An difríocht idir athruithe ar: "Dáithí Ó Sé"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4: Líne 4:


<br />
<br />
== Saol Luath ==
== Saol luath ==
Rugadh Dáithí Ó Sé i bh[[An Fheothanach|Feothanach]], sráidbhaile beag i g[[Corca Dhuibhne]] i gcontae [[Ciarraí (Dáilcheantar)|Chiarraí]], ar an dara lá de Mheitheamh i 1976. Tá ceathrar deirfiúr agus deartháir aige: Caoimhín, Deirdre, Dónall agus Máire Áine.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Maidhc Dainín Ó Sé|date=1995|url=|title=|journal=A Thig Ná Tit Orm|volume=|issue=Céad}}</ref> Ba é [[Maidhc Dainín Ó Sé]] mar athair Dáithí, agus ba í ainm Kathleen (Caitlín) Nic Gearailt a bhí ar a mháthair. Bhí Maidhc agus Caitlín ina chónaí i Chicago ó 1959 go dtí 1969, nuair ar fhill siad ar ais go hÉirinn i 1969. Bhí Maidhc mar scríbhneoir agus ceoltóir, tá roinnt saothar foilsithe aige cosúil le ''Corcán na dTrí gCos.'' Is dócha go raibh an Ghaeilge curtha go mór i bhfeidhm i shaol Dáithí fhádas a bhí sé ag fás aníos.
Rugadh Dáithí Ó Sé i bh[[An Fheothanach|Feothanach]], sráidbhaile beag i g[[Corca Dhuibhne]] i gcontae [[Ciarraí (Dáilcheantar)|Chiarraí]], ar an dara lá de Mheitheamh i 1976. Tá ceathrar deirfiúr agus deartháir aige: Caoimhín, Deirdre, Dónall agus Máire Áine.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Maidhc Dainín Ó Sé|date=1995|url=|title=|journal=A Thig Ná Tit Orm|volume=|issue=Céad}}</ref> Ba é [[Maidhc Dainín Ó Sé]] mar athair Dáithí, agus ba í ainm Kathleen (Caitlín) Nic Gearailt a bhí ar a mháthair. Bhí Maidhc agus Caitlín ina chónaí i Chicago ó 1959 go dtí 1969, nuair ar fhill siad ar ais go hÉirinn i 1969. Bhí Maidhc mar scríbhneoir agus ceoltóir, tá roinnt saothar foilsithe aige cosúil le ''Corcán na dTrí gCos.'' Is dócha go raibh an Ghaeilge curtha go mór i bhfeidhm i shaol Dáithí fhádas a bhí sé ag fás aníos.


Líne 44: Líne 44:


Taitníonn cócaireacht go mór le Dáithí, tá seo de bharr go mbíonn sé ag obair agus ag taisteal go minic mar sin ní bhíonn am aige a bhéilí féin a dheanamh agus bíonn air ithe amach go minic<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.beo.ie/alt-daithi-o-se.aspx|teideal=Dáithí Ó Sé|language=ga|work=Beo!|dátarochtana=2020-02-13}}</ref>. Bhí Dáithí ag póstáil oidis anuas ar suíomh RTÉ i gcomhair cácaí agus roinnt mias le iasc <ref>{{Lua idirlín|url=https://www.rte.ie/author/742847-daithi-o-se/|teideal=Daithí Ó Sé|údar=Daithí Ó Sé|dáta=2015-11-18|language=en|work=RTE.ie|dátarochtana=2020-02-13}}</ref>
Taitníonn cócaireacht go mór le Dáithí, tá seo de bharr go mbíonn sé ag obair agus ag taisteal go minic mar sin ní bhíonn am aige a bhéilí féin a dheanamh agus bíonn air ithe amach go minic<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.beo.ie/alt-daithi-o-se.aspx|teideal=Dáithí Ó Sé|language=ga|work=Beo!|dátarochtana=2020-02-13}}</ref>. Bhí Dáithí ag póstáil oidis anuas ar suíomh RTÉ i gcomhair cácaí agus roinnt mias le iasc <ref>{{Lua idirlín|url=https://www.rte.ie/author/742847-daithi-o-se/|teideal=Daithí Ó Sé|údar=Daithí Ó Sé|dáta=2015-11-18|language=en|work=RTE.ie|dátarochtana=2020-02-13}}</ref>

