An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Príomhleathanach"

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 447: Líne 447:


[[Úsáideoir:Colin Ryan|Colin Ryan]] ([[Plé úsáideora:Colin Ryan|plé]]) 08:12, 22 Eanáir 2020 (UTC)
[[Úsáideoir:Colin Ryan|Colin Ryan]] ([[Plé úsáideora:Colin Ryan|plé]]) 08:12, 22 Eanáir 2020 (UTC)

:"Uathsóm" atá in Ó Dónaill agus ní fheicim an focal in úsáid in áit ar bith eile. An fearr leat "Uathshóm" mar sin féin? [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|plé]]) 05:54, 20 Feabhra 2020 (UTC)


== Catagóir nua ==
== Catagóir nua ==

Leagan ó 05:54, 20 Feabhra 2020

Archive
Cartlann
  1. /Cartlann 1 (suas go dtí 5 Iúil 2007)
  1. /Cartlann 2 (suas go dtí 13 Feabhra 2010)
  1. /Leagan reatha

10,000+ alt!

Tá an-éacht déanta agaibh,a chairde - 10,000 alt sroichte agus ag fás fós! Comhghairdeas libh!! Antóin 19:02, 20 Feabhra 2010 (UTC)[reply]

Bosca Sonraí

An féidir bosca sonraí a chur arís le An Aithin? Lig mé ar lár de thimpiste é agus mé ag glanadh an stumpa. Tá rún agam alt ceart a dhéanamh.

Colin Ryan 05:40, 19 Márta 2010 (UTC)[reply]

Agallamh faoin Vicipéid

A chairde, seo teachtaireacht do lucht na Vicipéide.

A chairde, Eoghan Ó Néill anseo ag Nuacht24 i mBéal Feirste. Comhghairdeas as alt 10,000 a chur i gcló! Nár laga Dia bhur bpeann. Bhí mé ag iarraidh alt a dhéanamh faoin Vicipéid Ghaeilge do Nuacht24 agus do Raidió Fáilte. Arbh fhéidir le duine agaibh dul i dteagmháil liom nó eolas teagmhála agaibhse a thabhairt dom.

Tá Eoghan "ag iarraidh agallamh a shocrú i nGaeilge nó i mBéarla a luaithe agus is féidir faoi 10.000 alt a bheith déanta agaibh". D'iarr sé orm "an nóta seo a chur ar aghaidh chuig an duine chuí". An bhfuil éinne sásta dul i dteagmháil leis maidir leis an agallam seo? Má tá, tabharfaidh mé an seoladh ríomhphoist / uimhir theileafóin duit. Tadhganseo

  • Murar chuir aon duine eile isteach ar an jaibín seo, táim sásta dul chun cainte leis.

Colin Ryan 06:04, 23 Márta 2010 (UTC)[reply]

Maith thú! Seol ríomhphost chuig Eoghan maidir leis, le do thoil: eoghan (ag) raidiofailte.com. Tadhganseo

Pictures from english wikipedia

Can you use pictures from the english wikipedia on the irish one or do you have to upload them again to use them?? —Scríobh an t-úsáideoir Omgomgomgomg2 (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Only pictures expressly loaded to this project and those on Commons can be used here. Pictures on the English project are not "automatically" available. Please note that pictures can only be uploaded to this project if tagged with an appropriate licence/rationale/etc. Guliolopez 22:54, 28 Márta 2010 (UTC)[reply]

Teideal Nua

An féidir An Ghaeilge i Meiriceá a dhéanamh de An Ghaeilge i Meiriceá agus i Muir Chairib? Bhí an t-alt úd rófhada agus tá alt nua déanta agam den phíosa faoi Mhuir Chairib (An Ghaeilge i Muir Chairib).

Colin Ryan 07:47, 15 Meitheamh 2010 (UTC)[reply]

Déanta! Tameamseo 11:05, 15 Meitheamh 2010 (UTC)[reply]

Club Peile Cathair Corcaí Jcotter01 (plé) 20:59, 18 Feabhra 2019 (UTC)[reply]

Deisiú

Nuair a dhéantar alt a chur in eagar tá an méid a leanas le feiceáil ag bun an leathanaigh:

Mura mian leat go gcuirfí do chuid scríbhinn in eagar go héadrócaireach agus go n-athdálfaí gan teorainn í, ná seol í. Murar scríobh tú féin é seo, ní foláir go bhfuil sé ar fáil faoi réir téarmaí i gcomhréir leis na Téarmaí Úsáide, agus aontaíonn tú le leanúint gach riachtanas ceadúnaithe a bhaineann leis, má tá ceann ar bith.

Tá a lán le ceartú anseo, agus b’fhearr ar aon chuma é a bheith níos gaire don leagan Béarla:

If you do not want your writing to be edited, used, and redistributed at will, then do not submit it here. All text that you did not write yourself, except brief excerpts, must be available under terms consistent with Wikipedia's Terms of Use before you submit it.

Mholfainn an méid a leanas:

Mura mian leat go ndéanfaí do shaothar a úsáid, a athdháileadh agus a chur in eagar gan chosc gan cheangal, ná cuir anseo é. Rud ar bith nár scríobh tú thú féin, cé is moite de shleachta gearra, caithfidh sé a bheith ar fáil de réir na dTéarmaí Úsáide sula bhfoilsítear anseo é.

