An difríocht idir athruithe ar: "Athrú Aeráide"
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 26: | Líne 26: | ||
[[Catagóir:Éiceolaíocht]] |
[[Catagóir:Éiceolaíocht]] |
||
[[Catagóir:Aimsir]] |
[[Catagóir:Aimsir]] |
||
[[Catagóir:Téamh domhanda]] |
|||
[[Catagóir:Athrú aeráide]] |
Leagan ó 19:23, 17 Meitheamh 2020
Ciallaíonn téamh domhanda go bhfuil teocht an domhain ag ardú.[1] Tá an fás atá le feiceáil i meánteocht an domhain leis na blianta. Mar sin, tá an aeráid ag athrú. Má éiríonn an domhan níos teo, tá dainséar ann go n-athróidh sé sin cúrsaí báistí agus go dtiocfaidh ardú ar leibhéal na farraige. Tá imní ar eolaithe freisin go n-éireoidh na ceantair thirime níos tirime.
Athrú
Ó 1970 ar aghaidh ardaíodh meánteocht an domhain (an t-aer, an talamh, is an fharraige) timpeall 1 °C. I 12 bhliain den 13 bhliain 1998-2009 bhí an mheánteocht níos mó ná riamh ó tosaíodh ar dhéanamh taifead.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil an domhan ina iomláine ag fáil níos mó fuinneamh téite ón ngrian ná mar atá sé ag cailliúint trí aisradaíocht amach sa spás. Is de bharr athrú san iarmhairt cheaptha teasa ag an atmaisféar an téamh seo.
Thar roinnt mílte bliain bhí cothromaíocht idir an méid teasa a ghabh an t-atmaisféar agus an méid a aisradaíodh gach bliain. Ach anois, mar thoradh ar bhreis dé-ocsaíd charbóin is meatáin (gáis cheaptha teasa) a bheith á sceitheadh san atmaisféar ag daoine, tá an tseanchothromaíocht idir ionchur is aschur teasfhuinnimh á cur as a riocht, agus an suaitheadh ag méadú in aghaidh na bliana.
Iarmhairtí
D'fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann
- Faoi 2050 beidh an mheánteocht ardaithe 1 °C eile ar a laghad, agus tá saineolaithe ann a bhfuil eagla orthu go mb'fhéidir go mbeidh an t-ardú chomh mór le 5-6 °C. Is baol go mbeidh torthaí cinniúnacha ar athrú mar sin: suaithfear an aimsir is an aeráid go mór ar fud an domhain.
- Beidh aimsir thaomach ann go minic, mar shampla cuaranfaí, tuilte is triomaigh. Beidh na milliúin daoine ruaigthe as réigiúin ísle na hÁise ag cuaranfaí trópaiceacha. Is baol go leathnóidh na gaineamhlaigh san Afraic, an Áise, an Astráil agus Meiriceá.
- Leáfar cuid mhaith de na hoighearshruthanna is na hoighearchaidhpeanna ar fud an domhain, ardófar leibhéal na farraige dá bharr agus de thoradh forbartha teirmí, agus báfar cuid mhaith réigiún íseal atá plódaithe le daoine. Is baol go n-asáiteofar daonraí ollmhóra.
- Meastar go mbeidh galair thrópaiceacha atá measartha anois, ar nós na maláire, forleathan sa domhan.
Torthaí sóisialta
Is deacair na torthaí sóisialta is polaitiúla uile a shamhlú, ach is féidir go mbeidh siad millteanach.
Tagairtí
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |