An difríocht idir athruithe ar: "Christopher Nolan (scríbhneoir)"
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 12: | Líne 12: | ||
}} |
}} |
||
Ba [[scríbhneoir]] |
Ba [[scríbhneoir]], [[Filíocht|file]] agus [[péintéir]] [[Éire]]annach é '''Christopher Nolan''' ([[6 Meán Fómhair]] [[1965]] - [[20 Feabhra]] [[2009]]<ref>http://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2009/0220/breaking29.htm</ref>). Bhain an Nuallánach ardcháil amach, ar an [[19 Eanáir]] [[1988]], in aois 21 dó, nuair a bhronn an duais litríochta ''Whitbread'' ("''Costa''" inniu) ar ''Under the Eye of the Clock'', cuimhní a hóige agus leabhar [[Dírbheathaisnéis|dírbheathaisnéiseach]] dá chuid. Bhuail sé amach na hiomaitheoirí eile ar an lá sin : [[Seamus Heaney]], Ian McEwan, agus Richard Ellmann. |
||
Bhí [[pairilis cheirbreach]] air ó rugadh é, mar gheall ar easpa [[Ocsaigin|ocsaigine]] a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a [[intleacht]] in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa. |
Bhí [[pairilis cheirbreach]] air ó rugadh é, mar gheall ar easpa [[Ocsaigin|ocsaigine]] a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a [[intleacht]] in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa. |
||
Líne 31: | Líne 31: | ||
== Bás == |
== Bás == |
||
Fuair an Nuallánach bás tar éis dó tachtadh ar a chuid [[bia]]. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar [[20 Feabhra]] [[2009]], in Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath. |
Fuair an Nuallánach bás gan choinne tar éis dó tachtadh ar a chuid [[bia]]. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar [[20 Feabhra]] [[2009]], in [[Ospidéal Beaumont]], i mBaile Átha Cliath. Sheas cnámh éisc ina scornach. |
||
[[Íomhá:Beamont Hospital 1.jpg|clé|mion| |
[[Íomhá:Beamont Hospital 1.jpg|clé|mion| |
||
Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath |
Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath |
Leagan ó 13:56, 20 Feabhra 2020
Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir
Ba scríbhneoir, file agus péintéir Éireannach é Christopher Nolan (6 Meán Fómhair 1965 - 20 Feabhra 2009[1]). Bhain an Nuallánach ardcháil amach, ar an 19 Eanáir 1988, in aois 21 dó, nuair a bhronn an duais litríochta Whitbread ("Costa" inniu) ar Under the Eye of the Clock, cuimhní a hóige agus leabhar dírbheathaisnéiseach dá chuid. Bhuail sé amach na hiomaitheoirí eile ar an lá sin : Seamus Heaney, Ian McEwan, agus Richard Ellmann.
Bhí pairilis cheirbreach air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa.
Óige
Rugadh Christopher Nolan do Joseph agus Bernadette Nolan agus bhí deirfiúr amháin aige, darb ainm Yvonne. Tógadh é sa Mhuileann gCearr, i gContae na hIarmhí, ach bhog sé go Baile Átha Cliath dá oideachas. Agus Nolan ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar Choláiste na Tríonóide.
Saol agus Saothar
Cé nach raibh cumas corpartha aige, bhíodh Nolan in ann a cheann a bhogadh méid áirithe agus d'úsáideadh sé gléas scríofa speisialta a bhíodh ceangailte dá cheann, le bheith ag scríobh. Ceapadh é ina bhall d'Aosdána i 1998.
Bhronn Cumann Scríbhneoirí na Náisiún Aontaithe Bonn Feabhais ar an Nuallánach.
Bhronn Ollscoil Lancaster dochtúireacht oinigh air sa bhliain 1991.
Bás
Fuair an Nuallánach bás gan choinne tar éis dó tachtadh ar a chuid bia. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar 20 Feabhra 2009, in Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath. Sheas cnámh éisc ina scornach.
Leabhair
- Dam-Burst of Dreams - Dánta agus gearrscéalta (1981)
- Under the Eye of the Clock - Dírbheathaisnéis (1987)
- Torchlight and Lazer Beams - Leagan drámaíochta dá dhírbheathaisnéis, Under the Eye of the Clock (1988)
- The Banyan Tree - Úrscéal (1999)