==Tagairtí==
{{reflist}}
{{reflist}}



Leagan ó 22:53, 13 Feabhra 2020

Dáithí ar suíomh Glór Tíre
Infotaula de personaDáithí Ó Sé
Beathaisnéis
Breith2 Meitheamh 1976
47 bliana d'aois
Daingean Uí Chúis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhuire gan Smál Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1999 –

Twitter: daithi_ose Musicbrainz: 13525dfa-ebcc-4cc9-ac6d-ed7b64d51256 Discogs: 4243890 Cuir in eagar ar Wikidata

Dáithí Ó Sé

Is craoltóir é Dáithí Ó Sé ar teilifís in Éirinn. Faoi láthair, tá sé ina láithreoir i gcomhair an chomórtais 'Rose of Tralee' agus is láithreoir é chomh maith le Maura Derrane ar 'The Today Show' ar RTÉ[1]. Freisin, ó 2018 tá clár aige ar TG4 darbh ainm 'Seal le Dáithí[2]'. Is cainteoir dúchais na Gaeilge é Dáithí.


Saol luath

Rugadh Dáithí Ó Sé i bhFeothanach, sráidbhaile beag i gCorca Dhuibhne i gcontae Chiarraí, ar an dara lá de Mheitheamh i 1976. Tá ceathrar deirfiúr agus deartháir aige: Caoimhín, Deirdre, Dónall agus Máire Áine.[3] Ba é Maidhc Dainín Ó Sé mar athair Dáithí, agus ba í ainm Kathleen (Caitlín) Nic Gearailt a bhí ar a mháthair. Bhí Maidhc agus Caitlín ina chónaí i Chicago ó 1959 go dtí 1969, nuair ar fhill siad ar ais go hÉirinn i 1969. Bhí Maidhc mar scríbhneoir agus ceoltóir, tá roinnt saothar foilsithe aige cosúil le Corcán na dTrí gCos. Is dócha go raibh an Ghaeilge curtha go mór i bhfeidhm i shaol Dáithí fhádas a bhí sé ag fás aníos.

D'fhreastail Dáithí ar an bunscoil aitiúil agus ansin ar Mheánscoil na mBráithre Críostaí[4], áit ar fhreastal Dara O'Briain freisin. Nuair a chríochnaigh sé sa scoil lean sé ar aghaidh ag staidéar i gColáiste Mhuire gan Smál, bhain sé amach céim BA i Stair agus Gaeilge.


Gairm Dhaithí roimh an mheáin

Bhí roinnt poist ag Dáithí sular thosaigh sé ag obair i gcomhair TG4. Bhí sé ina bhúistéara nuair a bhí sé ar scoil, freisin bhí sé mar dhoirseoir slándála. Bhí post aige mar thiománaí ar bád farantóireachta timpeall na mBlascaodaí i gCiarraí, bhí an-bhaint ag clann Dáithí leis an fharraige; bhí a sheanathair Dainín Dan Ó Sé mar iascaire. Bhí Dáithí mar mástir sorcais i Duffy’s Circus. Chaith sé ceithre bliaina leis an tsorcais, thosaigh sé ann nuair a fuair sé glaoch ó ghrúpa a raibh ag cuir an Ghaeilge chun cinn ag iarraidh air le dul isteach sna sorcais toisc go raibh siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge a thabhairt isteach sa léiriú sorcais. Bhí sé mar an chéad seó sorcais as Gaeilge[5] Chuaigh siad ar camchuairt timpeall na hÉireann taobh amuigh de na ceantracha Gaeltachta. Dúirt sé in agallamh gur bhain sé an-sult as a chuid ama sna sorcais agus bhí sé an-ghreannmhar.[6] Labhair sé faoi conas a bhí gach lá sa sorcas éagsúil. Bhí Dáithí Ó Sé ag obair go páirtaimseartha i gcomhair TG4 nuair a bhí sé ag múineadh, dar le Dáithí bhain sé taitneamh as gach lá a raibh sé a mhúineadh ach bhí fonn ar obair ar feadh TG4 nuair a cuireadh ceist air toisc go raibh sé fiosrach faoi.[7] Ba dheis iontach é an post seo i gcomhair Gaeilgeoir cosúil le Dáithí.


Gairm sa mheáin

Bhí Dáithí Ó Sé mar chuid lárnach de theilifís trí Ghaeilge in Éirinn. Thosaigh Dáithí ag obair i gcomhair TG4, stáisiún náisiúnta na Gaeilge in Éirinn i 1999.