Colin Ryan 10:18, 22 Meitheamh 2010 (UTC)[reply]

Y Déanta [1] Guliolopez 10:49, 2 Iúil 2010 (UTC)[reply]

Wikisource link.

Hello. The Wikisource link on the mainpage links to the English Wikisource instead of the Irish one at http://www.wikisource.org/wiki/Main_Page:Gaeilge. --Frglz 22:12, 7 Iúil 2010 (UTC)[reply]

Strictly the "sister projects" template on the mainpage should link to http://ga.wikisource.org/ . But this doesn't exist. Granted I'm not all that familiar with Wikisource, but is the page you link above strictly to standard/spec? Shouldn't a new lang version be setup "properly" by following the meta process? Guliolopez 10:45, 8 Iúil 2010 (UTC)[reply]
I think the Irish Wikisource would get more traffic if it were linked to from the front page of the wiki. If it had more contributers, it would probably get to the point where it could have its own domain. The Esperanto Wikipedia, on its mainpage, links to the Esperanto Wikisource even though it's a Wikisource subproject which doesn't have its own site. --Frglz 19:30, 8 Iúil 2010 (UTC)[reply]

Cabhair

Ba mhaith liom roinnt athraithe beaga ar Cabhair a mholadh. Ag seo leagan ceartaithe:


An bhfeiceann tú "Cuir in eagar" anseo thuas? Is féidir leat ailt a chur in eagar díreach anois sa Vicipéid, fiú mura bhfuil tú logáilte isteach.

Céard í an Vicipéid?

Ciclipéid atá inti a bhíonn á comhchumadh ag na léitheoirí féin. Bíonn daoine ag feabhsú na Vicipéide gan stad, agus déantar na céadta athrú ar an leagan Gaeilge gach mí. Coinnítear cuntas ar na hathruithe seo i stair na n-alt agus i liosta na n-athruithe is déanaí. Baintear amach athruithe neamhoiriúnacha go tapa de ghnáth.

An féidir liom cuidiú léi?

Ná bíodh eagla ort ailt a chur in eagar — is féidir le duine ar bith é sin a dhéanamh. Moltar duit a bheith dána agus tú i mbun ceartú (ach gan loitiméireacht a dhéanamh, le do thoil)! Má fheiceann tú rud éigin a d'fhéadfá a fheabhsú maidir le cúrsaí gramadaí, le cúrsaí formáidithe nó leis an ábhar féin, déan é!

Ní féidir an Vicipéid a mhilleadh. Má dhéanann tú botún, is féidir leat féin nó le Vicipéideoir eile é a réiteach go héasca. Ar aghaidh leat mar sin! Cuir alt in eagar agus cuidigh linn an Vicipéid a choinneáil ar bun mar an fhoinse eolais lán-Ghaeilge is fearr ar an Idirlíon!

Déan do chéad athrú anois díreach:

1. Cliceáil ar ‘’Cuir in eagar” ar an leathanach seo thuas
2. Scríobh teachtaireacht ghearr
3. Cliceáil ar “Sábháil an lch” chun do chuid athruithe a shábháil
...nó ar "Taispeáin reamhamharc" chun do chuid athruithe a thástáil

Colin Ryan 09:59, 5 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)[reply]

Ar aghaidh leat - Maith go leor liomsa. Guliolopez 16:13, 8 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)[reply]

Request to change the Príomhleathanach

Hi everybody! First of all, sorry for not being able to speak in Gaeilge. I would like to request a little change in the Príomhleathanach. Note that the Catalan Wikipedia has reached 300.000 articles on 22, December. So in your main page you should change the link of the Catalan Wikipedia, which now is in "Vicipéidí le níos mó ná 100,000 alt" to "Vicipéidí le níos mó ná 300,000 alt". Please note the difference. Thank you very much. A lot of luck in your Wikipedia! Take care. My user page in the Catalan Wikipedia --Catalaalatac 14:19, 24 Mí na Nollag 2010 (UTC)

Y Déanta - thanks for letting us know & congratulations on achieving this milestone. Well done :) - Alison 14:30, 24 Mí na Nollag 2010 (UTC)

Please add Azerbaijani Wikipedia (Azərbaycanca) to "Vicipéidí le níos mó ná 50,000 alt" section and interwikis too. Regards.--PPerviz 16:45, 26 Feabhra 2011 (UTC)[reply]

Y Déanta - thanks for letting us know & congratulations!! - Alison 10:11, 27 Feabhra 2011 (UTC)[reply]


Wikipedia in Tatar

Dear friends, may I ask you to add a hyperlink to our Tatar Wikipedia (http://tt.wikipedia.org) to yourr Front page. Tatars - are turkic nation living in Tatarstan Republic, second biggest nation in Russian Federation. hope to hear from you soon. sincerely yours, Muhtac 20:54, 20 Márta 2011 (UTC)[reply]


Athrú beag

Ag barr an leathanaigh tá an abairt "Mo chuid phlé" le fáil - leagan nach bhfuil róshlachtmhar ó thaobh na gramadaí de. An féidir "Mo phlé féin" a dhéanamh de?

Colin Ryan 06:36, 28 Márta 2011 (UTC)[reply]

Article request

Hi! en:Department of Transport, Tourism and Sport does not have an equivalent article in Irish.

http://www.transport.ie/index_ie.aspx is the Irish language website for the department.

Is it alright if someone makes an Irish stub based on the article?

Thanks WhisperToMe 05:03, 3 Meitheamh 2011 (UTC)[reply]

I think someone should - and a full article would be even better. I'll have a look at it.

Colin Ryan 06:48, 10 Lúnasa 2011 (UTC)[reply]

Tá alt iomlán déanta agam agus súil agam go bhfuil sé níos greanta ná an leagan Béarla. Chuirfeadh suíomh Gaeilge na Roinne domheanma ort, ar ndóigh, cé go bhfuil sé luaite mar nasc. Seachain é.
Colin Ryan 06:13, 11 Lúnasa 2011 (UTC)[reply]



Ailt a chruthú go huathoibríoch

A chairde, an bhféadfadh éinne míniú dom conas go bhféadfainn clár nó rud éigin ar an gcaoi sin a chur le chéile ina bhféadfainn roinnt sonraí a chur isteach ann agus go nginfeadh sé ailt éagsúla dom? Táim ag iarraidh ailt a dhéanamh do bhaill uile na Dála trí ainm páirtí agus áit chónaithe an duine a chur isteahc ann go huathoibreach. Tuairim ag éinne? Mo leithscéal mur bhfuil mórán céile le m'achainí! Eomurchadha 21:48, 12 Meán Fómhair 2011 Eomurchadha 23:09, 26 Meán Fómhair 2011 (UTC)[reply]

Cuidiú sa Gaeilge (help with Irish)

Dia Dhuit! Is mise Xxglennxx. And I'm afraid I'll have to continue sa Béarla (or Welsh, being a fluent speaker :D). Also, sorry if this is the wrong area! I'm creating a list of vocabulary on posters to use around my classroom in school in the Celtic languages - I'm using Welsh, Cornish, Scottish and Irish Gaelic. Here are the words I have in Irish Gaelic - could someone check them for me, please? Doras (door); Fuinneog (window - just one); Ríomhaire (computer); Deasc/cathaoir (desk/chair); Leabhair (books - plural); Gliú (glue - such as a pritstick); Bosca bruscair (rubbish bin - for general waste); Bosca athchúrsála (recycle bin - for paper); Bord bán (whiteboard - for writing on). If you'd like to add any more which you think would promote the language, please do. Also, I can be contacted much quicker at cy:Defnyddiwr:Xxglennxx. Slán! Xxglennxx 13:32, 25 Deireadh Fómhair 2011 (UTC)[reply]

White board = clár bán SeoMac 18:59, 25 Deireadh Fómhair 2011 (UTC)[reply]
Go raibh míle maith agat :D Xxglennxx 21:39, 10 Mí na Samhna 2011 (UTC)

An Iorua

Dia dhaoibh,a chairde. Shroich an Vicipéid Norsk Bokmal níos mó ná 300,000 ailt. An féidir linn é sin a dheihmniú ar an bpríomhleathanach? Go raibh míle. :-) Bonzostar 14:42, 14 Mí na Nollag 2011 (UTC)

Ceartú

Tá an tagairt seo thíos le fáil ag bun an leathanaigh nuair a bhaintear feidhm as an Teimpléad 'Reflist':

Teimpléad a úsáidtear ar an leathanach seo:
Teimpléad:Reflist (féach ar an foinse) (glasáilte)

Ba cheart "féach ar an foinse" a athrú mar a leanas: "féach ar an bhfoinse". Colin Ryan (talk) 04:05, 9 Iúil 2012 (UTC)[reply]

Ba cheart 'féach ar an bhfoinse' a dheanamh de 'féach ar an foinse'.

Colin Ryan 08:07, 15 Mí na Nollag 2011 (UTC)


Léitheoirí

An féidir a fháil amach cá mhéad duine a léann aon chuid de Vicipéid na Gaeilge? (An beagán, ar ndóigh, ach bíodh dóchas againn.) Colin Ryan (talk) 04:05, 9 Iúil 2012 (UTC)[reply]

Y Déanta Féach anseo. Guliolopez (talk) 11:16, 9 Iúil 2012 (UTC)[reply]

*

--Lani Laesterlich (talk) 18:28, 3 Mí na Samhna 2012 (UTC)

Wikidata

Just a heads up that Wikidata will be coming to the Irish Wikipedia in a few weeks. When this happens, articles will get their list of other languages from Wikidata and will no longer need to maintain a local copy in the article's Wikitext. The local links will suppument or override the information from Wikidata. Editing the list on Wikidata will update all languages automaticly. This wasen't anounced propely on the English Wikipeda and it resulted in a few edit wars with prople mistaking the removal of interlanguage links as vandilisim. Might be a good idea to start updating help and policy pages to let people know of the incomming changes. Just FYI. 86.44.163.139 01:35, 17 Feabhra 2013 (UTC)[reply]

