An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó hEochaidh"
mNo edit summary |

Líne 1: | Líne 1: | ||
{{WD Bosca Sonraí Duine}} |

{{Taoiseach na hÉireann bosca eolais |

|ainm=Cathal Ó hEochaidh |

|ainm_na_híomhá=Haughey.jpg |

|ord=6ú [[Taoiseach]] |

|i_bhfeidhmeannas=(1) [[11 Nollaig]] [[1979]] - [[30 Meitheamh]] [[1981]]
(2) [[9 Márta]] [[1982]] - [[14 Nollaig]] [[1982]]
(3) [[10 Márta]] [[1987]] - [[11 Feabhra]] [[1992]] |

|réamhtheachtaí=(1) [[Seán Ó Loingsigh]]
(2)/(3) [[Gearóid Mac Gearailt]] |

|comharba=[[Ailbhe Mac Raghnaill]] |

|dáta_breithe=[[16 Meán Fómhair]] [[1925]] |

|áit_bhreithe=[[Caisleán an Bharraigh]], [[Contae Mhaigh Eo|Maigh Eo]], [[Éire]] |

|marbh=marbh |

|dáta_báis=[[13 Meitheamh]] [[2006]] |

|áit_bháis=[[Cionn tSáile, Baile Átha Cliath|Cionn tSáile]], [[Contae Bhaile Átha Cliath]] |

|gairm=[[Cuntasóir]] |

|páirtí=[[Fianna Fáil]] |

|tánaiste=[[Seoirse Ó Colla]]
[[Micheál Ó Laoire]]
[[Réamann Mac Searraigh]]
[[Brian Pádraig Ó Luineacháin|Brian Ó Luineacháin]]
[[Seán P. Mac Uilliam]] |

|sloinne=O hEochaidh |

Ba é '''Cathal Séamas Ó hEochaidh'''<ref>''Charles James Haughey'' as [[Béarla]], nó '''Charlie Haughey''' de ghnáth </ref> ([[16 Meán Fómhair]], [[1925]] - [[13 Meitheamh]] [[2006]]) an 6ú [[Taoiseach]] na hÉireann ar feadh trí théarma agus an cheathrú cheannaire ar Fhianna Fáil. |
Ba é '''Cathal Séamas Ó hEochaidh'''<ref>''Charles James Haughey'' as [[Béarla]], nó '''Charlie Haughey''' de ghnáth </ref> ([[16 Meán Fómhair]], [[1925]] - [[13 Meitheamh]] [[2006]]) an 6ú [[Taoiseach]] na hÉireann ar feadh trí théarma agus an cheathrú cheannaire ar Fhianna Fáil. |

