An difríocht idir athruithe ar: "An Iaráic"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 63: Líne 63:


===Cogadh cathartha ===
===Cogadh cathartha ===
I mí Aibreáin 2010, chuir [[WikiLeaks]] físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaigh fórsaí [[SAM]] sibhialtaigh [[an Iaráic|hIaráice]] agus iriseoirí, os comhair an domhain, ar a dtugtar ''Collateral Murder''.
I mí Aibreáin 2010, chuir [[WikiLeaks]] físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaigh fórsaí [[SAM]] sibhialtaigh [[an Iaráic|hIaráice]] agus iriseoirí, ar a dtugtar ''[[Collateral Murder]]''.


[[Íomhá:Bergan oil field fire.jpg|mion|Feabhra, 1991: Chuir fórsaí míleata [[Saddam Hussein]] olacheantair [[Cuáit|Chuáit]] le tine.]]
[[Íomhá:Bergan oil field fire.jpg|mion|Feabhra, 1991: Chuir fórsaí míleata [[Saddam Hussein]] olacheantair [[Cuáit|Chuáit]] le tine.]]

Leagan ó 00:47, 13 Iúil 2020

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Tír sa Mheánoirthear agus in iardheisceart na hÁise í Poblacht na hIaráice. Tá sí ag críochantaíocht leis an Araib Shádach agus le Cuáit theas, leis an Tuirc sa tuaisceart, leis an Siria san iarthuaisceart, leis an Iordáin san iarhar, agus leis an Iaráin san oirthear. Thugtaí an Mheaspatáim ar an dúiche seo.

Stair

Ba i réigiún na Measapatáime, idir an Eofrait agus an Tígris, a cuireadh tús le roinnt de na sibhialtachtaí is ársa ar domhan, na Suiméaraigh, na Bablóinigh agus na hAsaírigh. Tar éis a bheith faoi cheannas na Peirse ar feadh i bhfad, ghabh na hArabaigh seilbh ar an réigiún sa bhliain 656, agus aistríodh an Chailifeacht go dtí an chathair nua í mBagdad sa bhliain 762 (in aice leis an Bhablóin ársa). Bhí Bagdad ina príomhchathair don domhan Arabach ar feadh na gcéadta bliain go dtí gur chuir an Impireacht Otamánach an ceantar faoi chois sa bhliain 1534.

Cogadh Iaráin - Iaráic

Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin.

Maraíodh 1,000,000 ar an dá thaobh[1].

Chuir na Náisiún Aontaithe deireadh leis an doirteadh fola sa bhliain 1988[2].

Cogadh na Murascaille

Thosaigh an Cogadh na Murascaille ar an 2 Lúnasa 1990 nuair a thóg Saddam Hussein an t-ordú ionsaí a dhéanamh ar Chuáit. Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teith ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobair ola atá go flúirseach sa tír seo.

Cogadh na hIaráice

Ar an 19 Márta 2003 chuir an chomhghuáillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh na hIaráice. Chuaigh Tony Blair agus George W. Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d’fhéadfadh tarlú[3].

Is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin[4].

Cogadh cathartha

I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder.

Feabhra, 1991: Chuir fórsaí míleata Saddam Hussein olacheantair Chuáit le tine.

Tagairtí

  1. https://www.britannica.com/event/Iran-Iraq-War
  2. Mícheál Bréartúin.  "Ar Deoraíocht sa Bhaibealóin: Sleachta as dialann na hIaráice". Feasta 53 (2),  1 Feabhra 2000  lch 17-19. http://www.feasta.ie
  3. beo.ie, EAGRÁN 24 · AIBREÁN 2003
  4. Beo.ie EAGRÁN 108 · AIBREÁN 2010
Léarscáil