An difríocht idir athruithe ar: "Sraithmharfóir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 22: Líne 22:


[[Íomhá:John Wayne Gacy art 2.jpg|clé|mion|John Wayne Gacy]]
[[Íomhá:John Wayne Gacy art 2.jpg|clé|mion|John Wayne Gacy]]
* [[Luis Garavito]] - sraithmharfóir agus [[Éigniú|éigneoir]] ón g[[Colóim]].
* [[Luis Garavito]] - sraithmharfóir agus [[Éigniú|éigneoir]] ón g[[An Cholóim|Colóim]].
* [[Karla Homolka]] agus [[Paul Bernardo]] - lánúin óg [[Ceanada|Cheanadach]] a bhí ag fuadach cailíní óga agus á marú le sult collaí a bhaint astu sna blianta 1990-92. I measc a gcuid íobartach, bhí deirfiúir Karla, Tammy Homolka, nach raibh ach cúig bliana déag d'aois.
* [[Karla Homolka]] agus [[Paul Bernardo]] - lánúin óg [[Ceanada|Cheanadach]] a bhí ag fuadach cailíní óga agus á marú le sult collaí a bhaint astu sna blianta 1990-92. I measc a gcuid íobartach, bhí deirfiúir Karla, Tammy Homolka, nach raibh ach cúig bliana déag d'aois.



Leagan ó 01:41, 6 Aibreán 2020

Illustrated Police News - Jack the Ripper, c 1889

Is éard is sraithmharfóir ann ná duine a bhfuil triúr daoine, ar a laghad, maraithe aige ar mhaithe le sult agus sásamh síceolaíoch, agus tréimhse sách fada scíthe idir gach dhá dhúnmharú. Is é sin, bíonn sé ag marú duine i ndiaidh duine go tráthrialta.

Sainmhíniú

Bíonn neamhord frithshóisialta pearsantachta de chineál éigin ag luí ar na sraithmharfóirí go léir, ach má bhíonn féin, is annamh is féidir síceapaite i gciall cheart an téarma a chur ina leith. Ní bhíonn siad ina síocóisigh, áfach - is é sin, ní aithneofá ar dhuine acu gur "fear buile" atá agat ansin. A mhalairt ar fad, is féidir leo "púicín na slánchéille" a chur orthu féin.

Is minic a bhaineann siad sult collaí de chineál éigin as a gcuid gníomhartha. De ghnáth, is féidir scéim éigin a aithint ar na dúnmharuithe a dhéanann an sraithmharfóir - bíonn na híobartaigh cosúil le chéile, nó tugann an ciontóir an íde chéanna do gach corpán, mar shampla.

Dealraíonn sé gur cumadh an focal féin "sraithmharfóir" (Béarla: serial killer) thiar sna seachtóidí, nuair a bhí sraithmharfóirí míchlúiteacha cosúil le Ted Bundy agus David Berkowitz i mbéal an phobail. Is dócha gur gníomhaire de chuid an FBI a cheap an téarma - b'fhéidir Robert Ressler, a bhí sáite ina lán fiosruithe faoi shraithmharfóirí, go háirithe cásanna Jeffrey Dahmer agus Richard Chase.

Is gá an difríocht a aithint idir an sraithmharfóir agus an sluamharfóir (nó an spraoimharfóir) ná go maraíonn an sraithmharfóir a chuid íobartach ina nduine agus ina nduine, de ghnáth, leis an dúil a shásamh agus go gcaithfidh sé scíth a ligean idir na hócáidí. An spraoimharfóir, arís, tá sé ag dul le dúchas ag marú daoine roimhe gan scíth ar bith a bheith ag teastáil uaidh.

Ted Bundy

Sraithmharfóirí ar chuala an saol mór iomrá orthu

  • Jack the Ripper, a thugtar ar shraithdhúnmharfóir nár gabhadh riamh a bhí gníomhach i gceantracha bochta thart timpeall ar Whitechapel, Londain sa bhliain 1888.
  • David Berkowitz - Son of Sam. Bhíodh sé ag géarleanúint lánúineacha óga i Nua-Eabhrac sna seachtóidí, agus mharaigh sé seisear - an chuid eile acu siúd ar lámhach sé leo, tháinig siad beo as an drocháit. Tá sé i dtóin an phríosúin ón mbliain 1977 anuas.
  • Ted Bundy - mharaigh sé mná óga sna Stáit Aontaithe sna blianta 1974-78. Ba nós leis a chuid íobartach a éigniú is a thachtadh. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1989.
  • John Wayne Gacy - "An Bobaide Marfach". Chuireadh sé éadaí an bhobaide air féin leis na páistí a ghiúmaráil. Le fírinne, ba nós leis páistí agus fir óga a éigniú agus a mharú. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1994.
John Wayne Gacy
  • Luis Garavito - sraithmharfóir agus éigneoir ón gColóim.
  • Karla Homolka agus Paul Bernardo - lánúin óg Cheanadach a bhí ag fuadach cailíní óga agus á marú le sult collaí a bhaint astu sna blianta 1990-92. I measc a gcuid íobartach, bhí deirfiúir Karla, Tammy Homolka, nach raibh ach cúig bliana déag d'aois.

Tagairtí