Tá Dáithí Ó Sé ag obair i TG4 ó 1999

Bhí sé ag obair go páirtaimseartha mar fhear na haimsire agus láithreoir leanúnachais ag an bpointe seo ach faoi 2001, bhí conradh lánaimseartha faighte aige. I 2002, bhí sé páirteach sa chlár ‘Féilte’ ar TG4[8]. Bhí seo mar clár a raibh bunaithe ar deich bhféile sa samhradh agus dhá chinn speisialta ag an Nollag a bhí lonnaithe i Nua-Eabhrac agus Bostún. Freisin i 2002 bhí Dáithí páirteach i nGradam Cheoil TG4 a bhí ar siúl i gceoláras in Ollscoil Luimnigh. Bhí sé mar láithreoir ar an oíche agus bhí thart ar 1,000 duine ann mar lucht féachana[9].

I 2003, lean Dáithí ar aghaidh leis an tsraith 'Féilte' agus bhí sé mar láithreoir ar an chlár Cleamhnas[10] Bhí Cleamhnas mar sheó inar chuaigh rannpháirtí ar coinne chéadaithne lena chéile. Bhí Dáithí páirteach sa chlár ar feadh sraith amháin (13 clár).Lean Dáithí ar aghaidh ag obair le TG4 agus ag léiriú don stáisiúin ar roinnt clár cosúil le 'Coinne Le' seó cainte a raibh ar siúl oíche Sathairn de ghnáth. I rith na mblianta seo freisin rinne sé tuairisciú ar Rásaí na Gaillimhe i gcomhair TG4 i 2004 agus 2005[4].

I 2006, thosaigh Dáithí ag obair ar an chlár Glór Tíre ar TG4. Bhí an clár seo mar chuid de theilifís réaltachta, sa seó bhíothas ag lorg an amhránaí is fearr sa seánra ceol tuaithe.[11] Thosaigh an clár seo a chraoladh don chead uair i 2003.

Bhí an-ráchairt ar 'Dáithí ar Route 66' a craoladh ar TG4 i 2007.

Anuas ar a chuid oibre ar TG4, thosaigh Dáithí Ó Sé ag teacht ar an bhfód ar RTÉ. I 2006, bhí sé mar iomaitheoir ar an chlár 'You're A Star' a raibh curtha ar siúl le haghaidh airgead a bhailiú ar son catharnachta. Roghnaigh Ó Sé an catharnacht 'Make a Wish'. I 2007, bhí Dáithí ar ais ar RTÉ mar iomaitheoir ar an chlár Celebrities Go Wild. Sa chlár seo bhí roinnt daoine cáiliúla i gConamara ag déanamh iarracht maireachtáil faoin tuath. Bhí ochtar páirteach ann, bhí Michelle de Bruin agus Micheal Healy Rae páirteach sa chlár chomh maith[12]. I Meán Fómhair 2007, bhí Dáithí curtha as an chomórtas toisc nár fhuair sé go leor vótaí ón phobal[13].

Tar éis na heachtraí seo ar RTÉ, bhí níos mó clú agus cáil ar Dáithí agus tháinig níos mó deiseanna chun tosaigh dó. Aithníonn Dáithí go raibh TG4 mar cloch chora dó i dtaobh feabhas a chur ar a gharim sa mheáin. Thug TG4 roinnt taithí iontach dó agus tá sé an-bhuíoch as an staisiuin as sin[14]. Thug TG4 an deis do Dáithí roinnt taistil a deanamh chomh maith, bhí sé mar láithreoir ar an chlár Route 66 le Dáithí, bhí seo curtha i bhfeidhm i 2007, tar éis Celebrities go Wild agus d'imigh sé ar turas tríd na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thosaigh sé i Chicago agus thiomáin é féin agus an fhoireann a bhí leis go dtí California. Dar le Dáithí tá sé mar ceann de na rudaí is fearr a dhearna sé riamh[15]. Tar éis Dáithí ar Route 66, i 2008, tháinig Dáithí ar Highway 61 amach. Sa chlár seo chuir sé agallamh ar daoine cosúil le Buddy Guy, Chuck Berry, Persey Sledge, Ben E. King agus Paul Simon. Deirtear go bhfuil 'Highway 61' mar an mórbhealach de ceol 'blues'.