Hi. Thanks for the info. However can you be a bit more specific on the types of changes that are envisioned and the types of problems encountered on other projects? So we can better anticipate/address? A simple diff or diffs would help. Is this the type of thing you mean? If so, just FYI, it might be worthwhile someone from Wikidata creating an account or bot with a name so those types of misunderstandings are less likely! Guliolopez (talk) 02:25, 17 Feabhra 2013 (UTC)[reply]
That's exactly the type of revert war I'm on about. The problem is that 5 days ago removing the intelanguage links form an article was vandalisim, and now it's not, but a lot of people don't realize that and keep treating it as vandalisim. AFAIK there's no bot to remove these links from pages, and each Wikipedia gets to make its own policy on what to do with the info from Wikidata. I've just been removing the links from random articles on en:Wikipedia as I come across them. I wrote some extra info at en:Help:Interlanguage links and en:WP:WDATA to explain for people on the English Wikipedia.
Quick summery:
  • All intelanguage links will be maintained on Wikidata.
  • This information will be shared to all language Wikipedias so articles will get their interlanguage links from Wikidata.
  • 4 Wikipedias, including the English one currently use this system. Its due to be rolled out to the remaining Wikipedias next month.
  • The local articles can still contain interwikilinks in their wikitext. These links will override the ones from Wikidata. So if a link gets updated on Wikidata, you will need to eiter update the link manualy in the wikitext (as you must do now) or remove the link from the wikitext so that you will get the updated link from Wikidata.
  • Individual pages can opt out of some or all of Wikidata's interlanguage links using the noexternallanglinks magic word.
  • In the future, infoboxes will also get their data from Wikidata, but this part of Wikidata is still under development and doen't work on any Wikipedia.
86.44.163.139 03:19, 17 Feabhra 2013 (UTC)[reply]

Athrú Teidil

An féidir Liosta stairiúil de lucht Gaeilge san Astráil a athrú go Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil? Tá an dara leagan níos caighdeánaí, cé gurb é an chéad leagan a chloisfeá i roinnt canúintí.

Colin Ryan (talk) 09:19, 22 Iúil 2013 (UTC)[reply]

Athraithe duit anois, go n-éirí leat leis an obair! --Antóin (talk) 12:58, 23 Iúil 2013 (UTC)[reply]

Ceartú beag

An féidir Fodhla Ní Chuileagáin a athrú go Fódhla Ní Chuileagáin? GRMA.

Colin Ryan (talk) 08:21, 28 Iúil 2013 (UTC)[reply]

Déanta anois. --Antóin (talk) 10:27, 28 Iúil 2013 (UTC)[reply]

Athrú ag teastáil

An féidir Richard Bartlett (cairtghrafaí) a athrú go Richard Bartlett (cartagrafaí)? GRMA.

Colin Ryan (talk) 08:22, 28 Lúnasa 2013 (UTC)[reply]

Y Déanta Guliolopez (talk) 15:32, 28 Lúnasa 2013 (UTC)[reply]

Filí na Gaeilge

Ní mór Liosta Filí na Gaeilge a athrú go Liosta d’Fhilí na Gaeilge, toisc nach é an “liosta deifnídeach” é (fós).

Colin Ryan (talk) 22:46, 17 Eanáir 2014 (UTC)[reply]

Filí arís

Má choinnítear an sean-teideal, ní mór é a cheartú ó thaobh na gramadaí de: Liosta Fhilí na Gaeilge.

Colin Ryan (talk) 04:28, 19 Eanáir 2014 (UTC)[reply]

Déanfaidh mé anois é, a chara. Brón orm nach bhfuil sé déanta go dtí seo. --Antóin (talk) 09:15, 19 Eanáir 2014 (UTC)[reply]

30,000 earraí!

30,000 earraí! - Llanbadarn Fawr, bronntanas beag ó Bhreatain Bheag! Comhghairdeas leis an nGaeilge! Wici Rhuthun 1 (talk) 09:46, 15 Aibreán 2014 (UTC)[reply]

Íomhá roghnaithe

Tá an íomhá roghnaithe ar an phríomhleathanach ag éirí sean (dá fheabhas í). Ceann úr de dhíth!. Molaim uimhir 16 ar liosta na n-iarrthóirí: 360_degrees_fogbow.jpg. An t-alt a bhaineann leis ná bogha ceo. Ceannteideal: Bogha ceo 360 céim. SeoMac (talk) 05:53, 18 Lúnasa 2014 (UTC)[reply]

De réir cosúlachta, níl cead agam an íomhá a athrú (d'ainneoin a bhfuil scríofa: "only registered users can edit it [an phríomhleathanach]"). Tá súil agam gurbh 'fhéidir linn í a athrú go luath. 2010: 9 n-íomhá; 2014: 0 íomhá. SeoMac (talk) 00:41, 18 Meán Fómhair 2014 (UTC)[reply]
Brón orm :( - ach, sin Y Déanta anois - Alison 23:20, 18 Meán Fómhair 2014 (UTC)[reply]
GRMMA, Alison. Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastail. SeoMac (talk) 04:24, 19 Meán Fómhair 2014 (UTC)[reply]

On the English Wikipedia, we started a project called TAFI. Each week we identify underdeveloped articles that require improvement. Our goal is to use widespread collaborative editing to improve articles to Good article, Featured article or Featured list quality over a short time frame.

This is all about improving important articles in a collaborative manner, and also inspiring readers of Wikipedia to also try editing. We think it is a very important and interesting idea that will make Wikipedia a better place to work. It has been very successful so far, and the concept has spread to the Hindi Wikipedia where it has been well received.

We wanted to know if your Wikipedia was interested in setting up its own version of TAFI. Please contact us on our talk page or here if you are interested.--Coin945 (talk) 17:48, 2 September 2014 (UTC)

Why isn't the main page protected?

