An difríocht idir athruithe ar: "Plé úsáideora:TGcoa"

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
DaithíÓ (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 120: Líne 120:


Mar eolas dráma eile ar fad ceann Titley, ní aistriúchán é. Ag Fanacht le Godot - teideal an aistr Ghaeilge. [[Úsáideoir:Eomurchadha|Eomurchadha]] ([[Plé úsáideora:Eomurchadha|plé]])
Mar eolas dráma eile ar fad ceann Titley, ní aistriúchán é. Ag Fanacht le Godot - teideal an aistr Ghaeilge. [[Úsáideoir:Eomurchadha|Eomurchadha]] ([[Plé úsáideora:Eomurchadha|plé]])

==DaithíÓ==
A Tgcoa táim buíoch gur chuir tú suim i mo chuid altanna agus beagáinín díomách faoin iliomad 'glanadh' a chuir tú leobh.
Bhéinn buíoch dá gceartófá iad, diaidh ar ndiaidh más gá, sa chaoi go bhfoghlamóinn. Ní gaeilgeoir gairmiúla mé ach táim ag iarraidh chuir leis an tógra.

Leagan ó 07:22, 18 Bealtaine 2020

Fáilte

Haigh, a TGcoa, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chéad dréachtaí anseo. Tá súil agam go mbeidh níos mó ann agus go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú nó a cheartú. Thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile, más mian leat é sin a dhéanamh, nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 20:46, 24 Eanáir 2015 (UTC)[reply]

Duaiseanna Nobel

A TGcoa,

Tá "Duais Nobel sa Litríocht" ceart. Féach an nóta a scríobh mé anseo. An n-éireofá as na hathruithe seo agat? Go raibh math agat. SeoMac (talk) 08:37, 12 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]

Do chuid athruithe ar an Vicipéid

A TGcoa, léigh mé do theachtaireacht dheireanach ar an leathanach plé i gcomhair Duais Nobel. Tá sé níos fearr freagra a thabhairt anseo.

Tá Gaeilge mhaith ag an duine a scríobh "J.M. Coetzee" (cé go moltar an Caighdeán Oifigiúil a úsáid mura bhfuil baint ag alt le canúint). Maidir le "moladh" molaim duit amharc ar mol i bhfoclóir Uí Dhónaill, fochiall uimh. 4. Bhí sé láncheart. Agus ní raibh i gceist le "sitúdeo" (Wayne Thiebaud) ach mionbhotún cló. Thabharfainn faoi deara é ar an dara huair tríd an alt domh agus tá lánchead ag daoine eile rud mar sin a chur i gceart chomh maith. Ní "faisean" é má bhíonn Panu, Matt Hussey agus Antain Mac Lochlainn ag aistriú "Nobel Prize in X" mar "Duais Nobel sa X". Níl do chuid Gaeilge inchurtha lena gcuidse. B'fhéidir go mbeadh "do X" nó an tuiseal ginideach níos fearr, ach tá "sa X" lánréasúnta. Tá sé chomh nádúrtha gur roghnaigh lucht Vicipéidí Ghaeilge na hAlban agus na Manainnise an bealach céanna chun é a aistriú.

Tá a lán le ceartú ar an Vicipéid s'againne—go díreach mar a bhíonn a lán droch-Bhéarla le ceartú ar Vicipéid an Bhéarla (idir an Bhéarla liobarnach ag cuid de na cainteoirí dúchais agus dhroch-Bhéarla na ndaoine nach bhfuil Béarla ón chliabhán acu). Aontaím leat go gcaithfidh muid a bheith faichilleach cúramach. Tú féin san áireamh. Níor cheart duit "moladh" a athrú in cupla dosaen alt de chuid Felo de Me gan ar a laghad féachaint in Ó Dónaill. Agus níor cheart duit "Duais Nobel sa Litríocht" a athrú in cupla scór alt gan an cheist a phlé leis na daoine eile anseo ar dtús. Cathfidh a bheith ábalta na botúin a cheartú. Ceartaíonn tú rudaí nach bhfuil mícheart agus ní thugann tú faoi deara fíorbhotúin go díreach in aice leo (féach San Francisco. Níl mé ag rá go gcaithfidh tú a bheith foirfe (déanaimse féin botúin ach má cheartaím 15 nó 20 earráid ar achan cheann a dhéanaim, sin dul chun cinn). Tá mé ag iarraidh ort gan ach botúin shoiléire a cheartú. SeoMac (talk) 19:40, 19 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]