Tháinig an-ráth leis na sraitheanna sa Mheiricea agus i 2009 craoladh an chlár 'Dáithí ar toir' agus sa chlár seo bhí Ó Sé ag leanúint na saol de amhranaí a bhfuil clú agus cáil orthu i gcomhair a cheol tíre cosúil le Dolly Parton agus Johnny Cash. Bhí an seans aige agallamh a cruthú le na realtaí Kenny Rodgers agus Merle Haggard[4]. D'eirigh leis an clár seo cosúil le Dáithí ar Route 66 agus Dáithí ar Highway 61. Lean Dáithí ar aghaidh i 2009 le RTÉ agus bhí sé mar mholtóir ar an All-Ireland Talent Show'. [16] Bhí Dáithí go mór i mbéal an phobáil nuair a thosaigh sé mar láithreoir ag an Rose of Tralee.

Dáithí Ó Sé agus an Rose of Tralee

Tá Dáithí mar óstach ar an chomórtas ó 2010.

Bhí Dáithí an-pháirteach sa gcomórtas bliaintiúil i dTrá Lí fíu roimh a bhí sé mar láithreoir ar. Bhí sé mar chuid den phainéal moltóireachta i gcomhair an féile réigiúnach den Rose of Tralee i 2005 agus 2006. I 2008, bhí sé mar chathaoirleach i gcomhair an phainéal moltóireachta don cheiliúradh caoga bhliain den Rose of Tralee idirnáisiúnta. I 2010, fógraíodh go mbeidh Dáithí Ó Sé mar an óstach i gcomhair an chomórtas Rose of Tralee agus thosaigh Dáithí an bhliain sin [17]. Bhí Dáithí mar an chéad fear ó Chiarraí chun a bheith mar láithreoir ar an chomórtas. Bhí Ray D'arcy mar óstach ar an chomórtas roimh Dáithí idir a 2004 agus a 2009. De gnáth bíonn ar Dáithí an chomórtas a cosaint mar bíonn tuairimí conspóideach ag an phobal faoin féile agus ceaptar go bhfuil sé mar rud seanfhaiseanta, ach de réir Dáithí tá sé forásach [18]. Dar le Dáithí bíonn a lán pleanáil curtha isteach roimh an chomórtas agus bíonn sé ag tnúth le buaileadh lena mná sa chomórtas[19].

Dáithí Ó Sé agus an 'Today Show' ar RTÉ

Bhóg Dáithí ó TG4 go dtí RTÉ i 2010. I 2012, bhí sé curtha mar láithreoir ar an clár laethúil Today le Maura agus Dáithí[20]. Tá an clár fós a rith go dtí an lá atá inniu ann. Bíonn sé ar siúl ag 3:30 san iarnóin ón Luan go hAoine ar RTÉ1. Craoltar an clár ó gcontae Corcaigh[21]. Tá rath leanúnach ag bhaint leis an clár seo i gcomhair Dáithí toisc go bhfuil sé a craoladh go leanúnach ó 2012. Tá Maura Derrane mar comhláithreoir leis. Bíonn aíonna ar an clár agus de ghnáth bíonn cúrsaí nós maireachtála a phlé ar an chlár.

Dáithí agus an Ghaeilge

I dtaobh an Ghaeilge de, tá Dáithí mar pearsa mór i bpobal na Gaeilge. Cinnte, tá seo le fheiscint tríd a ghairm i TG4 agus i 2018, thosaigh sé ag léiriú seó cainte Seal le Dáithí. Labhraíonn Dáithí amach faoin Gaeilge de ghnáth. I 2013, aontaigh sé le bean a raibh curtha amach as tacsaí san Albain tar eís í a bheith ag labhairt as Gaeilge lena chol ceathar nuair a bhí sí i suíochán cúil den charr. Dúirt sé go raibh lán ceart ag na mná Gaeilge a labhairt nuair a bhí siad i measc an tiománaí tacsaí. Dúirt sé go raibh an tiománaí aineolach agus dúirt sé go mbíonn se go minic ag labhairt as Gaeilge ní amhain sa bhaile ach i dtíortha eile[22]. Tá Dáithí ag iarraidh an teanga a spregadh, tá sé ag labhairt na Gaeilge ó a rugadh é. Cuireann sé béim ar an gá le labhairt na Gaeilge agus níl mórán úsáid as ag scríobh agus ag foghlaim filíochta amháin mar a deantar ar scoil, aontaíonn sé go bhfuil sé go hálainn ach go realaíoch ní chuidíonn sé leis an teanga labhartha. Creideann sé gur chóir an bealtriail amháin a úsáid mar an t-aon scrúdu Gaeilge i gcomhair an Ardteist [23].

Gheall Dáithí i 2013, go bhfoilsíodh sé abhar go rialta san irisleabhar Foinse[24]. Tá roinnt obair deanta ag Dáithí chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá sé sóiléir go bhfuil grá ollmhór ag Dáithí i gcomhair an teanga.