It should be to prevent vandalism. Please excuse me for speaking English, but I don't speak Irish. Antiv31 (talk) 22:17, 15 Márta 2015 (UTC)[reply]

Hi

I'd like to know how to pronounce Irish. IllogicMink (talk) 09:43, 21 Aibreán 2015 (UTC)[reply]

Irish pronunciation is not very difficult, but you're probably curious about how to pronounce the words you see on the page. Irish spelling is much more regular than English spelling, but it is very complicated. You won’t be able to read it aloud and be understood without some study. I suggest watching some YouTube videos. Start with "Sounds and spelling of Irish", a 15-min+ video by stwidgie. Very clear and logical. You could then also watch the videos by COD as Gaeilge, starting with "Learn Irish 1". His dialect is a bit different though-mostly his word stress. Best of luck. Ádh mór ort. (Pronounced AW MOAR ort or [my pronunciation] AH MOAR art.) SeoMac (talk) 22:27, 22 Aibreán 2015 (UTC)[reply]

Íomhá roghnaithe

Am le haghaidh Íomhá Roghnaithe nua ar an bpríomhleathanach, tá mé ag ceapadh. I measc na n"Iarrthóirí" is maith liomsa #5, 13 agus 20. Tuairimí? (Déan clic ar "Iarrthóirí" ar dheis thíos faoin íomhá roghnaithe ar an bpríomhleathanach (bogha ceo) leis an liosta a fheiceáil. Íomhá nua gach trí mhí as seo amach? SeoMac (talk) 15:02, 23 Aibreán 2015 (UTC)[reply]

Seans deireanach! SeoMac (talk) 00:12, 26 Aibreán 2015 (UTC)[reply]
Ba mhaith liom an íomhá roghnaithe a athrú gach dhá mhí as seo amach—chomh maith le ceann ar ócáid speisialta mar an Nollaig, b'fhéidir. De réir an sceidil sin, beidh mé ag cur íomhá nua suas faoin gcéad lá de mhí Iúil. Féach ar na híomhánna atá sa scuaine s'againne (Vicipéid:Íomhánna roghnaithe/Iarrthóirí) nó i gcartlann na n-íomhánna roghnaithe ag an gComún (Commons). Tá sé ar intinn agam an pictiúr de thíogar (Zú Dortmund) a úsáid. (Ná bíodh aon imní orainn faoi na naisc dhearga mar scríobhfaidh mé/muid alt má's gá.) Má tá tuairim ag duine ar bith, abair suas. SeoMac (talk) 18:38, 9 Meitheamh 2015 (UTC)[reply]

Catagóir nua

Seans gur féidir catagóir nua a chur ar bun? – Ban-amhránaithe Fraincise ó Québec. Tá mo rogha féin déanta agam díobh (agus gan cuid mhaith acu le fáil in aon teanga ach Fraincis ar Wikipedia) agus ailt á scríobh agam dá réir.

Colin Ryan (talk) 05:23, 16 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Y Déanta Beidh mé ag obair (tá súil agam) ar na catagóirí os cionn 'Ban-amhránaithe Fraincise ó Québec' — níor mhaith linn an catagóir nua seo a bheith ina 'dílleachta'. An-obair déanta agat. SeoMac (talk) 07:10, 16 Iúil 2015 (UTC)[reply]
Á, rud eile de! Nár chóir Patsy Gallant a chur ina catagóir féin? As New Brunswick di agus ní as Québec. Sin an bealach a bhfuil sí rangaithe ag Wikipedia na Fraincise. SeoMac (talk) 07:17, 16 Iúil 2015 (UTC)[reply]
Maidir le Patsy Gallant, déarfainn go bhfuil an ceart agat. Colin Ryan (talk) 00:29, 17 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Teideal ailt a cheartú

Ceartú ag teastáil - an teideal "Ceanadaigh Francach" a athrú go "Ceanadaigh Fhrancacha". Colin Ryan (talk) 04:38, 18 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Y Déanta SeoMac (talk) 05:52, 18 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Alt roghnaithe

Mar eolas daoibh, ní ar Vicipéid na Gaeilge amháin a bhfuil alt faoi Neil Harris mar alt roghnaithe: "Artículo destacado" ar Vicipéid na Spáinnise é inniu freisin.

Beidh muid ag athrú an ailt roghnaithe ag deireadh na míosa seo. Cúntaois Markiewicz an chéad alt eile sa scuaine, ach ní gá dúinn ord na n-alt úd a leanúint. Má tá smaoineamh ar dhuine ar bith eile, cuir do thuairim suas anseo. Tá cead ag éinne, léitheoirí chomh maith le duine, a t(h)uairim a nochtadh.

Tá cead ag daoine freisin ailt mhaithe nua a chur ar an liosta. Dá mbeadh níos mó díobh againn, thig linn iad a athrú níos minice ná gach trí mhí mar atá ceaptha agam anois. Tá mise ag smaoineamh ar Téarmaí seoltóireachta a mholadh. Níor roghnaigh muid liosta ariamh i gcomhar an ailt roghnaithe, ach ní fheicim fáth ar bith gan é a dhéanamh—cuirtear fócas ar liosta nua ar an bpríomhleathanach Béarla gach lá beo.

