An difríocht idir athruithe ar: "An Phortaingéilis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1: Líne 1:
{{Teanga|ainm=Portaingéilis|ainm_sa_teanga='''Português'''
{{Teanga|ainm=Portaingéilis|ainm_sa_teanga='''Português'''
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Angóla]], [[an Bhrasaíl]], [[Poblacht Mhósaimbíc|Mósaimbíc]], [[an Phortaingéil]] agus tíortha eile an CPLP.
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Angóla]], [[an Bhrasaíl]], [[Macau]], [[Poblacht Mhósaimbíc|Mósaimbíc]], [[an Phortaingéil]] agus tíortha eile an CPLP.
|réigiún=[[An Eoraip|Eoraip]], [[Meiriceá Theas]], [[an Afraic]] agus [[an Áise]]
|réigiún=[[An Eoraip|Eoraip]], [[Meiriceá Theas]], [[an Afraic]] agus [[an Áise]]
|cainteoirí=280 milliún
|cainteoirí=280 milliún

Leagan ó 06:34, 24 Bealtaine 2020

Teimpléad:Teanga

Is í an Phortaingéilis teanga náisiúnta na Portaingéile, chomh maith le 5 dtír neamhspleách eile ar fud an domhain. Labhraíonn timpeall is 280 milliún duine ó dhúchas í ar fud an domhain, agus céad milliún eile mar dhara teanga nó mar theanga iasachta. Mar sin, tá sí ar theangacha móra an domhain, agus meastar go bhfuil sí ar an tséú teanga is líonmhaire cainteoirí.

Chuaigh an teanga ar fud an domhain nuair a bhunaigh na Portaingéalaigh a n-impireacht choilíneach. Inniu, tá sí ar an tseachtú teanga is líonmhaire cainteoirí. Is í an Phortaingéilis atá ó dhúchas ag duine as gach beirt i Meiriceá Theas, cé nach labhraítear ach in aon tír amháin í - an Bhrasaíl, ar ndóigh.

Cé go bhfuil dlúthghaol ag an bPortaingéilis leis an Spáinnis, rud atá le haithint ar an ngramadach ach go háirithe, tá fuaimeanna na teanga níos cosúla leis an bhFraincis agus leis an gCatalóinis, nó bíonn gutaí doiléire agus gutaí srónacha le cloisteáil sa Phortaingéilis. Mar cheann de theangacha móra an domhain, is léir gur teanga mhór litríochta agus filíochta í freisin. Is é an cur síos a thug duine d'fhilí móra na Brasaíle ar a theanga dhúchais ná bláth deireanach Latium, chomh fiáin, chomh hálainn.

Stór focal

Fuair an Phortaingéilis an chuid is mó dá stór focal ón Laidin, ar ndóigh, ach thairis sin, tá focal Araibise, Bascaise, Ceilteacha agus Gearmáinice (ó na Viseagotaigh) ann. Ar ndóigh, cloistear a lán focal ó na teangacha bundúchasacha sa Bhrasaíl. Bhí an-trádáil ag na Portaingéalaigh sa Chian-Oirthear, tráth, agus ba ansin a d'fhoghlaim siad an focal Sínise chá, tae. (Le fírinne, is ionann chá agus "tae" mar fhocail, ach tháinig siad ó chanúintí difriúla Sínise.) Sa Bhrasaíl, bhí an teanga bhundúchasach Nheengatulingua geral ("teanga ghinearálta") á labhairt go coitianta faoin tuath, fiú ag sliocht na nEorpach, agus is iomaí focal a tháinig ón teanga sin, go háirithe ainmneacha na n-ainmhithe, na n-éan agus na bplandaí. (Inniu, ní chloisfeá an lingua geral ach i gcorr-áit sa Bhrasaíl. Teanga Tupi-Guaraní í a bhfuil gaol aici le Guaráinis Pharagua.)

Gramadach

Is é an briathar an chuid is deacra de ghramadach na Portaingéilise, mar is dual do theanga Rómánsach.

Cá labhraítear Portaingéilis?

Angóla

Is teanga oifigiúl í an Portaingéilis san Angóla. De réir staidéar a bhí déanta i 2012, is í Portaingéilis an máthairtheanga do 39% do daonra Angóla. Tá seans an nach bhfuil sé comh árd sin toisc go raibh an staidéar déanta sa cathair.

An Astráil

I 2001 bhí Portaingéilis an príomtheanga do 23,688 duine san Astráil.

An Bhrasaíl

Is í Portaingéilis an t-aon teanga oifigiúl sa Bhrasaíl. Tá thart ar 99% do daonra Bhrasaíl ábalta Portaingéilis a labhairt.

Ceanada

I 2011 bhí Portaingéilis an máthairtheanga do 211,335 duine i gCeanada shíos ó 219,275 duine i 2006.

Guine Bissau

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúl i bPoblacht Guine Bissau. Tá sí ó dúchas ag idir 11-14% don daonra.

an Ghuine Mheánchiorclach

Is teanga oifigiúl í an Portaingéilis sa Ghuine Mheánchiorclach comh maith leis an Spáinnis agus an Fraincís.

Macau

Is teanga oifigiúl í an Portaingéilis i Macau. Is í an Príomtheanga do 0.6% do daonra Macau

Mósaimbíc

Is í Portaingéilis an t-aon teanga oifigiúl sa Mósaimbíc. Tá eolas ar an Portaingéilis ag 50.4%(2007) ach níl sí ó dúchas ach ag 3%(1998). I 2007 bhí Portaingéilis an príomtheanga do 12.78%.

An Namaib

Cé nach bhfuil an Portaingéilis oifigiúl sa Namaib bhí sé measta i 2011 go bhfuil sí an máthairtheanga do timpeall ar 100,000 (4-5% do daonra an Namaib).

An Phortaingéil

Tagann an Portaingéilis as an Phortaingéil. Is í an t-aon teanga oifigiúl atá ag an Portaingéil agus is í an máthairtheanga do fórmhór don daonra.

São Tomé agus Príncipe

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúl i São Tomé agus Príncipe. Tá 98.4% do daonra São Tomé agus Príncipe ábalta an Portaingéilis a labhairt.

S.A.M.

De réir American Community Survey 2006-2010 bhí Portaingéilis an príomtheanga do 684,493 duine i S.A.M.. Bhí thart ar 26.5%(181,437) do na cainteoirí Portaingéilis i gcónaí i Massachusetts.

Tíomór Thoir 

Tá an Portaingéilis oifigiúl sa Tíomór Thoir. De réir an daonáireamh i 2010 bhí Portaingéilis an máthairtheanga do timpeall ar 600 duine. Bhí sé measta i 2012 go raibh 35% do daonra Tíomór Theas ábalta Portaingéilis a léamh, scríobh agus í a labhairt.

Tagairtí