An difríocht idir athruithe ar: "Sándor Petőfi"
Eomurchadha (plé | dréachtaí) No edit summary |
Eomurchadha (plé | dréachtaí) |
||
Líne 6: | Líne 6: | ||
Rugadh é i Kiskőrös agus inimircigh Shlóvacacha nó Sheirbiacha ab ea a thuismitheoirí. Ba é Alexander Petrovics a ainm breithe ach d'aistrigh sé a ainm go hUngáiris. |
Rugadh é i Kiskőrös agus inimircigh Shlóvacacha nó Sheirbiacha ab ea a thuismitheoirí. Ba é Alexander Petrovics a ainm breithe ach d'aistrigh sé a ainm go hUngáiris. |
||
Tógadh é in Kiskunfélegyháza agus d'oibrigh sé in amharclanna, scoileanna agus nuachtáin timpeall na tíre. Fuair sé foilsitheoir i 1844 agus d’éirigh sé ina fhile rathúil. Phós sé Júlia Szendrey agus bhí mac amháin acu, Zoltán a rugadh ar an 15 Nollaig 1848. Bhuail sé le |
Tógadh é in Kiskunfélegyháza agus d'oibrigh sé in amharclanna, scoileanna agus nuachtáin timpeall na tíre. Fuair sé foilsitheoir i 1844 agus d’éirigh sé ina fhile rathúil. Phós sé Júlia Szendrey agus bhí mac amháin acu, Zoltán a rugadh ar an 15 Nollaig 1848. Bhuail sé le hintleachtóirí réabhlóideacha (Márciusi Ifjak - Ógánaigh Máirseála) in Pest. Thosaigh an réabhlóid ar an 15 Márta 1848. Throid sé in arm réabhlóideach na hUngáire leis an nginearál Józef Bem san Trasalváin. Fuair sé bás i Segesvár i gcath in aghaidh arm na Rúise ar an 31 Iúil 1849. |
||
== Saothair == |
== Saothair == |
Leagan ó 22:39, 18 Bealtaine 2020
Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir
File agus réabhlóidí Ungáireach ab ea Sándor Petőfi a rugadh ar an 1 Eanáir 1823 agus a fuair bás ar an 31 Iúil 1849. Is file náisiúnta é san Ungáir agus ba phríomhfhigiúr é i réabhlóid na hUngáire sa bhliain 1848. Scríobh sé Nemzeti Dal (Amhrán Náisiúnta), amhrán na réabhlóide agus fuair sé bás i gCath Segesvár ar an 31 Iúil 1849.
Saol
Rugadh é i Kiskőrös agus inimircigh Shlóvacacha nó Sheirbiacha ab ea a thuismitheoirí. Ba é Alexander Petrovics a ainm breithe ach d'aistrigh sé a ainm go hUngáiris.
Tógadh é in Kiskunfélegyháza agus d'oibrigh sé in amharclanna, scoileanna agus nuachtáin timpeall na tíre. Fuair sé foilsitheoir i 1844 agus d’éirigh sé ina fhile rathúil. Phós sé Júlia Szendrey agus bhí mac amháin acu, Zoltán a rugadh ar an 15 Nollaig 1848. Bhuail sé le hintleachtóirí réabhlóideacha (Márciusi Ifjak - Ógánaigh Máirseála) in Pest. Thosaigh an réabhlóid ar an 15 Márta 1848. Throid sé in arm réabhlóideach na hUngáire leis an nginearál Józef Bem san Trasalváin. Fuair sé bás i Segesvár i gcath in aghaidh arm na Rúise ar an 31 Iúil 1849.
Saothair
Scríobh sé faoi théamaí an bhéaloidis, a ghrá agus a phósadh le Júlia, radharcra na hUngáire agus faoin réabhlóid. Tá a dhánta ar fáil i go leor teangacha.
- Az alföld (An Machaire Mór na hUngáire) (1944)
- János Vitéz (Seán Cróga) (1945)
- Szeptember végén (Deireadh mhí Mheán Fómhair) (1847)
- Az apostol (An Aspal) (1848)
- Dicsőséges nagyurak (Tiarnaí Glórmhara) (1848)
- Nemzeti dal (Amhrán Náisiúnta) (1848)