If anyone has input regarding the upcoming or future featured articles, please let us know. GRMA! SeoMac (talk) 04:24, 21 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Athróidh mé an t-alt roghnaithe go Constance Gore-Booth Markiewicz ag deireadh mí Lúnasa, ceapaim. Athraímis iad gach trí mhí, easpa alt fhada againn. SeoMac (talk) 07:52, 1 Lúnasa 2015 (UTC)[reply]

Catagóir eile le cruthú

An féidir an catagóir seo a chruthú: "Ban-ealaíontóirí na hAthbheochana"? Táim chun roinnt alt a scríobh faoin ábhar. Colin Ryan (talk) 01:14, 24 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Catagóir eile fós

Catagóir eile ag teastáil: "Ban-ealaíontóirí na Ré Barócaí". Colin Ryan (talk) 01:41, 24 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Déanfaidh mé amhlaidh sa dá chás seo, mura bhfuil éinne ina choinne! SeoMac (talk) 02:06, 24 Iúil 2015 (UTC)[reply]
Rud eile: Bímid go léir ag baint usáid as an leathanach seo chun ceisteanna nach mbaineann leis an bpríomhleathánach a phlé. Is dócha gur chóir dúinn an Halla baile úsáid, nach ea? SeoMac (talk) 02:13, 24 Iúil 2015 (UTC)[reply]
Rinne mé do chomhairle. Tá cúpla catagóir nua luaite agam sa Halla baile. Tá a lán réimsí suimiúla ann i gcúrsaí ealaíne agus gan mórán oibre déanta fós orthu sa Vicipéid.Colin Ryan (talk) 13:03, 26 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Wikipedia for Peace

Dear contributors to the Irish Wikipedia,

from August 14 until August 27 2015 we will organise the project Wikipedia for Peace in Vienna (Austria). 15 participants from all over Europe will come together to learn how to contribute to Wikimedia projects, share knowledge and research concerning the topic "peace" and receive input on the topic by different workshop leaders. One of the participants would like to contribute to the Irish Wikipedia. As I myself am not familiar with the Irish Wikipedia, we need somebody who could give her a bit feedback on her contributions, her articles etc. and who would answer questions that she might have. Is there anybody here who could be this kind of "mentor" for our participant, especially on the first days of her writing process (August 15-18)?

Our participant would then just ask her questions on the discussion page of the user who volunteers to be her "mentor", if that's okay with you. Thank you in advance! --Shikeishu (talk) 18:04, 4 Lúnasa 2015 (UTC)[reply]

I would be happy to help.Colin Ryan (talk) 09:49, 10 Lúnasa 2015 (UTC)[reply]

Wikimedia Commons Picture of the Day

Hello,

You can make your site more attractive by adding the Wikimedia Commons Picture of the Day with the template they offer.

The current Picture of the Day can be included on a page using the template:

Teimpléad:Potd The image can be accessed using [[:File:Teimpléad:Potd/2024-03-28]] The caption can be accessed using Teimpléad:Potd/2024-03-28 (en)

- Owain Knight (talk) 12:00, 30 Deireadh Fómhair 2015 (UTC)[reply]

Thanks. We have established criteria for featured images. One is that an image has to correspond to at least one existing article on this Wikipedia project. Since we have fewer than 40K articles, that limits things. Any changes to those guidelines would have to be carefully discussed here. SeoMac (talk) 04:12, 8 Nollaig 2015 (UTC)[reply]

Íomhá roghnaithe

Ba mhaith liom Adhradh na n-aoirí a úsáid mar íomhá roghnaithe don méid eile de mhí na Nollag. Sin uimhir 28 ar liosta na n-iarrthóirí. Vótaí ar a shon nó ina choinne? Tuairimí faoi íomhánna eile ar an liosta? Cad faoin teachtaireacht i leith Picture of the Day thuas? SeoMac (talk) 04:07, 8 Nollaig 2015 (UTC)[reply]

Dúshlán

   Tá an dúshlán comortas gaeilge i gcor scoileanna agus coláistí. Tá caoga tascanna le deannamh i caoga uair. Caithfidh tú an dúshlán a deanamh agus pictuir, screanshot nó físean a togail agus é a cuir é suas ar twitter. Caithfidh tú #dúshlán agus uimhir an foirne beith le gach tweet.  
   An adham ná le an meid is mó do a deanamh is gur feidir leat. Caifhidh tú grupa do trí duiní a cruthú. Tá iPad mini mar an cead duais, agus dearbhá 100 euro mar an dara duais.

Tusa Tube

Caoimhe Ní Chathail agus Éadaoin Nic Mhuiris atá i mbun Tusa Tube. Is cainéal ar YouTube é a chuireann vlaganna agus físeáin in airde go rialta trí mheán na Gaeilge. Thosaigh an cainéal i mí Aibreáin 2014 tar éis do Chaoimhe agus Éadaoin freastal ar Lá Dearg i mBéal Feirste agus vlag a ghlacadh den lá. Chuir siad an físeán sin in airde agus léar mór eile ina dhiaidh. An aidhm atá acu ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach spraíúil, taitneamhach agus nua-aimseartha. Is ardán mór é YouTube na laethannta seo agus cheap an bheirt go raibh easpa úsáide á bhaint as i dtaobh na Gaeilge de. Baineann Tusa Tube neart úsáide as na meáin shóisialta ar fad agus iad gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge go laethúil. Mar gheall ar rath a gcuid físeán, dírigh le Tusa Tube clár teilifíse a bhaint amach ar TG4. Clár teilifíse do pháistí darb ainm WAC atá ann agus rinneadh taifead air i rith an tsamhraidh den bhliain 2015. Sin an aisling a bhí i gcónaí acu agus tar éis 52 clár a thaifead do TG4, chonaic siad gur mó an tairbhe a bhí siad in ann baint as an chainéal YouTube. Tá pleananna móra ag Tusa Tube don todhchaí. Idir a gcuid físeán féin ar an chainéal agus tuilleadh oibre le TG4 agus ar an teilifís, beidh neart le teacht uathu.