Saol pearsanta

Tá cónaí ar Dáithí i nGaillimh faoi láthair [25]. Phós sé a bheanchéile Rita Talty sa Daingean i 2012. Bhuail an bheirt lena chéile i 2008 i dTrá Lí, nuair a bhí Rita mar an 'Rose' i gcomhair New Jersey, bhí guna dearg a caitheamh aici nuair a chonaic Dáithí í do chead uair[26]. Bhí an bheirt mar chairde roimh ar feadh tamaill roimh a bhí siad ag dul amach lena chéile. Dúirt Dáithí nar riamh shiúl sé amach le cailín ón chomórtas roimh Rita[27]. Tá mac amháin ag Dáithí agus Rita: Micheál Óg. Rugadh Micheál Óg ar Lá Fhéile Pádraig i 2012[28].

Taitníonn cócaireacht go mór le Dáithí, tá seo de bharr go mbíonn sé ag obair agus ag taisteal go minic mar sin ní bhíonn am aige a bhéilí féin a dheanamh agus bíonn air ithe amach go minic[29]. Bhí Dáithí ag póstáil oidis anuas ar suíomh RTÉ i gcomhair cácaí agus roinnt mias le iasc [30]

Tagairtí

  1. "The Today Show" (as en) (2017-10-18). 
  2. "Seal Le Dáithí, 7:30pm on TG4" (en). tv24.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-04.
  3. Maidhc Dainín Ó Sé (1995). "". A Thig Ná Tit Orm (Céad). 
  4. 4.0 4.1 4.2 daithiose.com (12/02/2020). "About Dáithí".
  5. "Irish language circus coming to Swords" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  6. Wednesday, July 31, 2013 (2013-07-31). "Dáithí recalls days as a circus ringmaster" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-12.
  7. "This Much I Know: Dáithí Ó Sé, broadcaster and television presenter" (en). www.irishexaminer.com (2019-12-02). Dáta rochtana: 2020-02-12.
  8. Dáithí Ó Sé (12/02/2020). "LinkedIn Dáithí Ó Sé". Dáta rochtana: 12/02/2020.
  9. "Irish Film and Television Awards". www.ifta.ie. Dáta rochtana: 2020-02-12.
  10. "The Kingdom: Mícheál goes by the book". web.archive.org (2012-04-26). Dáta rochtana: 2020-02-12.
  11. "Glór Tíre: Home - TG4 - Irish language television channel - Teilifís Gaeilge". web.archive.org (2014-11-04). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  12. Friday, October 26, 2007 (2007-10-26). "Tension mounts as Ó Sé walks" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  13. Friday, October 26, 2007 (2007-10-26). "Tension mounts as Ó Sé walks" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  14. "If it wasn't for TG4 | Maura & Dáithí" (as en) . 
  15. "Forget NYC and LA ... it’s all about Route 66" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  16. "All Ireland Talent Show judges revealed" (as en) (2008-11-13). 
  17. "Rose of Tralee 2010's most-watched show" (as en) (2010-08-26). 
  18. Ciara Phelan (2019-08-19). "Daithi O Se 'heartbroken' at leaving family behind to prep for Rose of Tralee". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  19. "Beo ar Éigean 89: Dáithí Ó Sé ar BAE" (as ga) (2019-07-25). 
  20. "RTE brings back familiar faces for new live show" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  21. "Today with Maura and Dáithí" (as en) (2019-09-13). 
  22. "RTE's Daithi O'Se jumps to the defence of an Irish tourist who alleges a Glasgow taxi driver refused to allow her friends speak Irish". www.gaelport.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  23. Ruth Devaney. "Dáithí Ó Sé Talks About How We Can Keep Speaking Our Irish Language". TodayFM. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  24. "New Irish language newspaper for students". www.gaelport.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  25. Mikie O'Loughlin (2019-08-29). "Who is Daithi O'Se? All you need to know about Rose of Tralee and RTE presenter". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  26. "'I knew if she gets the Rose, I can't marry her' - Dáithí Ó Sé on falling in love at first sight with wife Rita" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  27. "'I never asked out a Rose before Rita' - Dáithí Ó Sé reminisces about meeting his wife at the Rose of Tralee" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  28. Demelza De-Burca (2014-12-01). "RTE star Daithi O'Se says the birth of son Michael Og was the highlight of his year". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  29. "Dáithí Ó Sé" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  30. Daithí Ó Sé (2015-11-18). "Daithí Ó Sé" (en). RTE.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.