An difríocht idir athruithe ar: "Ollphéist"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Scoitheadh cuid den ábhar i rannóg nua, cuireadh roinnt ábhar leis
Cuireadh tuilleadh sonraí leis maille le pictiúr agus deisiú botún
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Maned sea serpent 1755.jpg|alt=Pictiúr d'arracht mar a bheadh nathair 50 troigh ar fad, ag snámh san fharraige in aice le long, agus báidín ag faire air|mion|Ollphéist nó nathair mhara]]
[[Íomhá:Maned sea serpent 1755.jpg|alt=Pictiúr d'arracht mar a bheadh nathair 50 troigh ar fad, ag snámh san fharraige in aice le long, agus báidín ag faire air|mion|Ollphéist nó nathair mhara]]


Is mar '''ollphéist''' a dhéantar tagairt do ghrúpa [[Arracht|arrachta]] i bhfinscéalta agus i m[[Béaloideas|béaloideas]] na nGael. 'Ollphiasta' a thugtar orthu [[Gaeilge na Mumhan|ó dheas]]. Is mar nathracha a dhéantar cur síos orthu go minic, agus iad millteach mór. Uaireanta bíonn sainchumhachtaí acu m.sh. bua na heitilte. I lochanna is mó a bhíonn siad ag cur fúthú agus, ní is annaimhe, in aibhneacha nó amuigh san aigéin mór.<ref>{{Luaigh foilseachán |author=Dáithí Ó hÓgáin|title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann |journal=Béaloideas |date=1983 |volume=51 |pages=Lch 87|url=http://www.jstor.org/stable/20522214 |publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>
Is mar '''ollphéist''' a dhéantar tagairt do ghrúpa [[Arracht|arrachta]] i bhfinscéalta agus i m[[Béaloideas|béaloideas]] na nGael. 'Ollphiasta' a thugtar orthu [[Gaeilge na Mumhan|ó dheas]]. Is mar nathracha a dhéantar cur síos orthu go minic, agus iad millteach mór. Uaireanta bíonn sainchumhachtaí acu m.sh. bua na heitilte nó na cainte. I lochanna is mó a bhíonn siad ag cur fúthú agus, ní is annaimhe, in aibhneacha nó amuigh san aigéin mór.<ref>{{Luaigh foilseachán |author=Dáithí Ó hÓgáin|title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann |journal=Béaloideas |date=1983 |volume=51 |pages=Lch 87|url=http://www.jstor.org/stable/20522214 |publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>


== Cur Síos ==
== Cur Síos ==
De réir tagairtí áirithe, bíonn siad chomh mór sin go "shughadh an ollphiast chúiche agus shéideadh uaithi crainn na coille trí n-a cuid sranntaraighe.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach|date=1942|url=https://web.archive.org/web/20190813175158/https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2016/06/8fddae92ae307b022d964ebe73d45df6.pdf|title=Croidhe Cainnte Chiarraighe|journal=|volume=|issue=|pages=Lch 3586, s.v. 'sughaim'}}</ref> Sa scéal Gaelach is ársa (b'fhéidir) faoi dhuine ag cloí ollphéiste, .i. [[Echtra Fergusa maic Léti|Eachtra Fhearghasa Mhic Léite]], deirtear go mbíonn a phéist uisce (nó 'mirdris') "á méadú agus á laghdú féin ar nós bhoilg ghabha".<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Dáithí Ó hÓgáin|title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann|journal=Béaloideas|date=1983|volume=51|pages=Lch 90|url=http://www.jstor.org/stable/20522214|publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>
De réir tagairtí áirithe, bíonn siad chomh mór sin go <q>shughadh an ollphiast chúiche agus shéideadh uaithi crainn na coille trí n-a cuid sranntaraighe</q>.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach|date=1942|url=https://web.archive.org/web/20190813175158/https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2016/06/8fddae92ae307b022d964ebe73d45df6.pdf|title=Croidhe Cainnte Chiarraighe|journal=|volume=|issue=|pages=Lch 3586, s.v. 'sughaim'}}</ref> Sa scéal is ársa, b'fhéidir, faoi laoch Gaelach ag cloí ollphéiste, .i. [[Echtra Fergusa maic Léti|Eachtra Fhearghasa mhic Léite]], deirtear go mbíonn an phéist uisce (nó 'mirdris') <q>á méadú agus á laghdú féin ar nós bhoilg ghabha</q>.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Dáithí Ó hÓgáin|title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann|journal=Béaloideas|date=1983|volume=51|pages=Lch 90|url=http://www.jstor.org/stable/20522214|publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>