Learning Irish?

Sorry if this is an inappropriate place to ask, but how would one go about learning Irish?

Duolingo.com would be a good starting point>

Ériugena (talk) 13:46, 25 Feabhra 2016 (UTC)[reply]

Athrú teidil

An féidir “Siorrachd a' Mhainisdeir” a chur in áit "Siorrachd Mainistear" mar theideal an ailt úd? Ba mhaith an rud ina dhiaidh sin an t-alt "Contae Mainistear, Albain Nua" a chealú, mar nach bhfuil ann ach dúbláil.

Colin Ryan (talk) 00:37, 4 Meitheamh 2016 (UTC)[reply]

Alt roghnaithe

Beidh mé ag athrú an alt roghnaithe ar an bpríomhleathanach. Féachaigí ar na hailt ar liosta na n-"iarrthóirí". Má's fearr leat ceann amháin díobh, abair suas. Tá—agus bíonn—cead ag daoine ailt eile a mholadh freisin. SeoMac (plé) 16:32, 30 Nollaig 2016 (UTC)[reply]

Mars an chéad alt roghnaithe eile. Fáilte roimh naisc, etc. SeoMac (plé) 16:35, 6 Eanáir 2017 (UTC)[reply]
Tá Mars ann le fada. Bheinnse ag moladh é a athrú gan mhoill. Céard faoi Samuel Beckett? Nmacu (plé) 10:52, 3 Samhain 2017 (UTC)[reply]

Celtic and Indigenous Languages Conference

Dear colleagues, The first ‘Celtic Knot’ – Wikipedia Language Conference will take place 5 & 6 July 2017 at the University of Edinburgh in collaboration with Wikimedia UK. Please save the date. The event will focus on Celtic Languages and Indigenous Languages, showcasing innovative approaches to open education, open knowledge and open data that support and grow language communities. The call for ideas closes on 10th March 2017. Our vision is for diverse participants working in Celtic and Indigenous languages ranging from Wikimedians, educators, researchers, information professionals, media professionals, linguists, translators, learning technologists and more coming together to share good practice and find fruitful new collaborations to support language communities as a result of the event. To find out more about the conference themes and the format of sessions please visit the Celtic Knot page. Email your session proposal to ewan.mcandrew@ed.ac.uk indicating the session type by no later than Friday 10th March. Please feel free to forward this event to interested colleagues in your network. If you would like to more then please contact me direct at ewan.mcandrew@ed.ac.uk Very best regards, Stinglehammer (plé) 23:39, 23 Feabhra 2017 (UTC)[reply]

Please add the Afrikaanse Wikipedia on the list, as it reached 50,000 articles today. The quality of articles seems to be good enough. Best regards, -- SpesBona (plé) 10:10, 15 Meitheamh 2018 (UTC)[reply]

Teideal ailt

Táim chun cur leis an alt "Poblacht Shácha". Tugann Téarma.ie "Sachais" mar ainm na teanga a labhraítear ann agus ba cheart, dar liom, "Poblacht Shacha" (gan fada) a úsáid mar theideal. Colin Ryan (plé) 07:28, 5 Márta 2019 (UTC)[reply]

Y Déanta SeoMac (plé) 20:53, 5 Márta 2019 (UTC)[reply]

Scáilphobal

Ba cheart, dar liom, an teideal Scáilphobal a athrú go Scáildaonra, ó tá ciall theicniúil níos cruinne leis siúd i gcúrsaí géineolaíochta. Cuimhnímis ar "ghost population" an Bhéarla.

Colin Ryan (plé) 07:50, 18 Márta 2019 (UTC)[reply]

Y Déanta SeoMac (plé) 19:24, 19 Márta 2019 (UTC)[reply]

It's not in the local language, but I thought some of you could be interested anyway. Right, let's hope that Foilsigh athruithe means what I think it means. Gråbergs Gråa Sång (plé) 16:28, 1 Aibreán 2019 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat/Thank you! I had personally seen it, but many here may not have. It has certainly been going strong lately, thanks to a dedicated group, many new over the last year. I hope we can expand the dog and cat articles! SeoMac (plé) 23:51, 1 Aibreán 2019 (UTC)[reply]

Dhá Bhrighid

Tá dhá alt ann faoin bhfile céanna: Brighid, iníon Éinrí Mhic Ghearailt agus Brighid Nic Gearailt. Mo bharúil gurb é an dara halt an ceann is fearr. Chaithfinn an chéad cheann amach.

Colin Ryan (plé) 23:22, 2 Aibreán 2019 (UTC)[reply]

Athrú beag ar theideal ailt

An féidir an teideal Gluais théarmaí seoltóireachta a athrú mar seo: Gluais de théarmaí seoltóireachta?

