An difríocht idir athruithe ar: "John Cage"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Ag baint John_Milton_Cage_Jr.jpg amach, scrios Fitindia é ón Chómhaoin mar: No permission since 10 September 2020
Líne 9: Líne 9:

Ba é an smaoineamh a bhí ag Cage ná gurb é ceol an tsaoil nó ceol na beatha féin a bhí le cluinstin ag an lucht éisteachta. Mar sin b‟fhéidir go mbeadh duine amháin ag casachtaí, nó gíoscán ó shuíochán le brath agus ba iad na fuaimeanna seo, measctha leis an tost, an t-aonad ar a thug an cumadóir 4‟ 33”.

[[Íomhá:John Milton Cage Jr.jpg|mion]]

== Ceol Éireannach ==
== Ceol Éireannach ==

Leagan ó 07:34, 18 Meán Fómhair 2020

John Cage sa bhliain 1988

Cumadóir ceoil "avant garde" ab ea John Milton Cage (a rugadh i Los Angeles, California; 5 Meán Fómhair 191212 Lúnasa 1992). Bhain Cage feidhm as leictreonaic agus an pianó ullmhaithe (an fhuaim díchumtha le réada a chuirtear isteach sa ghléas).

Ceannródaí ba ea Cage. Mar shampla le "ceol seansúil", ní fios caidé mar a fhuaimneoidh an ceol roimh ré[1]. Tá an seinnteoir chomh saor agus is féidir leis a bheith chun tobchumadh a dhéanamh (taobh istigh de na teorainn atá leagtha síos ag John Cage). Sampla amháin de phíosa ceoil sa stíl seo ná “Imaginary Landscape” le John Cage áit a bhfuil 12 raidió ag seinm ag an am céanna. Thig leis na seinnteoirí an fhuaim a chur suas nó síos, nó an stáisiún a athrú de réir mar is mian leo. Braitheann an píosa ceoil ar caidé atá ar na stáisiúin éagsúla ag an am. Is furasta a aithint nach mbeadh aon dá sheinm den phíosa seo mar an chéanna. Níor bhac Cage le nodaireacht traidisiúnta, ach d‟úsáid sé nodaireacht ghrafach.

Sonata III ó Sonatas and Interludes, John Cage

Tost

Rinne Cage tástálacha le tost, inar bhain úsáid as dísle chun codanna dá chuid cumadóireachta a shocrú. 4‟ 33” is teideal do phíosa a chum John Cage. Sa phíosa seo níl ann ach seinnteoir amháin, ag an phianó, agus suíonn an seinnteoir ag an uirlis ar feadh 4 nóiméad 33 soicind. Ní sheinntear nóta ná ní dhéantar aon fhuaim faoi leith[2].

Ba é an smaoineamh a bhí ag Cage ná gurb é ceol an tsaoil nó ceol na beatha féin a bhí le cluinstin ag an lucht éisteachta. Mar sin b‟fhéidir go mbeadh duine amháin ag casachtaí, nó gíoscán ó shuíochán le brath agus ba iad na fuaimeanna seo, measctha leis an tost, an t-aonad ar a thug an cumadóir 4‟ 33”.

Ceol Éireannach

Sa bhliain 1979, léirigh Cage scór dár teideal “Roaratorio, an Irish Circus on Finnegan’s Wake”. Léigh Cage sliochtanna ó Finnegans Wake de chuid James Joyce le tionlacan ceoil ó cheoltóirí traidisiúnta, ina measc Seamus Ennis, Paddy Glackin, Joe Heany agus Mel Mercier[3].

Tagairtí

  1. Ceol don Ardteist, COGG
  2. Fonn Ceoil: Ceol don Teastas Sóisearach, Sinéad Ní Fhathaigh agus Deirdre Ní Chaomhánaigh, COGG
  3. BBC http://www.bbc.co.uk/programmes/p0108t6w
Síniú John Cage