An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Jump to navigation Jump to search
an mhonarcacht agus modh an chomharbais agus tá forálacha inti maidir leis an leasríocht. Le Roinn II, a bhfuil ''An Rialtas Feidearálach'' mar theideal uirthi, bunaítear an Rialtas Feidearálach agus an modh ina gceaptar baill an rialtais. Le Roinn III, a bhfuil ''Na hInniúlachtaí'' mar theideal uirthi, sainítear cumhachtaí bunreachtúla an Rí, ar cumhachtaí iad a fheidhmítear, i gcleachtas, ag an Rialtas Feidearálach.
 
Le hAirteagal 85, foráiltear go bhfaightear cumhachtaí bunreachtúla an Rí le hoidhreacht má shíolraítear an comharba go díreach, go nádúrtha agus go dlisteanach ó [[Leopold I na Beilge|Rí Leopold I]], de réir ord na céad-ghinteachta. Mar sin féin, tá clásal i dTeideal IX, a bhfuil forálacha idirthréimhseacha áirithe ann, ina sonraítear go mbeidh Airteagal 85 sa bhealach ina bhfuil sé dréachtaithe faoi láthair infheidhme ar shliochtaigh Rí Albert II, rud a chiallaíonn go bhfuil clann baineann Rí Albert II agus monarcaí ina dhiaidh sin sa líne chomharbais agus is féidir leo teacht i gcoróin na Beilge, cé gur eisiadh clann baineann gach rí Bheilgigh eile roimhe sin ó theacht i gcoróin. Cuireadh an clásal idirthréimhseach sin isteach chun an tréimhse roimh an athrú ón Dlí Saileach a rialú, ar dlí é a chuir bac ar mhná agus a sliochtaigh teacht i gcoróin agus bhí sin i bhfeidhm go dtí 1991.
 
In Airteagal 85, foráiltear tuilleadh go mbaintear an ceart teacht i gcoróin d'aon sliocht Leopold I a phósann gan toiliú an Rí a fháil, nó gan toiliú an té a fheidhmíonn cumhachtaí an Rí a fháil sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht. Sonraítear ann freisin gur féidir iad siúd a chailleann a gcearta teacht i gcoróin ar an dóigh sin a chur ar ais sa líne chomharbais le toiliú ón dá Sheomra den Pharlaimint Fheidearálach. Arís, cuireadh foráil idirthréimhseach isteach i dTeideal IX lena sonraítear go bhfuil toiliú den sórt sin faighte maidir le pósadh Bhanphrionsa Astrid na Beilge agus Ard-Diúc Lorenz na hOstaire-Este. Cuireadh an fhoráil sin isteach toisc nach raibh toiliú an Rí ag teastáil ag an am i leith a bpósta toisc gur phós siad in 1984 sular cuireadh mná isteach sa líne chomharbais.
Le hAirteagal 90, foráiltear nach mór don Pharlaimint Fheidearálach, ar bhás an mhonarc teacht le chéile gan tionól tráth nach déanaí ná deich lá tar éis don mhonarc bás a fháil. I gcás gur lánscoireadh na Seonraí agus gur foráladh le gníomh an lánscoir go dtionólfaí na Seomraí nua ag dáta níos déanaí ná an deichiú lá tar éis bhás an mhonarc, feidhmíonn na sean-Seomraí arís go dtí go dtiocfaidh na Seomraí nua le chéile. Foráiltear leis freisin go bhfeidhmíonn Comhairle na nAirí cumhachtaí bunreachtúla an Rí in ainm na mBeilgeach idir bás an mhonarc agus glacadh na móide ag comharba an mhonarc nó ag an Leasrí.
 
Airteagail 90 agus 93, a bhaineann leis an neamhábaltacht bheith i réim, cuireadh i bhfeidhm iad ar bhealach conspóideach in 1990 i rith Cheist an Ghinmhillte, mar a thugtar air, ceist a tharla chun cinn nuair a dhiúltaigh [[Baudouin na Beilge|Rí Baudouin I]], ar chúiseanna creidimh, bille a shíniú lena léirscaoiltear dlíthe na Beilge maidir leis an nginmhilleadh. Ina dhiaidh sin, dhearbhaigh [[Rialtas Feidearálach na Beilge|Rialtas na Beilge]] nach raibh sé ábalta a bheith i réim an 4 Aibreán 1990 agus ansin shínigh agus d'fhógair siad an bille. An lá ina dhiaidh sin, chuir na Seomraí Aontaithe Rí Baudouin I ar ais ar an gcoróin.
 
I gcomhréir le hAirteagal 87 den Bhunreacht, ní féidir leis an Rí a bheith mar cheann stáit ar thír eile ag an am céanna gan toiliú dhá Sheomra na Parlaiminte Feidearálaí a fháil. Ní féidir aontas pearsanta a bheith ann ach le formheas dhá thrian de na vótaí a chaitear sa dá Seomra, agus ní mór córam dhá thrian de bhaill an tSeomra a bheith i láthair ionas go mbeadh an formheas bailí. Níor baineadh úsáid as an Airteagal sin ach uair amháin, in 1885, nuair a d'éirigh [[Leopold II na Beilge|Rí Leopold II]] na Beilge chun bheith ina rí ar [[Saorstát Congo|Shaorstát Chongó]].
717

edits

Roghchlár nascleanúna