An difríocht idir athruithe ar: "A Coruña"
mNo edit summary |
Ag baint Collage_de_fotos_coruna.jpg amach, scrios Ymblanter é ón Chómhaoin mar: per c:Commons:Deletion requests/Files uploaded by ItCor |
||
Líne 2: | Líne 2: | ||
|ainm = A Coruña |
|ainm = A Coruña |
||
|ainmneacha eile= La Coruña |
|ainmneacha eile= La Coruña |
||
|íomhá = |
|íomhá = |
||
|méid_íomhá = 240px |
|méid_íomhá = 240px |
||
|léarscáil = 255px-La Coruna, Spain location3.png |
|léarscáil = 255px-La Coruna, Spain location3.png |
Leagan ó 05:49, 20 Márta 2020
Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha
Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne é A Coruña (Spáinnis: La Coruña, Gaeilge: Cathair na Cruinne[1]). Is í an dara cathair is mó sa Ghailís agus is í príomhchathair an chúige í.
Deirtear go háitiúil go tagann an t-ainm ón gColóin Ársa, nó Túr Earcail, a bhfuil fós ina seasamh inniu, ach ní aontaítear go huile leis an dtuairim seo. Teach solais a bhí ann ar feadh 2,000 míle bliain. In aice an túir, tá compás (Rosa de los Vientos- Rós na Gaoithe) le siombailí Ceilteacha a fhreagraíonn dona tíortha Ceilteacha uilig. Deirtear gur tháinig na chéad Ceiltigh (Clann Mhíle) go hÉireann ón áit seo fadó. Táthar ann a deireann go dtagann sé ón bhfocal "Coróin", agus nach gciallaíonn an "a" ach an t-alt sonrach mar an gcéanna as Gaeilge. Tóg faoi deara freisin an cosúlacht fuaimníochta idir "Coruña" ( [koˈɾuɲa] ) agus "Cruinne" ( [kɾʲɪna] ), tá daoine eile ann a dhéanann an nasc sin.
Déanann roinnt daoine nasc idir Éire agus an Ghailí mar deirfiúir Ceilteach de bharr na cosúlachtaí: reiligúin céanna, aimsir fliusch, tírdhreach glas agus geilleagar bunaithe ar talamhaíocht agus iascaireacht. Tá club peil Ghaelach ann chomh maith leis an ain, Fillos de Breogán (Mic Bhreogán); agus tá Roinn Léann Éireannach ag Ollscoil A Coruña. Sa bhliain 2014, thairg banna cheoil Gailíseach, Luar na Lubre, albam darbh ainm Torre de Breoghán, le hamhráin bunaithe ar Mic Míle.[2] Is í Luimneach a chomhchathair.
Is port an-ghnóthach í an chathair agus í suite ar an chósta Atlantach. Tá an chathair tábhachtach ó thaobh trádal talmhaíochta de ar fud an réigiúin. Tá scaglann ola ann comh maith.
Tá clú agus cáil ar an chlub sacair, Deportivo de La Coruña, a bhfuil sa chéad sraith i sacar na Spáinne. Bhí an bua acu i gcoinne club sacair Shelbourne sa bhliain 2004.
Tagairtí
- ↑ Barnwell, David, Ó Domhnalláin, Pádraig, Alonso, Carmen Rodriquez (2009). "Foclóir Gaeilge-Spáinnise": lch. xli. Coiscéim. Dáta rochtana: 16 Nollaig 2010.
- ↑ "Naisc Gaeilge-na Gailíse".
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |