An difríocht idir athruithe ar: "An Cheathrú Rua"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 19: Líne 19:


== An sráidbhaile ==
== An sráidbhaile ==
Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Cúpla bliain ó shin raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, tá go leor tógáil á déanamh san cheantar le gairid, páipéar nuachta náisiúnta ''Foinse'' bunaithe anseo anois chomh maith le foirgnimh de chuid ollscoil na Gaillimhe. Tá go leor tithíochta príobháidí agus eastáit tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas.
Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, agus dá thairbhe sin tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. fada an lá ó nach raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, ach tá go leor tógáil ar siúl san cheantar le gairid. Tá an páipéar nuachta náisiúnta ''Foinse'' bunaithe anseo anois chomh maith le foirgnimh de chuid Ollscoil na Gaillimhe. Tá go leor tithíochta príobháidí agus eastáit tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas.


== Áras Mháirtín Uí Chadhain ==
== Áras Mháirtín Uí Chadhain ==

Leagan ó 00:25, 25 Iúil 2020

Teimpléad:Ie baile infobox

Sráidbhaile mór is ea an Cheathrú Rua (Carraroe as Béarla go traidisiúnta) atá suite i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sí i lár Ghaeltacht Chonamara. Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar Húicéirí na Gaillimhe (Púcáin) agus ar Thrá an Dóilín. Tagann formhór na dturasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus Gaeilge a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is ar an gCeathrú Rua atá Coláiste Chiaráin suite, agus na mílte scoláire óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus rásaí curach ar an mbaile freisin.

Gaeilge

Siopa sa Cheathrú Rua, 13 Samhain 2004

Is í an Ghaeilge (Canúint Chonnachta go sainiúil) príomhtheanga labhartha na Ceathrún Rua, agus tá sí ar na háiteanna is láidre Gaeilge i nGaeltacht Chonnacht agus in Éirinn na laethanta seo. Tá thart ar 3,400 duine ina gcónaí sa sráidbhaile agus labhraíonn thart ar 85% acu Gaeilge go laethúil, de réir fhigiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge.

An sráidbhaile

Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, agus dá thairbhe sin tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Ní fada an lá ó nach raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, ach tá go leor tógáil ar siúl san cheantar le gairid. Tá an páipéar nuachta náisiúnta Foinse bunaithe anseo anois chomh maith le foirgnimh de chuid Ollscoil na Gaillimhe. Tá go leor tithíochta príobháidí agus eastáit tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas.

Áras Mháirtín Uí Chadhain

Áras Mháirtín Uí Chadhain

Áras Mháirtín Uí Chadhain, foirgneamh de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina reáchtáltar cúrsaí teanga, ríomhaireachta srl., lonnaithe ar an gCeathrú Rua.

Radharc sa Cheathrú Rua