Bhuel ní bheidh iontas ort go bhfuil barúil eile agam. Dúirt tú go raibh tú amhrasach faoi céard tá cruinn / míchruinn. Agus dá bharr sin, ní maith leat athruithe a chur ar leathanaigh a scríobh na saineolaithe móra, athruithe ó bhun go hairithe. Mar sin, tá stíl imchoimeádach agat le do chuid eagarthóireachta (m. sh. na leathanaigh thuas a luaigh tú).

Tá tú “ag iarraidh orm gan ach botúin shoiléire a cheartú”. Tá a fhios agat go bhfuil drochíomhá ag Vicipéid i measc pobal na Gaeilge. Ta an stíl tábhachtach (go háirithe má tá teideal i gceist). Caithfidh an eagarthóireacht a bheith níos sáití i mo thuairim féin más féidir (ok easpa ama, easpa eolais srl)

Agus bímis foirfe, le do thoil! Ná habair nár chaith me súil ar Ó Donaill. Níl a fhios dá laghad agat... & is cuma. Taispeáin dom an frása “d-o mol” ar an idirlíon le do thoil. Mar a dúirt mé, b’fhéidir go bhfuil “d-o mol” “ceart” (Muimhneach b’fhéídir) .. níl a fhios agam (gabh mo leithscéal ach níl ionam ach foghlaimeoir). Ach creidim go bhfuil mo chuid eagarthóireachta beagnach 100% “ceart” (ok ionadúil b’fhéidir i gcásanna áirithe .. ach gan botún). Fíor nó bréagach?! Más fíor & sa chiall sin, is mise atá cúramach i ndáiríre.

      • “leis na daoine eile anseo”, a dúirt tú. Cé eile atá anseo?! Is dócha go bhfuil tú i do riarthóir. Agus i d’aonar freisin na laethanta seo? Mar sin, léiriú aonair agatsa ag an am seo?

Cinnte is soiléir go ndéanann tú sár-obair anseo, & faigheann tú buíochas ar bith is dócha. Tá súil agam go mbeidh muid in ann daoine eile a tharraingt, Gaeilge chruinn acu, chun eagarthóireacht a dhéanamh. Aon smaoineamh conas é a dhéanamh? Beir bua! Ciarán TGcoa (talk) 00:32, 20 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat as do chuid athruithe ar Roibeard Emmet. Go díreach an rud atá de dhíth anseo! Thig leat éirí cleachta ní b'fhearr ar Ghaeilge na Mumhan ach ba cheart do dhaoine a bheith ag scríobh i nGaeilge Chaighdeánta muna mbaineann alt le háit faoi leith sa tír. SeoMac (talk) 22:09, 20 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]

Duaiseanna Nobel II

Mar a thug tú faoi deara tá Tearma.ie ag moladh 'duais Nobel na ceimice, litríochta, srl' . Chuaigh mé i gcumarsáid leo faoin cheist sin tamall siar i ndiaidh dúinn an cheist a phlé, agus phléigh an coiste atá acu cé acu an leagan a mholfaidís. Tú féin a spreag iad go hindíreach*, mar sin. Sin an deascéala duit a luaigh mé ar mo leathanach plé féin ach d'éirigh mé gnóthach agus chaill mé an fócas ceart. Is oth liom moill mar seo a bhaint asat, ach tá lánchead agat/againn 'duais na ceimice', srl. a úsáid. SeoMac (talk) 00:24, 3 Eanáir 2016 (UTC)[reply]

  • Thig le héinne comhairle a iarraidh orthu. Tá deis ag Tearma.ie chun dul i dteagmháil leo.
Nóta faoi conas ainm leathanaigh a athrú: Feicfidh tú cluas nó tab ag barr gach leathanaigh ar dheis darb ainm 'More'. Déan clic air agus ní fheicfidh tú ach aon rogha amháin: Bog. Déan clic ar 'Bog' agus feicfidh tú treoracha agus bosca ina bhfuil ainm an ailt/leathanaigh. Is féidir an t-ainm a athrú ansin gan stró. Fágfaidh mé duitse é a dhéanamh leis an alt sin Duais Nobel sa Litriocht mar scil úsáideach duit atá ann. Éasca cé go bhfágann sé athdhíriú ann. SeoMac (talk) 06:28, 3 Eanáir 2016 (UTC)[reply]

Translation request about the article 'United Nations General Assembly Resolution 68/262'

Hello dear TGcoa, saw your wonderful contribution in Irish Wikipedia. In this context I would like to ask you translate the small article into Irish, and add it to the Irish Wikipedia. Thank you in advance for your support/contribution and best wishes!

You are invited!

You are invited...

The Celtic Knot: Wikipedia Language Conference - Programme now live.

  • Hosts: The University of Edinburgh and Wikimedia UK
  • Supporting: Celtic & Indigenous Languages.
  • Objective: The main objective for Celtic Knot 2017 is the coming together of practitioners in the same room at same time; strengthening the bonds of those working to support language communities into a 'knot' and leading into action. Attendees can expect to learn about and discuss innovative approaches to open education, open knowledge and open data that support and grow language communities.
  • Date: 6 July 2017 - Booking is now open.

Stinglehammer (plé) 00:04, 23 Bealtaine 2017 (UTC)[reply]

Málta

Rinne tú obair mhaith ar an alt sin Málta. Maith thú! SeoMac (plé) 05:14, 24 Iúil 2017 (UTC)[reply]

Faro del Cabo de Gata

An dtiocfadh leat a rá liom cad í/iad an fhadhb/ na fadhbanna a thug faoi deara san alt thuas luaite, le do thoil? Ar an drochuair níl céim sa Ghaeilge agam!Ériugena (plé)

Ainmneacha daoine mar theidil

Haigh! Obair mhaith ar Marie Stopes agus ar ailt atá ceangailte leis. Is é an stíl thras-Wiki an leagan is coitianta d'ainm duine a úsáid mar theideal ailt. (Úsáidtear ainm iomlán duine sa chéad líne den alt.) Seo cupla sampla ó Wikipedia:Article titles:

Bill Clinton (not: William Jefferson Clinton)
Bono (not: Paul Hewson)

Grma. SeoMac (plé) 17:14, 17 Márta 2018 (UTC)[reply]

Share your experience and feedback as a Wikimedian in this global survey

WMF Surveys, 18:41, 29 Márta 2018 (UTC)[reply]

Reminder: Share your feedback in this Wikimedia survey

WMF Surveys, 01:39, 13 Aibreán 2018 (UTC)[reply]

Your feedback matters: Final reminder to take the global Wikimedia survey

WMF Surveys, 00:49, 20 Aibreán 2018 (UTC)[reply]

Ag Fanacht le Godot

Mar eolas dráma eile ar fad ceann Titley, ní aistriúchán é. Ag Fanacht le Godot - teideal an aistr Ghaeilge. Eomurchadha (plé)

DaithíÓ

A Tgcoa táim buíoch gur chuir tú suim i mo chuid altanna agus beagáinín díomách faoin iliomad 'glanadh' a chuir tú leobh. Bhéinn buíoch dá gceartófá iad, diaidh ar ndiaidh más gá, sa chaoi go bhfoghlamóinn. Ní gaeilgeoir gairmiúla mé ach táim ag iarraidh chuir leis an tógra.