An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 51: Líne 51:
== Polaitíocht ==
== Polaitíocht ==
[[File:Reichstag building Berlin view from west before sunset.jpg|left|thumb|Is é an foirgneamh Reichstag i mBeirlín láthair pharlaimint na Gearmáine (Bundestag)]]
[[File:Reichstag building Berlin view from west before sunset.jpg|left|thumb|Is é an foirgneamh Reichstag i mBeirlín láthair pharlaimint na Gearmáine (Bundestag)]]
Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chuimsiú chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm ''Grundgesetz ''(Dlí Bunúsach). Go ginearálta, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dlísheomra leis an ''Grundgesetz'' a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an ''Grundgesetz'', mar atá léirithe sna h-airteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná an scaradh cumhachtaí, an struchtúr cónaidhme, agus riail an dlí bailí go suthain.
Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chuimsiú chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm ''Grundgesetz ''(Dlí Bunúsach). Go ginearálta, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dlísheomra leis an ''Grundgesetz'' a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an ''Grundgesetz'', mar atá léirithe sna hairteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná an scaradh cumhachtaí, an struchtúr cónaidhme, agus riail an dlí bailí go suthain.


Tá dhá dhlísheomraí ag an leibhéal feidearálach: an ''Bundestag'', an teach íochtarach, agus an ''Bundesrat'', an teach uachtarach. Is í an ''Bundestag'' an seomra is cumhachtaí díobh. Tá sé pháirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu inti i láthair na huaire: na Daonlathaigh Críostacha agus na [[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|Daonlathaigh Sóisialta]], an dá pháirtí rialtais, atá ar lár-dheis agus lár-chlé an speictrim pholaitiúla faoi seach, chomh maith le ''Rogha Eile don Ghearmáin'' (an-deis), na Daonlathaigh Shaora (liobrálach, lár-dheis), ''An Eite Chlé'' (an-chlé) agus na Glasaigh (glas, lár-chlé).
Tá dhá dhlísheomraí ag an leibhéal feidearálach: an ''Bundestag'', an teach íochtarach, agus an ''Bundesrat'', an teach uachtarach. Is í an ''Bundestag'' an seomra is cumhachtaí díobh. Tá sé pháirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu inti i láthair na huaire: na Daonlathaigh Críostacha agus na [[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|Daonlathaigh Sóisialta]], an dá pháirtí rialtais, atá ar lár-dheis agus lár-chlé an speictrim pholaitiúla faoi seach, chomh maith le ''Rogha Eile don Ghearmáin'' (an-deis), na Daonlathaigh Shaora (liobrálach, lár-dheis), ''An Eite Chlé'' (an-chlé) agus na Glasaigh (glas, lár-chlé).

Leagan ó 16:53, 17 Márta 2020

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáinan Almáin[1] (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an phríomhchathair, agus 3.4 milliún duine ina gcónaí ann.

Stair

Féach freisin: Stair na Gearmáine
Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945

Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Poblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónaidhme, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.

Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre. Sa bhliain 2005, ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó CDU - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an CSU.

Polaitíocht

Is é an foirgneamh Reichstag i mBeirlín láthair pharlaimint na Gearmáine (Bundestag)

Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chuimsiú chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm Grundgesetz (Dlí Bunúsach). Go ginearálta, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dlísheomra leis an Grundgesetz a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an Grundgesetz, mar atá léirithe sna hairteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná an scaradh cumhachtaí, an struchtúr cónaidhme, agus riail an dlí bailí go suthain.

Tá dhá dhlísheomraí ag an leibhéal feidearálach: an Bundestag, an teach íochtarach, agus an Bundesrat, an teach uachtarach. Is í an Bundestag an seomra is cumhachtaí díobh. Tá sé pháirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu inti i láthair na huaire: na Daonlathaigh Críostacha agus na Daonlathaigh Sóisialta, an dá pháirtí rialtais, atá ar lár-dheis agus lár-chlé an speictrim pholaitiúla faoi seach, chomh maith le Rogha Eile don Ghearmáin (an-deis), na Daonlathaigh Shaora (liobrálach, lár-dheis), An Eite Chlé (an-chlé) agus na Glasaigh (glas, lár-chlé).

Eacnamaíocht

Spéirlíne Frankfurt, ionad airgeadais is mó na Gearmáine

Staitisticí

Is é geilleagar na Gearmáine an ceathrú ceann is mó ar domhan de réir OTI ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI PCC, agus is í an earnáil seirbhíse an earnáil eacnamaíochta is mó; í ag cruthú 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón earnáil tionsclaíoch agus 1% ón earnáil thalmhaíochta. Is í an Ghearmáin an triú onnmhairteoir earraí is mó ar domhan,[2] agus baineann sí sochar as a bheith ar ceann de na tíortha is lú éillithí ar domhan - an 10ú tír is fearr as 176 tír a tomhaiseadh, de réir Transparency International sa bhliain 2016.[3] I Mí Eanáir 2020, bhí ráta dífhostaíochta na tíre ag 3.2%, an ceathrú ceann is lú san Aontas Eorpach[4].

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 11ú tír is forbartha ar domhan í an Ghearmáin, as 150 tír a tomhaiseadh.[5] Cuireann sé sin í mar an séú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh, áit amháin i ndiaidh Phoblacht na hÉireann.

I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ghearmáin an 15ú tír is sona, as 156 thír.

Onnmhairithe

Monarchan de chuid Volkswagen in Dresden

I gcomparáid le tíortha móra eile san Aontas Eorpach, tá sciar réasúnta mhór dá hOTI déanta ag onnmharaithe: 47% sa bhliain 2017 dar le World Factbook an CIA[6], i gcomórtas le 31% sa Fhrainc[7] agus san Iodáil[8] agus 30% sa Ríocht Aontaithe[9]. Ba iad innealra agus feithiclí na cineáil onnmhairithe is mó de réir luacha airgid sa bhliain 2017.[10]

Cúiseanna láidreachta

Traein ardluais in Köln

Luaitear go minic an córas oideachais agus an bhonneagair mhaith atá ag an nGearmáin mar chúiseanna ar rath eacnamaíochta na tíre. Tá fócas láidir ar oilteachtaí gairme chomh maith le hoilteachtaí acaidiúla sa chóras oideachais, rud a chiallaíonn go bhfuil go leor daoine sa tír ar féidir leo obair a dhéanamh sna tionscadail déantúsaíochta atá ina gcuid thábhachtach de gheilleagar na Gearmáine. Tá an gréasán mótarbhealaigh is faide san Eoraip ag an nGearmáin, cé go bhfuil sé ráite ag roinnt beachtaithe nach bhfuil rialtas na Gearmáine ag déanamh a dhóthaine le neart bonneagair na tíre a chothú.[11]

Airgeadra

Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.

Spórt

Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na Gearmáine, a bhuaigh Corn an Domhain sna blianta 1954, 1974, 1990 agus 2014 agus Craobh na hEorpa sna blianta 1972, 1980 agus 1996. Tá sraith mhór ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga.

Stáit

Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.

Tagairtí