I leagan déanach de scéal [[Loch Dearg|Locha Dearg]], ní hamháin go bhfuil an ollphéist (ar a bhaistiú "an Chaol" san insint seo) in ann loch iomlán a chur trí chéile, agus in ann eitilt go hárd sa spéir,<ref>"tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaibh tascacha; agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte ionnas nár bh'fhéidir d'aon [a fhaicsin] cár ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir." (lúibíní sa téacs clóite)<br />{{Luaigh foilseachán|author=An tAthair Pádraig Ua Duinnín|date=1917|url=https://archive.org/details/meguidhirfhearma00dinn/page/n7/mode/2up|title=Me Guidhir Fhearmanach|journal=|volume=|issue=|Eagarthóir=|pages=lch 24|publisher=Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge|location=Baile Átha Cliath}}</ref> ach is féidir léi méid mór d'ábhar éigin a theilgean as a béal amach mar "mar chith gainnmhidhe cloichshneachta" freisin.<ref>"Annsoin do oscuil a craosbheol agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith gainnmhidhe [nó] cloichshneachta agus go formhórach fa shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste;" (lúibíní sa téacs clóite)<br />{{Luaigh foilseachán|author=An tAthair Pádraig Ua Duinnín|date=1917|url=https://archive.org/details/meguidhirfhearma00dinn/page/n7/mode/2up|title=Me Guidhir Fhearmanach|journal=|volume=|issue=|Eagarthóir=|pages=lch 24-25|publisher=Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge|location=Baile Átha Cliath}}</ref> Sa leagan céanna, luaitear an Chaol mar 'phéist', mar 'fheithide', mar 'iolphéist, agus mar 'nathair neimhe'.
I leagan déanach de scéal [[Loch Dearg]], ní hamháin go bhfuil an ollphéist (ar a bhaistiú "an Chaol" san insint seo) in ann loch iomlán a chur trí chéile lena himeacht, agus in ann eitilt go hárd sa spéir,<ref><q>tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaibh tascacha; agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte ionnas nár bh'fhéidir d'aon [a fhaicsin] cár ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir.<\q> (lúibíní sa téacs clóite)<br />{{Luaigh foilseachán|author=An tAthair Pádraig Ua Duinnín|date=1917|url=https://archive.org/details/meguidhirfhearma00dinn/page/n7/mode/2up|title=Me Guidhir Fhearmanach|journal=|volume=|issue=|Eagarthóir=|pages=lch 24|publisher=Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge|location=Baile Átha Cliath}}</ref> ach is féidir léi méid mór d'ábhar éigin a theilgean as a béal amach <q>mar chith gainnmhidhe cloichshneachta</q> freisin.<ref><q>Annsoin do oscuil a craosbheol agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith gainnmhidhe [nó] cloichshneachta agus go formhórach fa shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste;</q> (lúibíní sa téacs clóite)<br />{{Luaigh foilseachán|author=An tAthair Pádraig Ua Duinnín|date=1917|url=https://archive.org/details/meguidhirfhearma00dinn/page/n7/mode/2up|title=Me Guidhir Fhearmanach|journal=|volume=|issue=|Eagarthóir=|pages=lch 24-25|publisher=Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge|location=Baile Átha Cliath}}</ref> Sa leagan seo, luaitear an Chaol mar 'phéist', mar 'fheithide', mar 'iolphéist', agus mar 'nathair neimhe'.


Uaireanta, is mar 'phéist' a dhéantar cur síos ar [[Onchú|onchoin]].<ref>{{Luaigh foilseachán|author=N. J. A. Williams|title=Of Beasts and Banners the Origin of the Heraldic Enfield|journal=The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland|date=1989|volume=119|pages=Lch 73-5|url=https://www.jstor.org/stable/25508971|publisher=Royal Society of Antiquaries of Ireland|language=Béarla}}</ref> Mar sin, tá seans gur onchú in ainmhéid a bhíodh i gceist le hollphéist.
Uaireanta, is mar 'phéist' a dhéantar cur síos ar [[Onchú|onchoin]].<ref>{{Luaigh foilseachán|author=N. J. A. Williams|title=Of Beasts and Banners the Origin of the Heraldic Enfield|journal=The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland|date=1989|volume=119|pages=Lch 73-5|url=https://www.jstor.org/stable/25508971|publisher=Royal Society of Antiquaries of Ireland|language=Béarla}}</ref> Mar sin, tá seans nach mbíodh de dhifir idir onchú agus ollphéist ach a dtomhas.