Leagan ó 19:47, 28 Lúnasa 2020
Ba é Cathal Séamas Ó hEochaidh[1] (16 Meán Fómhair, 1925 - 13 Meitheamh 2006) an 6ú Taoiseach na hÉireann ar feadh trí théarma agus an cheathrú cheannaire ar Fhianna Fáil.
Tús a shaoil
Saolaíodh Ó hEochaidh i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1925, an tríú páiste de sheachtar ag Sarah McWilliams agus Seán Ó hEochaidh (an bheirt acu ón Suaitreach i nDoire ó dhúchas). Bhí athair Ó hEochaidh in Óglaigh na hÉireann i rith Cogadh na Saoirse, agus ansin in Arm Náisiúnta Saorstát Éireann. Bhog an teaghlach go Contae na Mí sa bhliain 1928, agus ansin go nDomhnach Cearna i mBaile Átha Cliath.
Fuair Ó hEochaidh a oideachas i Meánscoil Naomh Iósaf na mBráithre Críostaí i bhFionnradharc. Le linn a óige, d'imir sé Peil Ghaelach le Parnell C.L.G. i nDomhnach Cearna.
Chuir Ó hEochaidh spéis sa pholaitíocht in UCD.
Chuaigh sé isteach san F.C.A (Fórsa Cosanta Áitiúil) i rith "Ré na Práinne" i 1941. D'fhan sé ann go dtí gur toghadh é go Dáil Éireann sa bhliain 1957.
T.D. agus Aire
Phós Ó hEochaidh Maureen Lemass i 1951. B'iníon í seo le Seán F. Lemass, a bhí ina Thaoiseach ag an am. Toghadh go Dháil é don chéad uair sa bhliain 1957. Atoghadh é i ngach toghchán go dtí 1992 (i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, Baile Átha Cliath Ard Aidhin agus Baile Átha Cliath Thuaidh-Láir).
Bhí ceathrar clainne acu; Emer Mulhern, Seán (Teachta Dála anois), Conor agus Ciarán.
Rinne Ó hEochaidh seirbhís mar
- an tAire Dlí agus Cirt (1961-1964)
- an tAire Talmhaíochta (1964-1966)
- an tAire Airgeadais (1966-1970)
- an tAire Sláinte agus Leasa Shóisialaigh (1977-1979),
Triail na n-Arm
Ag deireadh na seascaidí, bhris foréigean amach i dTuaisceart na hÉireann. Bhí Ó hEochaidh ina Aire Dlí i gcaibinéad Sheáin Uí Loingsigh ag an am. Ní fhacthas Ó hEochaidh mar taobhaitheoir leis an bhfeachtas foréigin ó thuaidh agus mar sin, bhí ionadh ann nuair a sacáladh Ó hEochaidh agus Niall Blaney ón gcaibinéad mar gheall ar líomhaintí gur úsáideadh airgead Stáit le airm a iompórtáil don IRA. Tógadh an bheirt chun triail in éineacht leis an gCaptaein James Kelly, agus fear gnó ón mBeilg darbh ainm Albert Luykx. Éigiontaíodh an ceathrar agus ceapadh go raibh saol polaitíochta Uí Eochaidh thart. Chaith sé roinnt blianta ar na cúlbhinsí ag iarraidh tacaíocht a ghineadh dó féin ón mbonn aníos.
Tréimhsí mar Thaoiseach
D'éirí Jack Lynch as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil sa bhliain 1979. Toghadh Ó hEochaidh i gcomharbacht air nuair a bhuaigh sé comórtas don cheannaireacht i gcoinne Seoirse Ó Colla a bhí ina Thánaiste ag an am. Chaith sé ceithre théarma mar Thaoiseach - (1979-1981; 1982 (Feabhra-Samhain); 1987-1989; 1989-1992).
Conspóidí
D'éirigh Ó hEochaidh as an bpolaitíocht sa bhliain 1992 mar gheall ar ábhair chonspóideacha a tháinig chun solais. Tharla scannal cúléisteachta agus ní raibh aon rogha ag Ó hEochaidh ach éirí as mar Thaoiseach agus as an bpolaitíocht go hiomlán. Bhí an chonspóid mar chuid lárnach dá shaol (ghnóthaigh sé an leasainm 'The Great Houdini') go háirithe tar éis dó éirí as.
D'ardaíodh roinnt ceisteanna thar na blianta maidir le foinse maoinithe a shaol rachmasach. Tháinig sé chun solais i mBínse Fiosruithe McCracken agus i mBinse Fiosruithe Uí Mhuircheartaigh go raibh ard-chaimiléireacht ar bun ag Ó Eochaidh trí íocaíochtaí neamh-fhógartha a bhfuair sé ó lucht ghnó na tíre a phróiseáil i gcuntais thar sáile, chomh maith le mí-úsáid a bhain sé as cuntas costaisí an Taoisigh.
Bás
D'éag Ó hEochaidh ar an 13 Meitheamh 2006 (le hailse phróstataigh) sa bhliain 2006. Cuireadh é i Reilig Naomh Fionntán i gCill Fhionntáin i dtuaisceart chathair Átha Cliath.
Tagairtí
- Básanna in 2006
- Ceannairí Fhianna Fáil
- Baill den 16ú Dáil
- Baill den 17ú Dáil
- Baill den 18ú Dáil
- Baill den 19ú Dáil
- Baill den 20ú Dáil
- Baill den 21ú Dáil
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Baill den 25ú Dáil
- Baill den 26ú Dáil
- Daoine as Contae Mhaigh Eo
- Daoine a rugadh i 1925
- Baill Fhianna Fáil