An difríocht idir athruithe ar: "An Spáinn"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 61: Líne 61:
Tá lár na Spáinne lán le [[sliabh]]<nowiki/>raonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na h[[Abhainn|aibhneacha]] móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.
Tá lár na Spáinne lán le [[sliabh]]<nowiki/>raonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na h[[Abhainn|aibhneacha]] móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.


Tá [[Machaire|machairí]] glárach ar fud an [[Cósta|chósta]]. Is í an Guadalquivir in [[An Andalúis|Andalucía]] an ceann is mó sa tír.
Tá [[Machaire|machairí]] gláracha ar fud an [[Cósta|chósta]]. Is í an Guadalquivir in [[An Andalúis|Andalucía]] an ceann is mó sa tír.


== Réigiúin ==
== Réigiúin ==

Leagan ó 22:56, 15 Márta 2020

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre

Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.

Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.

Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.

Tíreolaíocht 

Le 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan.

San iarthar tá teorainn aici leis an bPortaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaisceart na hAfraice; Ceuta agus Melilla).

San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra.

na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach chomh maith.

Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.

Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.

machairí gláracha ar fud an chósta. Is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.

Réigiúin

Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.

Is í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse.

Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine.

Is cathracha féinrialaithe iad Ceuta agus Melilla, chomh maith.

Stair

Príomhalt: Stair na Spáinne


Bhí an tír aontaithe sa 15ú haois i ndiaidh pósadh na Monarcaí Caitliceacha agus deireadh an Reconquista sa bhliain 1492. D'fhás cumhacht na tíre go mór ina dhiaidh sin.

Eacnamaíocht

Banc Ceannais na Spáinne

Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Spáinn. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Spáinne an 16ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 14ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 34ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Spáinn, é ar $38,171 don chónaitheach.

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 37ú tír is forbartha ar domhan í an Spáinn, as 150 tír a tomhaiseadh.[1] Cuireann sé sin í mar an 24ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Spáinn an 36ú tír is sona, as 156 tír.

I Mí Dheireadh Fómhair 2019, is ag 14.2% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[2]

Tagairtí

  1. Náisiúin Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.