==Finscéalta==
==Finscéalta==


Is iomaí scéal mar a bhíonn [[Fionn mac Cumhaill|Fionn Mac Cumhaill]] nó laoch nó naomh eile i gcomhrac le hollphéist. Sampla tábhachtach is ea an [[Laoi|laoi]] [[Seilg Sléibhe Truim]], mar a bhfuil liosta fada de lochanna, aibhneacha agus gleannta a bhí torathar á áitreamh.<ref name=":0">{{Luaigh foilseachán |author=Dáithí Ó hÓgáin |title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann |journal=Béaloideas |date=1983 |volume=51 |pages=Lch 87-88 |url=http://www.jstor.org/stable/20522214 |publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>
Is iomaí scéal mar a bhíonn [[Fionn mac Cumhaill]] nó laoch nó naomh eile i gcomhrac le hollphéist. Sampla tábhachtach is ea an [[Laoi|laoi]] [[Seilg Sléibhe Truim]], mar a bhfuil liosta fada de lochanna, aibhneacha agus gleannta a bhí torathar á áitreamh.<ref name=":0">{{Luaigh foilseachán |author=Dáithí Ó hÓgáin |title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann |journal=Béaloideas |date=1983 |volume=51 |pages=Lch 87-88 |url=http://www.jstor.org/stable/20522214 |publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>


In imeacht na haimsire, cuireadh pearsana nua i gcuid de na scéalta—in áit laoich de [[Miotaseolaíocht na nGael|mhiotas na nGael]], tháinig naomh críostaíoch (m.sh. [[Naomh Pádraig]]).<ref>{{Luaigh foilseachán |author=Dáithí Ó hÓgáin|title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann |journal=Béaloideas |date=1983 |volume=51 |pages=Lch 87|url=http://www.jstor.org/stable/20522214 |publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>
Dar le [[Dáithí Ó hÓgáin]], b'ionann fadó ainsprideanna, plánna agus péisteanna ó thaobh feidhme de, sa chiall is gur dhualgas do laochra iad a chur faoi chos. Bhí sé den tuairim gur ó scéal a dhíothaithe na nollphéisteanna a tháinig an scéal níos déanaí gurb é [[Naomh Pádraig|Naobh Pádraig]] a dhíbir na nathracha ó Éirinn.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Dáithí Ó hÓgáin|title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann|journal=Béaloideas|date=1983|volume=51|pages=Lch 93-6|url=http://www.jstor.org/stable/20522214|publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society|issue=}}</ref>


[[Íomhá:Lough derg november.jpg|alt=Radharc ar loch mín dorcha|mion|[[Loch Dearg]], mar a raibh ollphéist fadó]]
[[Íomhá:Lough derg november.jpg|alt=Radharc ar loch mín dorcha|mion|[[Loch Dearg]], a bhí dath na fola air ar feadh trí lá ⁊ mí ⁊ bliain i ndiaidh do na Fianna ollphéist a mharú ann]]


===Ollphéisteanna Mór le Rá===
===Ollphéisteanna Mór le Rá===
Líne 31: Líne 31:
*[[Seilg Sléibhe Truim]] (15ú Céad)
*[[Seilg Sléibhe Truim]] (15ú Céad)
*[[Seilg Locha Deirg]] (16ú Céad)
*[[Seilg Locha Deirg]] (16ú Céad)

==Tionchar==
[[Íomhá:Lough Muskry - geograph.org.uk - 833518.jpg|alt=Scata daoine ag ligint a scíth ar thaobh locha ar lá breá|mion|Turasóirí i mbaol a mbáis sna [[Na Gaibhlte|Gaibhlte]]?]]
Bhí an oiread fhaitís ag daoine roimh na harrachtaí seo, nuair a bhí scéim uisce a bhí beartaithe do [[Tiobraid Árann (baile)|Bhaile Thiobraid Árainn]] sa [[19ú haois|naoú haois déag]] a bhainfeadh uisce d'Ard-Loch, áit a bhí ollphéist in ainm is a bheith ann, gur chuir daoine i gcoinne an scéim ar eagla go dtiocfadh an ollphéist isteach sna píobaí.<ref>{{Luaigh foilseachán |author=Dáithí Ó hÓgáin |title='Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann |journal=Béaloideas |date=1983 |volume=51 |pages=Lch 97 |url=http://www.jstor.org/stable/20522214 |publisher=An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society}}</ref>


==Féach Freisin==
==Féach Freisin==

* [[Onchú]]
* [[Dobharchú (osnádúrtha)|Dobharchú]]
*[[Onchú]]
*[[Dobharchú (osnádúrtha)|Dobharchú]]
* [[Each Uisce]]
*[[Each Uisce]]
* [[Niseag|Ollphéist Loch Nis]]
*[[Niseag|Ollphéist Loch Nis]]
*[[:Catagóir:Áitribh Arrachtaí|Áitribh Arrachtaí]]


==Tagairtí==
==Tagairtí==
Líne 43: Líne 49:
[[Catagóir:Arrachtaí]]
[[Catagóir:Arrachtaí]]
[[Catagóir:Miotaseolaíocht na nGael]]
[[Catagóir:Miotaseolaíocht na nGael]]
[[Catagóir:Béaloideas]]
[[Catagóir:Béaloideas na hÉireann]]
[[Catagóir:Béaloideas na hÉireann]]

