An difríocht idir athruithe ar: "Vladivostok"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 23: Líne 23:
[[Íomhá:Vladivostok centr i administratsia primorskogo kraya.JPG|thumb|Bhlidíbheastoc]]
[[Íomhá:Vladivostok centr i administratsia primorskogo kraya.JPG|thumb|Bhlidíbheastoc]]

Cathair in oirthear na [[An Rúis|Rúise]] is ea '''Vladivostok''' ([[Rúisis]]: Владивосток), i gcríoch Primor'e, is é sin, "an chríoch chois farraige". Is í príomhchathair na críche sin í. Sa bhliain 2019 bhí 605,049 duine ina gcónaí in Vladivostok, de réir an daonáirimh. Tá an chathair suite in aice le teorainneacha na Cóiré Thuaidh agus na Síne araon. "Rialtóir an Oirthir" is ciall d'ainm Rúisise na cathrach; an chéad ainm a bhí ar an áit ná ''Haixenwai'', sa teanga Manchúirise, agus is é is brí don ainm sin ná "sráidbhaile chois farraige". Chloisfeá an t-ainm Manchúirise ó na Sínigh freisin, cé gur fearr leo a dtraslitriú féin den ainm Rúisise a úsáid go hoifigiúil.

==Bunú==

Rinne na Rúisigh an chéad iarracht le háitreabh dá gcuid féin a bhunú san áit thiar sa bhliain 1860, ar an 20ú lá de Mheitheamh, nuair a rinne an long sholáthair úd ''Manchur'' cuan agus caladh ansin, de réir na n-orduithe a bhí faighte ag an gCaptaen Alexey Shefner. Ba iad an tOifigeach Barántais Nikolay Komarov, beirt oifigeach neamhchoimisiúnaithe eile agus ochtar saighdiúirí fichead a thóg na chéad fhoirgnimh arbh iad tús agus síol na cathrach nua iad.

Bhí na Sínigh ag dul le mianadóireacht óir timpeall na háite, agus sa bhliain 1868 chuir na Rúisigh cogadh - "Cogadh Manza" - ar an tSín leis na mianadóirí Síneacha a dhíbirt as an áit. Ní raibh sa chogadh seo ach an chéad iarracht a rinne an Rúis leis na criocha seo a shealbhú ón tSín. Sna 1870idí thosaigh na Rúisigh ag daingniú an cheantair in aghaidh na Síneach, agus lean na hoibreacha sin go dtí na 1890idí.

{{Síol}}
{{Síol}}

Leagan ó 15:01, 25 Iúil 2020

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha

Bhlidíbheastoc

Cathair in oirthear na Rúise is ea Vladivostok (Rúisis: Владивосток), i gcríoch Primor'e, is é sin, "an chríoch chois farraige". Is í príomhchathair na críche sin í. Sa bhliain 2019 bhí 605,049 duine ina gcónaí in Vladivostok, de réir an daonáirimh. Tá an chathair suite in aice le teorainneacha na Cóiré Thuaidh agus na Síne araon. "Rialtóir an Oirthir" is ciall d'ainm Rúisise na cathrach; an chéad ainm a bhí ar an áit ná Haixenwai, sa teanga Manchúirise, agus is é is brí don ainm sin ná "sráidbhaile chois farraige". Chloisfeá an t-ainm Manchúirise ó na Sínigh freisin, cé gur fearr leo a dtraslitriú féin den ainm Rúisise a úsáid go hoifigiúil.

Bunú

Rinne na Rúisigh an chéad iarracht le háitreabh dá gcuid féin a bhunú san áit thiar sa bhliain 1860, ar an 20ú lá de Mheitheamh, nuair a rinne an long sholáthair úd Manchur cuan agus caladh ansin, de réir na n-orduithe a bhí faighte ag an gCaptaen Alexey Shefner. Ba iad an tOifigeach Barántais Nikolay Komarov, beirt oifigeach neamhchoimisiúnaithe eile agus ochtar saighdiúirí fichead a thóg na chéad fhoirgnimh arbh iad tús agus síol na cathrach nua iad.