An difríocht idir athruithe ar: "Tampere"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Réigiún
No edit summary
Líne 20: Líne 20:
}}
}}


Is í '''Tampere''' ([[Fionlainnis]]: ''Tampere'', [[Sualainnis]]: ''Tammerfors'') an tríú cathair is mó s[[an Fhionlainn]] agus an chathair is mó sna [[Críoch Lochlann|tíortha Lochlannacha]] nach bhfuil suite cois farraige. Tá breis is dhá chéad míle de dhaoine ina gcónaí i dTampere, agus cúig chéad trí chiliméadar cearnach is fiche d'achar ann. Tá an chathair ag críochantaíocht leis na ceantair (''kunta'') [[Kangasala]], [[Lempäälä]], [[Nokia (cathair)|Nokia]], [[Pirkkala]], [[Vesilahti]], [[Ylöjärvi]], [[Kuru]], [[Orivesi]], agus [[Ruovesi]].
Is í '''Tampere''' ([[Fionlainnis]]: ''Tampere'', [[Sualainnis]]: ''Tammerfors'') an tríú cathair is mó s[[an Fhionlainn]] agus an chathair is mó sna [[Críoch Lochlann|tíortha Lochlannacha]] nach bhfuil suite cois farraige. Tá breis is dhá chéad míle de dhaoine ina gcónaí i dTampere, agus cúig chéad trí chiliméadar cearnach is fiche d'achar ann. Tá an chathair ag críochantaíocht leis na ceantair (''kunta'') [[Kangasala]], [[Lempäälä]], [[Nokia (cathair)|Nokia]], [[Pirkkala]], [[Vesilahti]], [[Ylöjärvi]], [[Kuru (ceantar)|Kuru]], [[Orivesi]], agus [[Ruovesi]].


Tá an chathair suite idir dhá loch - [[Loch Näsijärvi]] agus [[Loch Pyhäjärvi]]. Níl ach ocht méadar déag eatarthu, agus nascann an fánsruth [[Tammerkoski]] iad le chéile i lár na cathrach.
Tá an chathair suite idir dhá loch - [[Loch Näsijärvi]] agus [[Loch Pyhäjärvi]]. Níl ach ocht méadar déag eatarthu, agus nascann an fánsruth [[Tammerkoski]] iad le chéile i lár na cathrach.

Leagan ó 14:12, 29 Lúnasa 2020

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha

Is í Tampere (Fionlainnis: Tampere, Sualainnis: Tammerfors) an tríú cathair is mó san Fhionlainn agus an chathair is mó sna tíortha Lochlannacha nach bhfuil suite cois farraige. Tá breis is dhá chéad míle de dhaoine ina gcónaí i dTampere, agus cúig chéad trí chiliméadar cearnach is fiche d'achar ann. Tá an chathair ag críochantaíocht leis na ceantair (kunta) Kangasala, Lempäälä, Nokia, Pirkkala, Vesilahti, Ylöjärvi, Kuru, Orivesi, agus Ruovesi.

Tá an chathair suite idir dhá loch - Loch Näsijärvi agus Loch Pyhäjärvi. Níl ach ocht méadar déag eatarthu, agus nascann an fánsruth Tammerkoski iad le chéile i lár na cathrach.

Stair

Armas Tampere

Cosúil le Béal Feirste agus Manchain, b'é an línéadach a rinne cathair mhór de Tampere. B'é an tAlbanach Séamas Mag Fhionnlaigh, nó James Finlayson, a bhunaigh monarcha línéadaigh Finlayson i dTampere sa bhliain 1820. Mar sin, is iad an lucht oibre, an tionsclaíocht, gluaiseacht an lucht oibre agus an Sóisialachas a d'fhág a mblas ar stair na háite ar fad. Tháinig tionsclaíocht eile sna sálaí ag an línéadach, go háirithe na ceártaí innealra. Nuair a bhí an línéadach ag borradh i dTampere mar thionscadal, ba nós Suomen Manchester nó Manchain na Fionlainne a thabhairt ar Tampere. Rinneadh "Manse" de Manchester i gcaint na ndaoine, agus sin é an leasainm atá ar Tampere inniu féin. Chuaigh daonra na háite in airde go sciobtha i ndiaidh theacht na tionsclaíochta, agus na scológa ag tarraingt ar an gcathair ar lorg saothair ó na ceantair thuaithe ina timpeall.

Sa bhliain 1918, chuir na Sóisialaigh agus na buirgéisigh cogadh cathartha san Fhionlainn, agus b'i dTampere a cuireadh an cath ba mhó sa chogadh sin. Bhí an troid go dona i gKalevankangas, i Messukylä agus i lár na cathrach. Básaíodh cuid mhór de na Gardaí Dearga i ndiaidh na gcathanna, agus cuireadh breis is deich míle acu i mbraighdeanas.

Oideachas

Tá dhá ollscoil ag obair i dTampere, Ollscoil Tampere (Tampereen yliopisto) agus Ollscoil Teicneolaíochta Tampere.