Leagan ó 05:34, 9 Feabhra 2020

Pictiúr d'arracht mar a bheadh nathair 50 troigh ar fad, ag snámh san fharraige in aice le long, agus báidín ag faire air
Ollphéist nó nathair mhara

Is mar ollphéist a dhéantar tagairt do ghrúpa arrachta i bhfinscéalta agus i mbéaloideas na nGael. 'Ollphiasta' a thugtar orthu ó dheas. Is mar nathracha a dhéantar cur síos orthu go minic, agus iad millteach mór. Uaireanta bíonn sainchumhachtaí acu m.sh. bua na heitilte nó na cainte. I lochanna is mó a bhíonn siad ag cur fúthú agus, ní is annaimhe, in aibhneacha nó amuigh san aigéin mór.[1]

Cur Síos

De réir tagairtí áirithe, bíonn siad chomh mór sin go shughadh an ollphiast chúiche agus shéideadh uaithi crainn na coille trí n-a cuid sranntaraighe.[2] Sa scéal is ársa, b'fhéidir, faoi laoch Gaelach ag cloí ollphéiste, .i. Eachtra Fhearghasa mhic Léite, deirtear go mbíonn an phéist uisce (nó 'mirdris') á méadú agus á laghdú féin ar nós bhoilg ghabha.[3]

I leagan déanach de scéal Loch Dearg, ní hamháin go bhfuil an ollphéist (ar a bhaistiú "an Chaol" san insint seo) in ann loch iomlán a chur trí chéile lena himeacht, agus in ann eitilt go hárd sa spéir,[4] ach is féidir léi méid mór d'ábhar éigin a theilgean as a béal amach mar chith gainnmhidhe cloichshneachta freisin.[5] Sa leagan seo, luaitear an Chaol mar 'phéist', mar 'fheithide', mar 'iolphéist', agus mar 'nathair neimhe'.

Uaireanta, is mar 'phéist' a dhéantar cur síos ar onchoin.[6] Mar sin, tá seans nach mbíodh de dhifir idir onchú agus ollphéist ach a dtomhas.

Finscéalta

Is iomaí scéal mar a bhíonn Fionn mac Cumhaill nó laoch nó naomh eile i gcomhrac le hollphéist. Sampla tábhachtach is ea an laoi Seilg Sléibhe Truim, mar a bhfuil liosta fada de lochanna, aibhneacha agus gleannta a bhí torathar á áitreamh.[7]

Dar le Dáithí Ó hÓgáin, b'ionann fadó ainsprideanna, plánna agus péisteanna ó thaobh feidhme de, sa chiall is gur dhualgas do laochra iad a chur faoi chos. Bhí sé den tuairim gur ó scéal a dhíothaithe na nollphéisteanna a tháinig an scéal níos déanaí gurb é Naobh Pádraig a dhíbir na nathracha ó Éirinn.[8]

Radharc ar loch mín dorcha
Loch Dearg, a bhí dath na fola air ar feadh trí lá ⁊ mí ⁊ bliain i ndiaidh do na Fianna ollphéist a mharú ann

Ollphéisteanna Mór le Rá

Buntéacsanna

Ní liosta críochnúil é seo a leannas.

Tionchar

Scata daoine ag ligint a scíth ar thaobh locha ar lá breá
Turasóirí i mbaol a mbáis sna Gaibhlte?

Bhí an oiread fhaitís ag daoine roimh na harrachtaí seo, nuair a bhí scéim uisce a bhí beartaithe do Bhaile Thiobraid Árainn sa naoú haois déag a bhainfeadh uisce d'Ard-Loch, áit a bhí ollphéist in ainm is a bheith ann, gur chuir daoine i gcoinne an scéim ar eagla go dtiocfadh an ollphéist isteach sna píobaí.[10]

Féach Freisin

Tagairtí

  1. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  2. Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe": Lch 3586, s.v. 'sughaim'. 
  3. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 90. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  4. tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaibh tascacha; agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte ionnas nár bh'fhéidir d'aon [a fhaicsin] cár ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir.<\q> (lúibíní sa téacs clóite)
    An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge. 
  5. Annsoin do oscuil a craosbheol agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith gainnmhidhe [nó] cloichshneachta agus go formhórach fa shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste; (lúibíní sa téacs clóite)
    An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24-25. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge. 
  6. N. J. A. Williams (1989). "Of Beasts and Banners the Origin of the Heraldic Enfield" (as Béarla). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 119: Lch 73-5. Royal Society of Antiquaries of Ireland. 
  7. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87-88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  8. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 93-6. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  9. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  10. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 97. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.