An difríocht idir athruithe ar: "An Cholóim"
m →Ranna |
mNo edit summary |
||
Líne 207: | Líne 207: | ||
| colspan="9" align=center style="background:#f5f5f5;" | Proyección 2020 - [[Departamento Administrativo Nacional de Estadística|DANE]] |
| colspan="9" align=center style="background:#f5f5f5;" | Proyección 2020 - [[Departamento Administrativo Nacional de Estadística|DANE]] |
||
|} |
|} |
||
<div style="clear:both" ></div> |
|||
<noinclude>[[Categoría:Wikiproyecto:Colombia (plantillas)]]</noinclude> |
|||
{{clear}} |
{{clear}} |
Leagan ó 22:11, 4 Lúnasa 2020
Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír i Meiriceá Theas í An Cholóim, le cóstaí ar an Aigéan Ciúin is ar an Aigéan Atlantach.
Tá teorainneacha aici le Veiniséala, leis an mBrasaíl, le Peiriú, le Eacuadór agus le Panama. Is í Bogotá an phríomhchathair. Tá 49 milliún duine ina gcónaí ann.
Stair
Bhí cogadh cathartha ar siúl sa Cholóim idir an eite dheis agus na reibiliúnaigh, ar a nglaotar FARC (Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia nó Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime). Le breis is 50 bliain bhí FARC i mbun eachtraí foiréigin sa tír agus d'fhág an chogaíocht ansin breis is 250,000 duine marbh[1].
Bhí an eite dheis ar thaobh an rialtais agus na reibiliúnaigh ar an eite chlé. Thacaigh rialtas SAM leis an eite dheis, i gcogadh i gcoinne na ndrugaí.
2002-2010
Nuair a toghadh Alvaro Uribe i réim i 2002, bhí an tír ar tí titim as a chéile[2]. Bhí greim docht ag na treallchogaithe FARC ar chuid den tír agus bhí siad díreach tar éis ceann dá n-éachtaí ba mhó a bhaint amach: fuadach Ingrid Betancourt, duine de na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránach a bhuaigh Uribe.
Le cúnamh Meiriceánach faoin bPlean Colómach, thug Uribe faoin FARC, go díreach dá mba chrosáid phearsanta í, rud nach ionadh é toisc gur mharaigh an FARC a athair tar éis gur theip ar fhuadach i 1983.
2010
I mí na Bealtaine 2010, críochnóidh Alvaro Uribe a dhara téarma mar uachtarán na Colóime. Toghadh Juan Manuel Santos ina uachtarán na Colóime don chéad uair ar 7 Lúnasa 2010. Bhí polasaí níos séimhe ag teastáil ó mhuintir na tíre ag an am sin, rud a thóg an FARC isteach sa phróiseas polaitiúil.
2016
Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta sa bhliain 2016.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána na bliana 2016 ar Uachtarán na Colóime Juan Manuel Santos dá iarrachtaí siúd an tsíocháin a chothú.
2 D.F. 2016: Vótáil móramh de phobal na tíre in aghaidh an chomhaontaithe síochána a bhí socraithe idir rialtas na tíre sin agus reibiliúnaithe an FARC[3]. Móramh beag a bhí i gceist.
IRA
Bhí triúr Éireannach a bhfuil ceangal acu leis an IRA ciontaithe i gcúirt sa Cholóim as tacú leis an FARC. Thréig siad an tír. Tugtar Triúr na Colóime orthu in Éirinn.
Ranna
Tá an Cholóim roinnte i 32 Ranna agus Dúiche Príomhchathrach atá mar aon le roinn cé go bhfuil Bogotá mar phríomhchathair roinne Cundinamarca. Tá na Ranna roinnte ina dhiahd sin i mbardais, agus ina dhiadh sin i corregimientos in áiteanna faoin tuath agus comunas in áiteanna uirbeach. Tá rialtas áitiúil ag gach roinn le gobharnóir agus tionól a toghfar gach ceithre bliana. Tá méara agus comhairle ag gach bardas freisin agus toghcháin áitiúil don bhord riaracháin áitiúil i ngach corregimientos agus comunas.
Chomh maith leis an bpríomhchathair tá stadas áirithe ag ceithre dúiche eile, de bhárr gnéithe sainiúil áirithe; sé sin Barranquilla, Cartagena, Santa Marta agus Buenaventura.