An difríocht idir athruithe ar: "Katie Taylor"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.33.75.104 (Plé); ar ais chuig leagan le Dowlinme
chlib amháin: Rollback
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 19: Líne 19:


== 2012 ar aghaidh ==
== 2012 ar aghaidh ==
Bhuaigh Katie  bonn óir sna cluichí oilimpeacha in 2012.
Bhuaigh Katie  bonn óir sna cluichí oilimpeacha i 2012.
[[Íomhá:Icon-boxing-gloves.jpg|mion]]
[[Íomhá:Icon-boxing-gloves.jpg|mion]]
Ansin in 2016 thosaigh sí ag dul in iomaíocht mar dhornálaí gairmiúil (le ''Matchroom Sport'').
Ansin in 2016 thosaigh sí ag dul in iomaíocht mar dhornálaí gairmiúil (le ''Matchroom Sport'').
Líne 27: Líne 27:
I mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí an bua ag Katie ar Anahi Esther Sanchez. Throid sí ar son chraobh an domhain i [[Caerdydd]] (an phríomhchathair sa [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]])<ref>[https://www.maynoothuniversity.ie/froebel-department-primary-and-early-childhood-education/eleathanach ELeathanach] 293, 30 Aibreán 2018
I mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí an bua ag Katie ar Anahi Esther Sanchez. Throid sí ar son chraobh an domhain i [[Caerdydd]] (an phríomhchathair sa [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]])<ref>[https://www.maynoothuniversity.ie/froebel-department-primary-and-early-childhood-education/eleathanach ELeathanach] 293, 30 Aibreán 2018


</ref>.
</ref>.


==Tagairtí==
==Tagairtí==

Leagan ó 13:16, 19 Márta 2020

Infotaula de personaKatie Taylor

Katie Taylor sa bhliain 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Iúil 1985
38 bliana d'aois
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Airde165 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdornálaí, imreoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdornálaíocht
sacar Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtéadrom-mheáchan Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtIonsaitheoir
Conair
  Foireann Comórtas
- Peamount United (en) Aistrigh
- St Catherine's L.F.C. (en) Aistrigh
- St James's Gate F.C. (en) Aistrigh
2006-2009  Foireann sacair ban Phoblacht na hÉireann 11 Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2012boxing at the 2012 Summer Olympics – women's lightweight (en) Aistrigh  (bonn óir Oilimpeach) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairPete Taylor

Suíomh gréasáinkatietaylor.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2513572 Facebook: KatieTaylorBoxing Twitter: KatieTaylor Instagram: katie_t86 Olympic.org: katie-taylor FIFA: 264962 Cuir in eagar ar Wikidata

Is dornálaí agus imreoir sacair Éireannach í Katie Taylor, ó Bhré i gContae Chill Mhantáin[1]. Rugadh í ar 2 Iúil 1986. Is í an curadh domhanda í i láthair na huaire (2018) sa rannóg éadrom-mheácháin na mban.

Thosaigh Katie ag dornálaíocht agus í dhá bhliain déag d'aois. Tá clú agus cáil uirthi mar dhornálaí an-rathúil go mór mhór. Mar imreoir sacair, d'imir sí le foireann náisiúnta na mban. Bhuaigh sí bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Londain sa bhliain 2012.

Gairmréim

Thosaigh Katie Taylor ag dornálaíocht, agus í 12 bliain d’aois. Ba ag Craobhchomórtas Eorpach na nAmaitéarach 2006, san Iorua, a fuair sí a céad bhua thábhachtach. Bhuaigh sí an bonn óir ag an aicme éadrom-mheáchan 60kg. Níos déanaí sa bhliain sin, ag Craobhchomórtas Dhomhan na nAmaitéarach, i bPodolsk na Rúise, shroich Katie Taylor na babhtaí ceathrú ceannais san aicme 60kg.

Ag Craobhchomórtas Eorpach na n-amaitéarach, in Warszawa na Polainne, bhuaigh Taylor a dara bonn óir i ndiaidh a chéile. Stop sí an curadh domhanda reatha, Tatiana Chalaya as an Rúis. Bronnadh duais don dornálaí is fearr sa craobhchomórtas uirthi freisin.

Taylor i Londain, 2012

Ag Craobhchomórtas Dhomhan na n-amaitéarach sa bhliain chéanna, i nDeilí Nua na hIndia, bhuaigh sí ar Chalaya arís sa bhabhta leathcheannais agus ar Annabella Farias na hAirgintíne sa cluiche ceannais 60kg. Sa bhliain 2007, bhuaigh sí Teideal Chraobhchomórtas Eorpach na n-amaitéarach don tríú bliain i ndiaidh a chéile.

Lean Katie ar aghaidh chun a dara teideal domhanda a bhuachan ag Craobh Domhanda na mBan sa Dornálaíocht, i Samhain, ag Ningdo sa tSín. Bhuaigh sí ar Cheng Dong na Síne sa chluiche ceannais.

cluichí oilimpeacha, 2012

Ar 21 Márta 2009, ag an O2 i mBaile Átha Cliath, bhuaigh sí 27-3 in aghaidh sheaimpín Phan-Mheiriceánach Caroline Barry óna Stáit Aontaithe, ar fho-chárta Bernard Dunne agus Ricardo Cordoba. Ag labhairt tar éis na troda, dúirt Taylor go ndearna an fáilte a cuireadh roimpi ón lucht leanúna Éireannach staic di. Dúirt sí, “níor chreid mé an fáiltiú a fuair mé!”

Ar 18 Meán Fómhair 2010, bhuaigh Katie Taylor a tríú craobh domhanda i ndiaidh a chéile ag Craobh Domhanda na mBan i mBarbadós. Bhuaigh sí ar Cheng Dong na Síne arís sa chluiche ceannais, ina céad babhta dornálaíochta. "

Ar 27 Aibreán 2018 i Nua-Eabhrac, bhuaigh sí an Chraobh Dhomhanda san IBF (International Boxing Federation) – agus curadh domhanda sa WBA (World Boxing Association) í cheana féin.

2012 ar aghaidh

Bhuaigh Katie  bonn óir sna cluichí oilimpeacha i 2012.

Ansin in 2016 thosaigh sí ag dul in iomaíocht mar dhornálaí gairmiúil (le Matchroom Sport).

Theip uirthi troid a bhuachan don chéad uair le cúig bliana anuas i gcoinne Yana Alekseevna na hAsarbaiseáine ar 15 Aibreán 2016[2].  

I mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí an bua ag Katie ar Anahi Esther Sanchez. Throid sí ar son chraobh an domhain i Caerdydd (an phríomhchathair sa Bhreatain Bheag)[3].

Tagairtí