An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharú an Miami Showband (1975)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
mioncheartú gramadaí
Líne 19: Líne 19:
Dealraíonn sé gur phléasc [[buama]] na sceimhlitheoirí de thaisme, nuair a bhí na "[[Saighdiúir|saighdiúirí]]" in ainm is a bheith ag seiceáil veain na gceoltóirí. Bhí siad ag caitheamh sainéidí Reisimint Chosanta Uladh, nó bhí siad ina saighdiúirí sa reisimint, cé go raibh siad gníomhach i bhFórsa Óglaigh Uladh ([[UVF]]) freisin.

Ansin, chinn na sceimhlitheoirí iarsmaí an bhanna a mharú le nach mbeadh fianaise ná finnéithe fágtha. Criathraíodh aghaidh agus cloigeann an phríomhamhránaí Fran O'Toole le meaisínghunna, agus lámhachadh an tiománaí Brian McCoy agus Anthony Geraghty sa droim. Lig Stephen Travers air féin go raibh sé marbh, agus chuaigh Des McAlea ina bhfolach. Níos déanaí, thóg sé an gháir.
Ansin, chinn na sceimhlitheoirí iarsmaí an bhanna a mharú le nach mbeadh fianaise ná finnéithe fágtha. Criathraíodh aghaidh agus cloigeann an phríomhamhránaí Fran O'Toole le meaisínghunna, agus lámhachadh an tiománaí Brian McCoy agus Anthony Geraghty sa droim. Lig Stephen Travers air féin go raibh sé marbh, agus chuaigh Des McAlea i bhfolach. Níos déanaí, thóg sé an gháir.
[[Íomhá:UDR Soldiers - South Armagh.jpg|clé|mion|Saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh in Ard Mhacha Theas]]
[[Íomhá:UDR Soldiers - South Armagh.jpg|clé|mion|Saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh in Ard Mhacha Theas]]
Nuair a bhain na póilíní láthair na coire amach, fuair siad rompu, cé is moite de na ceoltóirí marbha, beirt sceimhlitheoirí marbha, Harris Boyle agus Wesley Somerville, agus Stephen Travers, gortaithe go dona.

Leagan ó 20:50, 22 Aibreán 2020

leacht cuimhneacháin, Cearnóg Parnell, le William Murphy

Bhí dúnmharú an Miami Showband ar na coireanna ba mhíchlúití dá ndearna Óglaigh Uladh (UVF) riamh in Éirinn.[1] Ar an 31 Iúil 1975, dhúnmharaigh an UVF triúr ceoltóirí de chuid an tseóbhanna úd Miami Showband, ó bhí daoine ón dá phobal ag freastal ar a gcuid ceolchoirmeanna. Nuair a mhaidhm na sceimhlitheoirí buama leis na ceoltóirí a mharú, fuair beirt fhear dá gcuidsean bás sa phléasc.

Cúlra

Ba nós leis na seóbhannaí an tír a thaisteal agus a gcuid ceoltóireachta a dhéanamh beag beann ar an teorainn, ach b'é an dearcadh a bhí ag na dearg-Dhílseoirí orthu "nach raibh ach ceol na reibiliúnach á sheinm acu". Thairis sin, bhíodh na gnáthóirí ag trasnú na teorainne go minic le dreas ceoil a chloisteáil agus cúrsa damhsa a dhéanamh ar an taobh eile. Maidir leis an Miami Showband, áfach, ní fhéadfá an locht seo a chur orthusan, nó bhí siad ag seinm amhráin Mheiriceánacha nach raibh ciall pholaitiúil ar bith leo in Éirinn.

Sléacht i mBuskhill, An Dún

An Sléacht

Thug an Miami Showband uathu an ghig dheireanach sa Castle Ballroom i nDroichead na Banna, agus d'imigh siad leo le dhá veain ag leathuair tar éis a dó réamhnóna. B'é an bainisteoir a bhí ag tiomáint veain an trealaimh, agus an cheolfhoireann féin ag taisteal sa dara veain.

Duine de na ceoltóirí, mar atá, an drumadóir Ray Millar, tháinig sé slán, ó bhí sé ag tiomáint a ghluaisteáin féin, agus é lena chodladh a fháil i dteach a thuismitheoirí in Aontroim.

Ag fágáil Dhroichead na Banna ina ndiaidh dóibh, chaithfeadh an cheolfhoireann stopadh ag seicphointe de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh. Nuair a ligeadh ar shiúl ón seicphointe iad, ghreamaigh gluaisteán de chuid na sceimhlitheoirí de veain na gceoltóirí. Bhí sí ag fanacht leo i leataobh páirceála.

I ndiaidh tamaill, stopadh veain na gceoltóirí ag seicphointe eile, mar a shíl siad féin, agus díríodh isteach i leataobh páirceála eile iad. An gluaisteán a bhí á leanúint, stop sí chomh maith. Ní raibh a fhios beo ag bainisteoir an bhanna céard a bhí ar na bacáin, ó d'fhág na sceimhlitheoirí ag tiomáint leis ar aghaidh é gan bacadh leis ar aon nós.

Óglaigh Uladh (UVF, nó as Béarla, na Ulster Volunteers)

Dealraíonn sé gur phléasc buama na sceimhlitheoirí de thaisme, nuair a bhí na "saighdiúirí" in ainm is a bheith ag seiceáil veain na gceoltóirí. Bhí siad ag caitheamh sainéidí Reisimint Chosanta Uladh, nó bhí siad ina saighdiúirí sa reisimint, cé go raibh siad gníomhach i bhFórsa Óglaigh Uladh (UVF) freisin.

Ansin, chinn na sceimhlitheoirí iarsmaí an bhanna a mharú le nach mbeadh fianaise ná finnéithe fágtha. Criathraíodh aghaidh agus cloigeann an phríomhamhránaí Fran O'Toole le meaisínghunna, agus lámhachadh an tiománaí Brian McCoy agus Anthony Geraghty sa droim. Lig Stephen Travers air féin go raibh sé marbh, agus chuaigh Des McAlea i bhfolach. Níos déanaí, thóg sé an gháir.

Saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh in Ard Mhacha Theas

Nuair a bhain na póilíní láthair na coire amach, fuair siad rompu, cé is moite de na ceoltóirí marbha, beirt sceimhlitheoirí marbha, Harris Boyle agus Wesley Somerville, agus Stephen Travers, gortaithe go dona.

Riar an chirt

Ciontaíodh triúr saighdiúirí, James Somerville, Thomas Crozier, agus James McDowell, i ndúnmharú na gceoltóirí. Ar an gcúigiú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair, 1976, gearradh príosúnacht cúig bliana déag is fiche do thriúr saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh (UDR), a bhí ina mbaill d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF).

D'fhan siad i dtóin phríosúin go dtí gur scaoileadh saor iad i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. "The Miami Showband Massacre 1975 - video dailymotion" (en). Dailymotion. Dáta rochtana: 2019-07-31.