig Londain agus scríobh sé a chéad bhailé.

I rith an chéad chogadh domhanda, chuaigh Prokofiev ar ais chuig scoil chun coinscríobh a sheachaint. I 1916 scríobh sé a chéad siansa, 'Classical'. Tá sé sa stíl neoclasaiceach. I 1918 chuaigh sé chuig Meiriceá.

Thosaigh Prokofiev a shaol I Meiriceá le ceolchoirm I Nua Eabhrac. Scríobh sé The Love of Three Oranges i rith an ama seo. Fuair an stiúrthóir bás, agus dá bharr níor tháinig sé amach ag an am ceart. Bhí air bogadh go Páras mar chaill sé an iomad airgid.

1991

Sa bhliain 1923 phós sé Carolina Codina.

Sa bhliain 1929 rinne sé damáiste dá lámh i dtimpiste bhóthair. I 1936, bhog sé ar ais chuig an Rúis. Bhí rialacha nua i bhfeidhm sa Rúis ag an am sin agus d'athraigh ceol Prokofiev dá bharr. I 1941 rinne sé ceolchoirm as an leabhar War and Peace (Cogadh is Síocháin). Thóg sé dhá bhliain chun é a scríobh. D'fhág sé a bhean chéile I rith an ama sin, ach níor fuair siad colscaradh.

reilig Novodevichy

Bás

Марка Почты России 1981

Bhí Prokofiev an-tinn ar feadh ocht mbliain roimh a bhás.

Fuair Prokofiev bás ag aois 61 ar an 5 Márta 1953, an lá céanna le Josef Stalin. Ag an am sin bhí sé ina chónaí in aice le Red Square, agus ní raibh siad ábalta a choirp a bhogadh ar feadh trí lá mar bhí an slua chomh mór sin lasmuigh dá theach. Dúradh gur tharla rith fola ar a inchinn. Anois níl muid róchinnte céard a bhí ina thrúig bháis.

Tagairtí