Colin Ryan (plé) 11:52, 22 Aibreán 2019 (UTC)[reply]

Y Déanta SeoMac (plé) 04:36, 26 Aibreán 2019 (UTC)[reply]

Catagóir nua ag teastáil

An féidir catagóir nua, Filí Astrálacha, a chruthú? Táim chun roinnt alt a scríobh faoi na filí sin.

Colin Ryan (plé) 12:17, 30 Aibreán 2019 (UTC)[reply]

Y Déanta SeoMac (plé) 22:30, 30 Aibreán 2019 (UTC)[reply]

Cúrsaí Reatha

Corn Rugbaí an Domhain 2019. 87.140.111.165 08:01, 19 Meán Fómhair 2019 (UTC)[reply]

Ceartú

Tá gá le leagan nua Gaeilge den Bhéarla thíos – leagan nach bhfuil ag brath ar Google Translate:

Wiki loves Monuments: Photograph a monument, help Wikipedia and win!

Is breá le Wiki séadchomharthaí: tóg pictiúr de shéadchomhartha, cabhraigh leis an Vicipéid agus buaigh!

Colin Ryan (plé) 14:06, 24 Meán Fómhair 2019 (UTC)[reply]

Haigh, a Cholin! Rinne mé iarracht roinnt uaireanta é a athrú as mo stuaim féin, ach de réir chosúlachta tá córas nua acu. D'éirigh liom inniu fáil amach cé hí an duine ceart agus d'iarr mé uirthi (air?) do théacs a chur in ionad an tseanmheirge. SeoMac (plé) 05:14, 25 Meán Fómhair 2019 (UTC)[reply]
Deirtear liom gur athraíodh an téacs. Ta sé ró-dhéanach, b'fhéidir--ní fheicim anois é ar na leathanaigh. Ar a laghad beidh me ábalta déileáil lena leithéid níos sciobtha an chéad uair eile. SeoMac (plé) 18:06, 26 Meán Fómhair 2019 (UTC)[reply]
Feicim gur éirigh linn. Tá sé le feiceáil ar leathanaigh Vicipéide ar mo ríomhaire (roimhe sin bhí mé ag obair ar mo Nook. Déanann sé sin difear go minic.) SeoMac (plé) 23:08, 26 Meán Fómhair 2019 (UTC)[reply]

Ceartú ar theideal

Ní mór Dara Phoblacht na Spáinne a cheartú mar Dara Poblacht na Spáinne. Colin Ryan (plé) 09:09, 5 Eanáir 2020 (UTC)[reply]

Y Déanta SeoMac (plé) 21:28, 5 Eanáir 2020 (UTC)[reply]

Ceartú ar theideal

Ní mór Uathsóim a athrú go "Uathshóim".

Colin Ryan (plé) 08:12, 22 Eanáir 2020 (UTC)[reply]

"Uathsóm" atá in Ó Dónaill agus ní fheicim an focal in úsáid in áit ar bith eile. An fearr leat "Uathshóm" mar sin féin? SeoMac (plé) 05:54, 20 Feabhra 2020 (UTC)[reply]

Catagóir nua

An féidir an catagóir nua seo a chruthú: Bundúchasaigh na hAstráile? Colin Ryan (plé) 08:27, 23 Eanáir 2020 (UTC)[reply]

Tá an catagóir againn cheana. An raibh "Réamhstair na hAstráile" i gceist agat? Tá sé ag teastáil: Cruthóidh mé é láithreach. SeoMac (plé) 20:44, 23 Eanáir 2020 (UTC)[reply]

Athrach ainm

Ba cheart Mainistir Inis Mac nEirinn a athrú. “Mainistir Inis Mac nÉirín” an t-ainm ceart: féach https://www.logainm.ie/en/42742?s=Inis+Mac+n%c3%89ir%c3%adn.

Colin Ryan (plé) 08:41, 24 Eanáir 2020 (UTC)[reply]

Y Déanta (tamall beag siar, gml) SeoMac (plé) 02:16, 3 Feabhra 2020 (UTC)[reply]

Atreorú

An féidir Falscaithe san Astráil a atreorú chun Tinte coille san Astráil? Is ionann falscaí agus "wildfire," ar ndóigh, ach focal é a oireann do dhó an fhraoigh seachas do dhóiteán sna coillte. Colin Ryan (plé) 13:18, 2 Feabhra 2020 (UTC)[reply]

Y Déanta SeoMac (plé) 02:13, 3 Feabhra 2020 (UTC)[reply]

Ceartú teidil

An féidir an teideal seo a cheartú: Tomás Mac Gearalt, 10ú Iarla Chill? Ní mór "Tomás Mac Gearailt, 10ú hIarla Chill Dara" a chur ina áit.

Colin Ryan (plé) 07:52, 19 Feabhra 2020 (UTC)[reply]

Tá tú i gceart! Déanta agam Ériugena (plé) 15:24, 19 Feabhra 2020 (UTC)[reply]

Catagóirí nua

An féidir ceithre chatagóir nua a chruthú, mura bhfuil siad ann cheana: Éireannaigh mná sa 15ú haois, Éireannaigh mná sa 16ú haois, Éireannaigh mná sa 17ú haois, Éireannaigh mná san 18ú haois.

Colin Ryan (plé) 10:47, 19 Feabhra 2020 (UTC)[reply]

Déanfaidh mé amhlaidh. Beidh siad nasctha le en:Category:16th-century Irish women srl. SeoMac (plé) 05:44, 20 Feabhra 2020 (UTC)[reply]